Pota Focal Intergaelic
ait | áit | hit | it | tit
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá mé ar an dé deiridh agat I'm at the end of my wits with you
" "Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat.
dúramáin dull-witted person
" Is féidir gach rud idir cúpla focal agus Gaeilge líofa bhlasta a chloisteáil uathu nuair a bhíonn tú dána agus nuair a úsáideann tú an abairt as Gaeilge "Ó, shíl mé go raibh Gaeilge ag gach Éireannach" agus cuma an dúramáin ort.
ag deireadh na péice at his wits' end
" Bhí sé ag deireadh na péice leis faoi seo.
bhómán slow-witted person
" Stad mé de nós na humhlaíochta nuair a tháinig fís chugam go raibh gach aon bhómán agus liúdramán amuigh beo ar an chomhréiteach shochrach shóúil, gur lig siad d'fhorógra a bpáirtí a gcuid smaointe a mhúnlú.
bhómán slow-witted people
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
ghéarchúiseach keen-witted, astute
" Bhí a fhios agam sular bhuail mé léi ar chor ar bith gur bean chumasach, ghéarchúiseach a bhí inti, agus nach raibh mórán foighde aici le hamaidí de chineál ar bith.
bómánta slow of perception, slow-witted
" Thosaigh sé ag magadh fúm, ag rá go raibh mé mall agus bómánta mar gur thóg sé tamall orm gearán a dhéanamh.
bómánta slow-witted
" B'fhéidir nach raibh sé chomh bómánta agus a mheas sí.
a scanraigh tú as a gcraiceann that you scared out of their wits
" " "Tú féin atá faoi chois agat féin anois agus ní hiad na créatúir bhochta a scanraigh tú as a gcraiceann.
ag deireadh na péice at wits' end
" Tá ár gclár ama as a riocht glan anois agus inseoidh mé an fhírinne duit, tá ag muid ag deireadh na péice.
leathamadáin inteacht some half-wits
" Isteach leis sa bheár, agus iontas na n-iontas, ní raibh ach thart ar ocht míle go leith duine ann! Bhí spás trí troithe cearnach den urlár nach raibh duine ar bith ina sheasamh nó ina luí air! Níos amhrasaí fós, chonaic sé dhá thábla nach raibh leathamadáin inteacht in airde orthu, ag pocléimnigh thart ar nós tarbh ar dáir.
bhómáin slow-witted people
" Chuir sé síos ar roinnt de na YBAs (Young British Artists) mar bhómáin nach léann dadaí agus atá leamh mar dhaoine! Speisiúil go leor, bhí smaointe a bhí ag teacht le cuid Collings ag Jake Chapman, ealaíontóir atá, in éineacht lena dheartháir Dinos, san iomaíocht do Dhuais Turner.
do dheisbhéalachas your wit
" Ansin tosaíonn an tÍocharán ag caint) A Bhaloir, a iriseoir is ansa liom ar domhan, is mór an meas atá ag léitheoirí na cruinne ort féin agus ar do scríbhinní, ar do dheisbhéalachas agus ar do dhiongbháilteacht leis na ceisteanna crua; agus os rud é gur chuir tú an cheist chomh deaslabhartha agus chomh múinte sin, déanfaidh mé í a fhreagairt: na crúibíní! Sin freagra do cheiste! Ar mhaithe leis na crúibíní a tháinig mé anseo.
tá mé i mbarr mo chéille agat I'm at my wits end with you
" Cas anuas an fhuinneog sin agus cuir do shoc amach agus fiafraigh den bhean sin atá ag tarraingt orainn cá bhfuil an t-ionad siopadóireachta seo nó tá mé i mbarr mo chéille agat.
bhómánta slow-witted
" Ar seisean, tar éis babhta mionnaí móra a chur thairis, bhí a shlipéirí uilig dubh, ar seisean, "Tá's a'm fir gheala bhómánta a cheannós a leithéid.
sna creataí at our wits' end
" "Nach iomaí Nollag a bhí mé féin agus Laoise sna creataí ag dul ó shiopa go siopa ar thóir na seoide ba dheireanaí a bhí uathu.
bómáin slow-witted people
leathamadán half-wit
" Ní féidir le fear meánaosta a bheith ina laoch, gan a bheith ina leathamadán freisin.
ródhúramánta, too dull-witted,
" Bhí muintir na Jailtachta ró-éigrinn duit agus bhí May Mac Ránais róghéar agus ródhúramánta, dar leat.
dhúramáin dull-witted person
" Ian: Amharc ar mo ghnúis, a dhallaráin! Ní gá duit ach amharc orm, a dhúramáin.
bómánta thick, dull witted
" Tá mé róshean agus tá brachán déanta agam de m’intinn le fiche bliain! Ansin tá an GPA rud seo acu! Sin marc a thig leat a fháil ó neamhní go ceathair, áit a seasann ‘neamhní’ do ‘bómánta’, agus ‘a ceathair’ do ‘Stephen Hawking’.
dúramán dull wit
" Dar leis go bhfuil tuigbheáil mhaith aige do na bronntanais Nollag is fearr a dhéanfadh leas daoine: D’Íosa Mhic Giolla Mháire thabharfainn múinteoir úr Gaeilge, nó cibé dúramán atá aici cheana féin tá sé nó sí ag cur chuma na fusachta ar an jab, agus ní maith le múinteoirí cuma na fusachta a bheith ar rud ar bith a bhaineann leo.
dallintinneacha slow witted
" Shíl tú go raibh mé chun scian a rá ansin, a Bhaloir, ach tá mé i bhfad róchliste chun a leithéid a chur ar taifead, fiú do léitheoirí dúra dallintinneacha Beo Ar Éigean!” Ach tá dea-scéala agam daoibh, a léitheoirí dílse: sular imigh An Gunnadóir O Dea, d’fhág sé amhrán beag deas le huacht againn, mar fheartlaoi le nach ligfear Laoch Luimnigh i ndearmad – cibé rud eile a ndéanfar dearmad air.
bhí gan steamar céille hadn't an ounce of wit
" Ba iad an dáréag a bhí gan steamar céille, dar leis an slua amuigh, an dream beag sin a d'fhan faoi iamh is nár sheas amach riamh faoin mbáisteach.
mar aon le greann tobann na tuaithe as well as the quick rural wit
" Is iomaí gné sa dráma seo a dhéanann nasc daingean idir na haisteoirí agus an lucht féachana: fiacha an dráma féin do thraidisiún scéalaíochta a ritheann ó William Carleton go Séamus Ó Duilearga, an bhéim ghrámhar a chuirtear ar chairdeas leochaileach na bhfear, mar aon le greann tobann na tuaithe.