Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
iomráiteacha well-known
" Ar chuala tú riamh trácht ar na seanadóirí Peter Callanan, Paul Coghlan nó Camillus Glynn? Ceapann an Taoiseach aon duine dhéag eile - daoine iomráiteacha (mar dhea), leithéidí Frank Chambers agus Ann Leonard, ina measc.
is iomráití best known
" Is iad is iomráití orthu sin ná Cartha féin, Conall, Muire agus Pádraig, ach deirtear gurbh é Tobar Chiaráin i mBabhdhún is mó airde ó thaobh toibreacha beannaithe i dTír Chonaill.
mar is fearr aithne uirthi as she is better known
" Ní mar sin a bhí i gcás Ghearóidín Bhreathnach, nó Gearóidín Neidí Frainc mar is fearr aithne uirthi.
i mbéal an phobail well-known
" Pléifear freisin an t-idirdhealú a dhéantar i Stáit Aontaithe Mheiriceá i gcásanna clúmhillte idir duine atá i mbéal an phobail agus gnáthdhuine.
iomráiteach well-known
" " Cé go raibh sí i ngiorracht cúpla míle don scoil, is mar chailín cónaithe a chaith sí a tréimhse meánoideachais, ag freastal ar an scoil iomráiteach a mbíodh tarraingt chomh mór sin ag muintir Chonamara uirthi, Coláiste Mhuire.
iomráiteach well-known
" Nuair a fógraíodh an plean i dtús na míosa seo caite bhí neart olagóin le cloisteáil, más *sotto voce *féin é, ó na státseirbhísigh, agus cé thógfadh orthu é? An chuimhne is mó atá agam ó dhánta na hArdteistiméireachta ná an dán iomráiteach úd, "Stoite" le Máirtín Ó Direáin.
poblachtánach aitheanta a well-known republican
" An féidir leo? "*No*," a dúirt poblachtánach aitheanta ar an toirt liom nuair a d'fhiafraigh mé dó.
ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú one of the best-known loyalist areas
" " B'in a dúirt fear amháin le hiriseoir agus b'ionann "these people" agus Caitlicigh atá ina gcónaí in aice le Sandy Row, ceann de an ceantracha dílseacha is mó clú i mBéal Feirste.
aitheanta well-known
" Cad chuige, mar sin, go raibh siad seo agus Fat Mac Cormaic, fear an Easy Peasy Reader, agus cuid mhór Gaeilgeoirí móra aitheanta eile cruinnithe le chéile i nGleann Beag Lách sin an Cheoil ag deireadh mhí Iúil? Ar mhaithe leis an aimsir? Ar mhaithe lena sláinte? Ní shíleann muid é.
i mbéal an phobail well-known
" De bharr na gcomórtaisí freisin, tá na hamhráin ag imeacht, na hamhráin áitiúla ach go háirithe, mar gur fearr le hamhránaithe cloí le hamhráin atá i mbéal an phobail nuair atá siad ag gabháil d'amhrán ar ardán.
dhílseoir mór le rá well-known loyalist
" Ní raibh mórán suime acu i gcás sa Chúirt Chorónach anseo i Learpholl ar an 14 Nollaig, nuair a gearradh téarma príosúin ocht mbliana ar dhílseoir mór le rá as taisce gunnaí agus armlóin bheith ina sheilbh aige.
is aitheanta best-known
" " Léargas beag ó Niall O'Dowd, foilsitheoir an *Irish Voice*, ar Eoin Mac Tiarnáin, duine de na Gaeil Mheiriceánacha is tábhachtaí agus is aitheanta le céad bliain anuas.
nach mbeadh ar eolas go coitianta which wouldn't be well known
" Chomh maith leis sin, phiocas tiúin, b’fhéidir, nach mbeadh ar eolas go coitianta.
clúiteach well-known
" Léigh mé an fógra seo i nuachtán clúiteach áitiúil Béarla ar na mallaibh, agus níl mé sásta a rá cén áit sa tír a mbaineann an nuachtán leis: “*Good strong kitchen table wanted by Donegal man with thick wooden legs*.
in airde well-known
" Ainm an Acadaimh mar institiúid tríú leibhéal lánGhaeilge bheith in airde go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
aitheanta well-known
" Níorbh fhiú do Bhalor Bocht aon bhréagriocht a chaitheamh lena aithne a cheilt nó cé eile a bheadh ag caitheamh aghaidh fidil le poll súile amháin istigh i lár chlár a éadain? Ach bhí go leor daoine aitheanta nach raibh chomh so-aitheanta le Balor ar shráideanna na hÉireann an oíche sin.
