Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat it's better to win over half a dozen
" Ná má tá tú i gcónaí anuas ar dhaoine, tiompóidh siad i d'éadán agus is fearr duit leathdosaen a mhealladh leat nó dosaen a thiompó i d'éadan.
a mhealladh to win over
" Tá éirithe leis lucht féachana mór a mhealladh, agus is éacht é go bhfuil sé inmharthana.
cumainn na múinteoirí a mhealladh léi to win over the teachers' organisations
" Éirithe go maith léi cumainn na múinteoirí a mhealladh léi.
mhealladh of winning (people) over
" Tá traidisiún aige chomh maith pobal a mhealladh isteach nach bhfuil sé de nós acu ’ul chuig an amharclann.
mheallann wins over
" Lucy Maud Montgomery a chruthaigh an dílleachta neamhbhalbh seo a mheallann go leor turasóirí chun na háite ag cur an turasóireacht ag an tionscal is mó atá acu – feirmeoireacht ag uimhir a dó agus iascaireacht ina dhiaidh sin.
mheall won over
" Cad é a bhí maith faoi mar sin? Cad é mheall na moltóirí? Cad a rinne sé gur éirigh leis dul i bhfeidhm chomh mór sin ar dhaoine? Is é an dóigh gur chruthaigh sé saothar a bhí fíorálainn.
mhealladh win over
" Beidh na cneámhairí a tháinig isteach sa pháirtí faoi Ahern imithe agus seans maith go n-aimseoidh Fianna Fáil idéalachas nua ar chlé, le gnáthmhuintir na hÉireann a mhealladh chun muinín a chur iontu arís.
mheall an aeráid the weather won (me) over
" Is cinnte gur mheall an aeráid ansin mé.
mhealladh to win over
" Nuair a theip ar aon pháirtí mór tromlach glan a bhaint amach san olltoghchán anuraidh, b’éigean do Pháirtí an Lucht Oibre idirbheartú le triúr feisirí neamhspleácha lena dtacaíocht a mhealladh.
mhealladh win over
" in ann vótaí a mhealladh ó dhaoine nach raibh meas mada acu ar a pháirtí, de bharr an íomhá a chothaigh sé go cúramach: an intleachtóir ag troid ar son an ghnáthdhuine agus ag labhairt amach in aghaidh na héagóra, bíodh sé sa mbaile nó thar lear.
mórán a mhealladh winning many over
" Níl ag éirí leo mórán a mhealladh le dul ar na léirsithe a eagraítear taobh amuigh de Theach Laighin.
tacaíocht a mhealladh won over support
" D’éirigh léi tacaíocht a mhealladh ó cheathrar de na trasbhinseoirí, an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais ina measc.
a mhealladh to win over
" Beidh feachtas olltoghcháin ar siúl níos déanaí i mbliana agus beidh na páirtithe móra ag déanamh a seacht ndícheall tacú ó na luasc-vótóirí sna toghcheantair imeallacha a mhealladh.
daoine a mhealladh to win people over
" I gcás ‘An Bród Club’, daoine a mhealladh leis an méid Gaeilge atá acu a úsáid an aidhm agus na próisis ná casadh ar dhaoine agus a thaispeáint dóibh go raibh mé féin sásta an iarracht a dhéanamh an teanga a fhoghlaim agus gur thosaigh mé amach ag leibhéal an-íseal.
céard fúthu siúd a mhealladh what about winning them over
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
meallta isteach won over
" Beidh a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht meallta isteach ag cultúr na tíre anois, agus an cultúr sin in ann dul i bhfeidhm orthu ar bhealach úrnua.
lucht féachana agus éisteachta a mhealladh in winning over viewers and listeners
" Is léir nach bhfuil ag éirí mórán níos fearr leis na meáin chraolta Gaeilge lucht féachana agus éisteachta a mhealladh.
cuid den domhan a mhealladh won over some of the world
" Tá Adele i ndiaidh cuid den domhan a mhealladh lena cumas agus lena ceol draíochtúil.
mhealladh in athuair win over again
" Ach cruthaímid an domhan go húrnua gach aon lá, agus más ea, is féidir leis an gcomhlacht seanda seo meas an phobail dhúchasaigh agus idirnáisiúnta a mhealladh in athuair trí obair fhiúntach.
meallfaí lucht féachana breise extra spectators would be won over
" Is é ábhar maíte an CLG faoin socrú seo go mbeidh ar chumas mhuintir na hÉireann i gcéin, go háirithe sa Bhreatain agus san Astráil, na cluichí úd a fheiceáil ‘beo’ (má tá siad sásta an táille chuí a íoc le Sky dar ndóigh) agus go mb’fhéidir go bhfeicfidh daoine eile sna tíortha sin cluichí na nGael á n-imirt agus go meallfaí lucht féachana breise i measc mhuintir na dtíortha úd.
deacair gan a bheith meallta ag difficult not to be won over by
" Ag siúl thart ar Dhánlann Náisiúnta na hÉireann, tá sé deacair gan a bheith meallta ag pictiúr áirithe amháin a léiríonn bean uasal ina suí i stúideó scáthach ard in éineacht le hógbhean agus páiste.