Pota Focal Intergaelic
aife | fife | ife | life | rife
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Gortaíodh a bhean his wife was injured
" Gortaíodh a bhean i dtimpiste san áit oibre ag an am, rud a chiallaigh nach bhféadfadh sí dul ar ais ag obair, agus ba bheag seans go n-éireodh leis féin post lánaimseartha a fháil.
a bhean ghrámhar his loving wife
" D'fhanamar i dTigh na nDonnabhánach i New Hyde Park ar Long Island ar feadh cúpla lá agus chuir Barra, a bhean ghrámhar Delia agus a mbeirt chlainne, Breandán agus Máire, cóir iontach orainn.
i gcomhluadar mo mhná in the company of my wife
" "Bhí mé in ann a bheith i gcomhluadar mo mhná agus mo pháistí go minic agus fiú seal a chaitheamh ag imirt gailf nó ag iascaireacht.
dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin like his future wife
" Bhí athair Buckley ag obair do chomhlacht soláthraithe leictreachais in Éirinn, ach, dala na mná a phósfadh sé ina dhiaidh sin, Alice Devlin, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe chun saol níos fearr a bheith aige.
a iarbhean chéile his former wife
" Bhí a iarbhean chéile ag fáil bháis den ailse nuair a d'fhill sé agus deir sé go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm, "go leibhéal tubaisteach", ar gach duine.
a d’imreodh feall ar a bhean who would cheat on his wife
" Dúradh i gcás Bill Clinton, mar shampla, go mbeadh an té a d’imreodh feall ar a bhean sásta feall a imirt ar a thír chomh maith céanna! Bhíodh dearcadh ceartaiseach againne sa tír seo faoi scéalta dá gcineál.
iar-bhean chéile ex-wife
" Glacadh pictiúirí de Liz O’Donnell, Mary Hanafin agus de Bertie Ahern féin ina gculaith snámha agus bíonn scéalta rialta faoin chaidreamh a bhí nó atá ag an Taoiseach lena iar-bhean chéile, lena iar-pháirtí agus lena pháirtí úr.
Dílseacht a mhná fadfhulangaí the loyalty of his long-suffering wife
" Dílseacht a mhná fadfhulangaí.
thart ar mhuirín is ar bhean around a family and wife
" Má tá sé doiligh crios a theannadh thart ar aon bhaitsiléir bocht amháin Thógfadh sé crios mór ceart le fáisceadh thart ar mhuirín is ar bhean.
nuair a ghríosaigh bean Sean Doherty a fear when Sean Doherty's wife encouraged her husband
" Eite nua I 1992, trí bliana déag tar éis ar luíodh isteach ar dhroim an Loingsigh leis an mbata a mhúnlaigh Haughey dó, tháinig eite “Country and Western” Fhianna Fáil, fá shirriamacht Albert Reynolds, chun cumhachta nuair a ghríosaigh bean Sean Doherty a fear chun an fhírinne d’insint.
go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin that he had lost his wife the previous year
" “Fuair mé glao tamall ina dhiaidh sin ó fhear a mhínigh dom gurbh é a sheanathair marbh an seanduine cráite agus, nuair a chonaic mise é, go raibh sé i ndiaidh a bhean chéile a chailleadh bliain roimhe sin agus gurbh éigean dó bogadh isteach in áras seandaoine i mBré.
bean an-tuisceanach a very understanding wife
" Is dóigh go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil bean an-tuisceanach agam, agus chomh maith leis sin, go bhfuil beirt mhac agam a bhfuil suim acu sa rud atá muid a dhéanamh.
nuair a sceith iarbhean Drewe, when Drewe's ex-wife leaked
" Deireadh an bhóthairTháinig deireadh leis an saol bréige seo nuair a sceith iarbhean Drewe, Bat-Sheva Goudsmid, a rún.
dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush his wife refused to meet Bush
" Tháinig Uachtarán na Fraince ar cuairt, ach dhiúltaigh a bhean bualadh le Bush agus chuaigh sí ag siopadóireacht ina áit sin.
bean chéile fir chonspóidigh. the wife of a controversial man.
" Ní fhágann sin ach Clinton mar iarrthóir, dáiríre, rud a chuirfidh áthas ar Phoblachtánaigh, a cheapann (agus an ceart acu, b'fhéidir) nach bhfuil Meiriceá réidh go fóill d'iarrthóir mná, go háirithe bean chéile fir chonspóidigh.
an tslí ar thréig sé a bhean agus a cheathrar páistí the way he deserted his wife and four children
" Tá cur síos áirithe ann ar bhriseadh phósadh Sheosaimh agus ar an tslí ar thréig sé a bhean agus a cheathrar páistí agus nár fhill sé, fiú i ndiaidh bhás a mhná céile, le haire a thabhairt dá chlann óg.