aitheanta well-known
" ” Is é an comhlacht aitheanta Nemeton ó Ghaeltacht na Rinne i bPort Láirge a léiríonn an tsraith agus go leor eile de sholáthar spóirt TG4.
ochtar pearsana aithnidiúla eight well-known personalities
" Bhí an clár seo bunaithe ar fhormáid an chláir mhór-rachairte “Celebrity Big Brother” a bhíonn le feiceáil ar Channel 4 na Breataine; cuireadh ochtar pearsana aithnidiúla faoi ghlas i dteach mór idir 11 Márta agus Lá Fhéile Pádraig agus iad i gcomórtas le chéile ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge.
mar ab fhearr aithne air as he was better known
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
ab aithnidiúla best known
" Ba iad na Medici na pátrúin ba fhlaithiúla agus ab aithnidiúla sa tréimhse seo agus is féidir armas an teaghlaigh (sé liathróid) a fheiceáil ar go leor foirgneamh poiblí i bhFlórans go fóill.
ar shuíomh na hirise mór le rá on the site of the well-known magazine
" Mar shampla, tá blag laethúil ar chúrsaí teilifíse le fáil ar shuíomh na hirise mór le rá *Time *(www.
mar ab fhearr aithne air as he was better known
" Thosaigh Karol Wojtyla, mar ab fhearr aithne air ag an am sin, ag obair in KUL i 1954 agus bhí sé mar ollamh le heitic ann sular toghadh ina Phápa é i 1978.
ar shuíomh na hirise mór le rá on the site of the well-known magazine
" Mar shampla, tá blag laethúil ar chúrsaí teilifíse le fáil ar shuíomh na hirise mór le rá *Time *(www.
den chóras oibriúcháin mór le rá. of the well-known operating system.
" com/windowsvista/), leagan nua den chóras oibriúcháin mór le rá.
bhí clú orthu they were well-known
" “Tháinig mo sheanathar agus an ghlúin sin ón tuath isteach go Droichead Átha agus bhí clú orthu ina gceantar féin, Gráinseach Gaoithe i dtuaisceart na Mí, bhí clú orthu as an tsuim a bhí acu sa cheol agus sa rince.
mór le rá well known
" Sin buntáiste a bhaineann le bheith mór le rá – cé nach raibh siad iomlán tógtha leis an smaoineamh faoi athscríobh, bhí mé in ann é a éileamh.
ó Thuaisceartach aitheanta from a well-known Notherner
" “Ar lorg tú comhairle ó dhuine ar bith eile agus tú i mbun do roghnaithe?”“Sea, lorg mé comhairle ó Thuaisceartach aitheanta – Tuaisceart Bhéal Feirste atá i gceist agam, dar ndóigh, agus is í Íosa Mhic Giolla Mháire an Tuaisceartach sin.
an t-amhránaí mór le rá the well-known singer
" Deir an t-amhránaí mór le rá Dick Gaughan go raibh Robertson ar an amhránaí is fearr dá chuala sé riamh ag canadh bhailéid chlasaiceacha na hAlban.
daoine mór le rá. well-known people.
" “D'éirigh go maith leis na Chieftains agus a macasamhail, agus an tslí ar éirigh leo ná trí bheith ag obair le ceoltóirí eile, mar shampla, Emmylou Harris agus daoine mór le rá.
duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn. of the the best known entrepreneurs and public personalities in Ireland.
" Theastaigh uaim a chuid tuairimí a fháil ar réimse leathan ábhar agus foghlaim faoi na nithe a spreag duine de na fiontraithe agus pearsana poiblí is aitheanta in Éirinn.
ar dhuine de na daoine is aithnidiúla one of the best-known people
" Le blianta anois, tá Gearóid Ó Cairealláin ar dhuine de na daoine is aithnidiúla i ngluaiseacht na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan of the most well-known artists in the world
" D’éirigh le Drewe cur ina luí ar a chomhchealgaire Myatt saothair de chuid na n-ealaíontóirí is mó a bhfuil aithne orthu sa domhan a chóipeáil.
na scannáin cháiliúla the well-known films
" Beidh scannán La Frenais agus Clement suite i Londain agus deirtear go mbeidh cosúlachtaí móra idir an scannán sin agus na scannáin cháiliúla The Thomas Crown Affair agus Dirty Rotten Scoundrels.
Gael aitheanta mór le rá a well-known Gael
" Deir sé go gcasfar air Gael aitheanta mór le rá agus é ag rith amach an doras ar cosa in airde.
Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá The game spread out from the well known universities
" Leath an cluiche amach ó na hollscoileanna mór le rá ar an gcósta thoir, agus roimh i bhfad, bunaíodh sraithchomórtas idir na seanollscoileanna, ar a tugadh The Ivy League.
mar is fearr aithne air, as he is better known
" Cuirfear príosún ar an Teachta Dála Brian Ó Sé, n ó Brains Ó Shea mar is fearr aithne air, ó Pháirtí an Lucht Oibre i bPort Láirge, as siocair é a bheith ag iarraidh deireadh a chur leis an scrúdú Gaeilge atá le déanamh ag dlíodóirí na hÉireann.
de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, by the well known writer
" Ní fhéadfadh duine gan dúil a chur sa chnuasach véarsaíochta is déanaí de chuid an chumadóra agus scríbhneora aitheanta, Tadhg Mac Dhonnagáin.
mar is fearr aithne air as it is better known
" B'as na ceoltóirí a tháinig go dtí na cathracha a d'eascair snagcheol – nó *Jazz*, mar is fearr aithne air – agus i measc scríbhneoirí na tréimhse sin, bhí daoine mar Langston Hughes agus Zora Neale Hurston.
mar is fearr aithne uirthi, as she is better known
" B'amhrán éadrom é nach raibh mórán téagair ag baint leis, a cheap sí féin! Rugadh Eunice Kathleen Waymon, nó Nina Simone mar is fearr aithne uirthi, sa bhliain 1933 in South Carolina.
mar is fearr aithne air as he is better known
" Ealaíontóir amháin atá ag teacht i dtír ar an ghnó nua seo ná Jeffrey Lipsky, nó Filthy Fluno mar is fearr aithne air ar Second Life.
údair aitheanta well known authors
" Beidh údair aitheanta na Gaeilge mar Gabriel Rosenstock, Ríona Nic Chongáil agus Tadhg Mac Dhonnagáin ag léamh sleachta óna saothar go poiblí in áiteanna éagsúla ó Bhaile Átha Cliath go Gaillimh; ó Aontroim go Ciarraí.
cumadóirí mór le rá well known composers
" * Bhí cúig ainmniúchán san iomlán i gceist i gcatagóir na n-amhrán, trí cinn acu a bhí faighte ag na cumadóirí mór le rá Alan Menken agus Stephen Schwartz as ucht na n-amhrán a chum siad don scannán *Enchanted.
mar is fearr aithne air as it is better known
" Armán coitianta is ea an raidhfil AR-15 – nó an Armalite, mar is fearr aithne air – i measc phóilíní na Stát Aontaithe.
grúpaí mór le rá well-known groups
" Rinneadh an t-albam cáiliúil sin de chuid Emmet Spiceland a thaifeadadh in De Lane Lea i Londain, an stiúideo cáiliúil ar thaifead Jim Hendrix an t-amhrán “Hey Joe” ann agus a raibh grúpaí mór le rá de chuid na seascaidí agus tús na seachtóidí mar The Beatles, The Rolling Stones agus Deep Purple ag tarraingt air go rialta.
iomráiteach well-known
" Mar bharr ar líomhaintí Hourigan, tar éis do Jean-Louis Bruguière – breitheamh iomráiteach ón bhFrainc – imscrúdú a mhair ar feadh cúig bliana a chur i gcrích, ba é an breithiúnas a thug sé i leith na heachtra thuasluaite ná go raibh Kagame freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta seo a chuir tús leis an gcinedhíothú.
mór le rá well known, important
" Tá sraitheanna mór-ráchairte mar *Bringing it All Back Home *(BBC), *Other Voices* (RTÉ) agus *Sé mo Laoch* (TG4) déanta aige, mar aon le cláracha faisnéise ar cheoltóirí mór le rá mar Tom Waits, Daniel Lanois, Christy Moore agus Elvis Costello.
mór le rá well known, important
" Tagann Gusaí Gaimbín – “an tógálaí mór le rá” – chuig Lios na gCat agus cead pleanála á lorg aige chun casino, ionad dramhaíola agus monarcha don phróiseáil seithí a thógáil.
An rud ba mhó cáil sa chathair the best known thing in the city
" An rud ba mhó cáil sa chathair go dtí na seachtóidí (nuair a thosaigh an cearrbhachas dleathach) ná an *Boardwalk*, cosán adhmaid cois cósta leagtha in airde os cionn an ghainimh idir piaraí siamsaíochta na cathrach agus thar dhoirse na n-óstán agus na *casinos*.
is clúití most well known
" Is é an Borgata an ceann is mó agus is clúití, agus an ceann ar ar thugamar ár n-aghaidh.
finscéal cáiliúil well known fable
" Dealraíonn sé go bhfuil cosúlachtaí idir scéal The Frames agus an finscéal cáiliúil de chuid Aesop, *An Tortóis agus An Giorria*, ach níorbh é sin an fáth ar thug Mac Con Iomaire *Cúinne an Ghiorria *ar a albam.
mór le rá well known
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
iomráiteach well known
" An t-aon pholaiteoir mór le rá a bhéas i láthair ag an gcoinbhinsiún ná George Bush, agus faraor do McCain, is eisean an t-aon duine iomráiteach arbh fhearrde an ócáid ina éagmais.
scannánóir aitheanta well known film-maker
" Ba é an scannánóir aitheanta Jim Fahey, ar comhfhreagraí é le RTÉ, a stiúir agus a chuir i láthair.
tráchtaire iomráiteach spóirt really well known sports commentator
" Ba éard a bhí i gceist leis sin ná gurbh éigin do dhaoine seilbh a ghlacadh ar an micreafón agus aithris a dhéanamh ar stíl thráchtaireachta Mhichíl Uí Mhuircheartaigh, an tráchtaire iomráiteach spóirt.
Leamh Ó Cuinnegáin a well-known Gaelic zealot
" Milliún euro de cháin sa bhliain á leagan ar choláistí Gaeilge do dhaoine fásta nach bhfuil lonnaithe i gCúige Mumhan ná i gCúige Connacht ná i gCúige Laighean, agus nach bhfuil fá bhúir asail den Eargail! Tá iriseoirí ón Sindo agus ón Sun ag iarraidh a fháil amach cé mhéad coláiste a bheidh i gceist; tá tráchtairí polaitíochta ó RTÉ agus BBC ag iarraidh a fháil amach cad chuige gur cúngaíodh an trál chomh géar sin; agus tá Leamh Ó Cuinnegáin ó Odious Gael ar shiúl chun na hAstráile ar saoire.
mór le rá well known
" Tháinig Mary amach i lár seit s’acusan leis an singil atá taifeadta acu lena chéile a dhéanamh, rud nach ndéanfadh mórán ceoltóirí atá mór le rá ar bhealach ar bith.
iomráiteach well known
" D’fhan muid in óstán atá breá iomráiteach – an ‘*Chelsea*’ ar *23rd St*.
mór le rá well known
" In Iomaíocht B’éigean do Gormley dul i ngleic le healaíontóirí mór le rá eile ar nós Anish Kapoor agus Tracey Emin leis an choimisiún seo a bhaint agus deir sé go mbeidh an saothar seo ina phortráid ar Bhreatain na linne seo.
coirpigh aitheanta well-known criminals
" Dála an scéil, an General agus coirpigh aitheanta eile na tíre, is sna hinstiúidí céanna sin a múineadh an mhoráltacht dóibh.
údar aitheanta well known author
" Ar Muir is ar SliabhISBN 978 1 901176 97 1€12 Úrscéal eachtraíochta nua ag Dermot Somers ó Cois LifeAr Muir is ar Sliabh atá ar an úrscéal nua seo ó pheann Dermot Somers, sléibhteoir agus údar aitheanta.
iomrá well known
" Chuaigh an ceantar i bhfeidhm orthu agus nuair a cheannaigh siad teach samhraidh, fuair siad an deis fréamhacha dá gcuid féin a chur síos sa cheantar chomh maith le hateagmháil a dhéanamh leis an chontae ina raibh sinsir Michael, Clann Fiamhain nó Muintir Uí Dhochartaigh, faoi iomrá leis na céadta bliain siar.
iomráiteach well known
" Bhí siad ina gcónaí i gcuid mhór áiteanna anseo, bhí siad in aice láimhe anseo i gCois Claidigh, i seanteach Jimí Dinny, amhránaí sean-nóis iomráiteach agus i Machaire Gathlán, toigh Jimí Neddy.
aitheanta well-known
" Fógraíodh deireadh mí Meán Fómhair blag aitheanta Thaidhg Mhic Dhonnagáin, “Garraí Johnny Mhorgan” http://garraijohnnymhorgan.
aithnidiúil well known
" Ach ní *Twin Peaks* ar bith a bhí ann! Dáimh le Dream na hÁite Maidir le Charlottetown de, maolaisnéis atá ins an focal pleasant – aithnidiúil, cairdiúil, gealgháireach – cha dtáinig mé ar dhream chomh deas le fada.
ardaithne well known
" Fear díreach, cairdiúil, sochainteach, ard agus ardaithne ag óg is aosta na tíre air cheana féin.