i dteannta a mhná áille, along with his lovely wife,
" Bhí cuireadh faighte aige seinnt ag an bhFéile Pan-Cheilteach i nDún na nGall agus i gClub an Chonartha, agus d’úsáid sé an turas le saoire bheag a ghlacadh i dteannta a mhná áille, Gwen.
ag cur faoi sa tSeapáin lena bhean, living in Japan with his wife
" Tá Lunny ag cur faoi sa tSeapáin lena bhean, an ceoltóir Hideko Itami, le roinnt blianta anuas.
bean an iar-uachtaráin wife of the ex-president
" Mura bhfuil ainmneacha na beirte seo cloiste agat go minic le bliain anuas, caithfidh go bhfuil tú bodhar: Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama, an seanadóir óg ó Chicago.
bhean wife
" D'fhágas slán ag na leads - bhíos ag taisteal go Londain le bualadh le mo bhean.
bhean chéile wife
" SMM: Ar airigh tú riamh gurbh é ‘An Caorthanach’ an t-ainm a bhí ar bhean chéile an diabhail? BNC: Mar sin é? Tá a fhios againn go dtagann go leor as sin mar sin.
bhás a mhná his wife's death
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
mná céile wives
" Is é mo bharúil féin go raibh cuid áirithe de mhuintir na tíre seo, is é sin mná céile go leor, breá sásta le toradh an chluiche, ach scéal eile é sin.
a bhean fhadfhulangach his long-suffering wife
" Ar fháil amach dó go bhfuil Gaeltacht ann, bailíonn sé leis go hÉirinn agus ansin chuig na hOileáin Árann, ‘pampútaí faoina chosa agus culaith de bhréid na n-oileán ar a dhroim’, a bhean fhadfhulangach fágtha ina dhiaidh aige.
bhean wife
" I gcás breithimh mar Clarence Thomas, a d'ainmnigh George Walker Bush i 1991, tá an chlaontacht sin sách soiléir - sular ainmníodh é, bhí sé ag obair do Monsanto, ollchomhlacht bith-theicneolaíochta talmhaíochta, agus tá a bhean ina ball de ‘Liberty Central’ - meitheal smaointe agus brúghrúpa atá i bhfad amach ar an eite dheis.
a mhná his wife’s
" Bheadh sé le cur i mbun na Roinne Gnóthaí Eachtracha ach gur fearr leis a bheith níos deise do bhaile de bharr drochshláinte a mhná.
bhean chéile wife
" Frida === Bhí níos mó clú ar Frida Kahlo le linn a saoil mar bhean chéile andúchasach Diego Rivera ná mar ealaíontóir ina cáilíocht féin.
bhean chéile wife
" Ná go mbeadh sé agus a bhean chéile ag labhairt le hiníon deirféar liom, sé bliana d’aois, a bhfuil cónaí uirthi ansin, agus a rá léi gur ainm álainn í “Caoimhe” (agus an ceart aige — is mise a mhol an t-ainm dá máthair).
D’éirigh lena bhean chéile his wife succeeded
" D’éirigh lena bhean chéile, an t-ealaíontóir, Lu Qing, dul i dteagmháil leis i ndiaidh dó a bheith sé seachtaine bailithe as amharc na ndaoine.
iarbhean chéile ex-wife
" Dexter (John Hurt), athair na beirte ban, gadaí spúnóga boird na bainise, é iomlán craiceáilte agus in adharca leanúnach poiblí lena iarbhean chéile Gaby (Charlotte Rampling).
a bhean chéile ná a chlann his wife or children
" Sa chás go gceadófar íocaíochtaí amach anseo, cé méid airgid a bheas i gceist agus cad as a dtiocfaidh sé? An mbeidh cead ag bainisteoirí a gcuid íocaíochtaí a phlé agus a shocrú i gcomhar le coistí clubanna agus contaetha agus ardú a éileamh faoi mar a dhéanann fostaithe go minic i gcúrsaí gnó? An mbeidh an íocaíocht ag brath ar leibhéal an bhrú agus stró atá ar an mbainisteoir de thoradh an mhéid ama a chaitheann siad as baile gan a bhean chéile ná a chlann a fheiceáil ó cheann ceann na seachtaine? Luaitear an ghné sin den bhainistíocht go minic ach dáiríre an mbaineann sé le hábhar? Daoine go Leor Buartha ============ Scanraíonn an cheist ar fad go leor daoine sa CLG toisc go bhfeictear dóibh go mbeidh sciar maith den airgead a bhailítear go deonach trí chrannchuir, oícheanta rásaíochta, chlasaicí gailf, laiteonna, shiúlóidí urraithe is araile á chaitheamh ar bhainisteoirí seachas ar ghasúir, ar fhearas agus ar áiseanna.
alltacht ar a bhean horrifies his wife
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
a bhean mhóiréiseach his proud wife
" Cuireann bodacht, mímhúinteacht agus maistíneacht Waltz alltacht ar a bhean Winslet, agus chuir riamh, ach nár fhéad sí é sin a chur in iúl go dtí gur thug an chogaíocht bhinbeach go léir agus na taoscáin fuisce misneach di; tiomáineann géilliúlacht agus filistíneacht Reilly a bhean mhóiréiseach Foster thar imeall na foighne freisin ; pléascann Reilly chomh maith céanna – scread príomhordúil an fhir chéile, an *‘regular guy’* ar beagán oideachais ag cur suas thar na blianta fada le mustar, soncanna beaga agus tón ardmhórálta na soithe ardnósaí a phós sé fada siar, céastóir néaróiseach a bhíonn de shíor ag sodar i ndiaidh na barántúlachta agus na bréag-ghalántachta araon.
grá a mhnaoi his wife’s love
" Bhí a chuid ídéalachais ardaigeanta féin, a chreideamh dobhriste, tacaíocht phobal náisiúnach Éireann, meas an domhain, grá a mhnaoi Muriel is a dheirfiúracha Mary agus Annie – é sin go léir mar sciath chosanta aige ar leaba a bháis i gcillín coimhthíoch san imigéin ar feadh na tréimhse míthrócairí sin dó, fá ghlas mídhleathach ag Gallaibh, i bhFómhar dubh na bliana 1920.
theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile those other languages which belong to their wives and husbands
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
in éineacht lena bhean along with his wife
" I 2002 tháinig Ghandi Mallak, dlíodóir ón tSiria, go hÉirinn in éineacht lena bhean.
bean agus clann a wife and children
" Cén fáth go gcuireann aon iris, idirlíon nó eile, scríbhneoir (le bean agus clann) faoi bhrú mar sin? Caithfear córas mar atá luaite agam thuas a thabhairt isteach.
Bhí a bhean básaithe his wife was dead
" Bhí a bhean básaithe le blianta.
Tháinig a bhean chéile his wife came
" Tháinig a bhean chéile agus a bheirt chlainne chun na coilíneachta sa bhliain 1847 agus thóg siad teach mór fairsing.
ag tabhairt a bhean chéile ar thurais thar lear leis bringing his wife with him on overseas trips
" ” Níor luaithe na plátaí glanta acu nuair a thosaigh siad isteach ar an chaint: **Balor: Ní raibh dúil agat dul go Fear Manach le Barack?** Michelle: Bhí muid ag smaoineamh air sin, ar feadh tamaill, go dtí gur thosaigh an raic faoi John Mc Guinness ag tabhairt a bhean chéile ar thurais thar lear leis.
a bhean titim isteach le saol na tíre his wife to acclimatize with the German lifestyle
" Tá gréasán maith scoileanna teangan i mórán gach uile bhaile sa tír a dhéanann an obair theagaisc, rud a chuidíonn le leithéidí Jean-Laurent agus a bhean titim isteach le saol na tíre.
aghaidh chrosta mo mhná chéile my wife’s cross face
" Ar ndóigh, nuair a bhain mé an baile amach agus chonaic mé aghaidh chrosta mo mhná chéile, thug mé iarraidh áitiú uirthi nach raibh mé dóigh ar bith ar meisce ach ba léir di go raibh mé ar na cannaí.
mná chéile na bpóilíní a maraíodh the wives of policemen killed
" Ó mhuintir Dhomhnach na Fola agus íobartaigh an chlaonpháirteachais go dtí mná chéile na bpóilíní a maraíodh agus na daoine nach ndearna éagóir riamh ina saoil ach a sciobadh ar shiúl óna dteaghlaigh mar gheall ar ghníomhartha foréigin nach raibh baint nó páirt acu leo, tá sé de dhualgas orainn sásamh éigin a thabhairt do na daoine seo, más féidir é.
i gcomhluadar a mhnaoi is a theaghlaigh into the company of his wife and family
" “*I apologise for my appearance, but I have had a difficult time these past several years*” arsa Northup, ar theacht isteach arís i gcomhluadar a mhnaoi is a theaghlaigh tar éis cruatan agus brúidiúlacht an dá bhliain déag a d’imigh roimhe a chur de.
a bhí aige dá bhean which he had for his wife
" Cé gur fhág Lavery saothar mór suntasach ina dhiaidh, is é an saothar sin a d’eascair as an ghrá a bhí aige dá bhean Hazel is mó a bhuanaíonn a chlú.
níl ach céile amháin agam I’ve just one wife
" An Dá Thuarastal ======= **Balor: An raibh tú trí chéile nuair a bhí gach duine ag tabhairt amach faoi do cheapachán, a Aire?** Mac Guí: Trí chéile? Ba mhaith liom seo a chur ar an cheirnín: níl ach céile amháin agam, a Bhaloir, agus tá sise TD fosta.
a bhean chéile his wife’s
" D'fhreastail Bearnaí Ó Doibhlin ar an taispeántas áit a raibh sé in ann éisteacht lena ghlór féin agus le glór a bhean chéile.