aitheanta well known
" **Duaiseanna** Beidh beirt bhuaiteoirí i gceist agus gheobhaidh siad mar dhuais cóip den eisiúint is úire ó Fios Feasa, mar atá, CD ROM atá an-tráthúil um Nollaig: Amhrán is Fiche don Nollaig Ar Amhrán is Fiche don Nollaig, tá amhráin traidisiúnta na Nollag as Gaeilge, á rá ag triúr amhránaithe aitheanta ó Ghaeltachtaí éagsúla: Méabh Ní Bheaglaoich, Síle Denvir agus Mairéad Ní Mhaonaigh.
iomráiteach well known
" Bronnadh IFTA SMM: Bhí bronnadh IFTA go deas, nuair a chas tú leis an dream iomráiteach atá i mbéal an phobail? CNC: Bhí mé ar bís an chéad bhliain ag na IFTAs.
clúiteach well known
" Spreag tuairimí Duchamp go leor ealaíontóirí eile ar nós Carl Andre i 1966 lena shaothar clúiteach ‘Equivalent V111’ agus Martin Creed a bhain Duais Turner i 2000 lena phíosa ‘The Lights going Off and On’.
is iomráití best known
" Tá an tOllamh Leanne Hinton ó Ollscoil Chalifornia, Berkeley, ar dhuine de na saineolaithe is iomráití ar theangacha bundúchais Chalifornia, leithéidí Karuk, Kawaiisu agus Yurok.
ainm in airde well-known
" Béal Feirsteach a bhfuil a ainm in airde sa chathair agus sa tír a thug rabhadh fán tonn bháite a bhí ag scuabadh iarsmaí an tseanchultúir Ghaelaigh de chlár an oileáin sa 19ú haois déag.
mór le rá well known
" Is cuimhin liom an tionscadal a phlé leis in Doheny and Nesbitts, Lá Fhéile Pádraig 2001, an teach tábhairne mór le rá ar Shráid an Rátha, áit a mbíonn na polaiteoirí is lucht na meán.
cáiliúil well-known
" ' Ba dhaingniú é seo ar an bhreithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach sa chás cáiliúil Ó Beoláin v.
aitheanta (well) known
" Tá Bourgeois aitheanta mar dhuine den scaifte ealaíontóirí nua-aimseartha is tábhachtaí ar domhan, an dream a spreag agus a chuaigh i bhfeidhm ar go leor ealaíontóirí eile a tháinig ina ndiaidh.
mór le rá well known
" ie) chun freagra na ceiste seo a aimsiú: **Cad é an t-ainm a bhí ar an scríbhneoir mór le rá a bhí in éineacht le Pádraig Ó Baoighill nuair a thaifead siad an scéalaí Séamas Mac Amhlaoibh?** Seol do fhreagra chuig <alt@beo.
iomráiteacha well known
" Tá neart d’aisteoirí iomráiteacha na hÉireann le feiceáil in Na Cloigne.
a n-ainm in airde they (were) well known
" **SMM: An fíor dom é go bhfuair tú an-oiliúint ag beirt d'aos teangeolaíochta a raibh a n-ainm in airde go hidirnáisiúnta, fear amháin díobh, Joshua Fishman, a raibh baint mhór aige le hÉirinn in am an Athar Colmán Ó hUallacháin.
Tá cáil orainn we’re well known
" Tá cáil orainn go bhfuilimid solúbtha, go bhfuilimid toilteanach cibé athruithe is gá a dhéanamh a dhéanamh.
dánta is so-aitheanta best known poems
" Tá *‘My Country’*, an dán a chum an scríbhneoir Dorothea MacKellar (1885-1968), ar cheann de na dánta is so-aitheanta san Astráil.
mór le rá well known
" Osclaíodh é don saol mór le mí anuas, ach cheana, tá daoine mór le rá ar líne an-tógtha leis, An Scobleizer féin ina measc, a scríobh *“I’m really loving it.
sách aitheanta known well enough
" Tá trí chineál míol loscanta anseo in Éirinn - - Urodela (Niúit agus Salamandair) - Apoda (an-chosúil le cuiteoga) - Anúrach (a chiallaíonn gan eireaball - loscainn agus buafa) Tá siad sách aitheanta ag daoine, mar atá, An tEarc Sléibhe/Luachra (bíodh nach ionann iad), An Loscann agus An Cnádán.
mór le rá well known
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
t-údar aitheanta well known author
" Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe? An Scéal ina Loscadh Sléibhe ================ Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta.
clú ar is well known
" Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.
bia iomráiteach well-known food
" Is é sin le rá go bhfuil comhartha ann do gach siolla ab fheidir a rá sa tSeapáinis, mar shampla, an bia iomráiteach Súisí すし.
scríbhneoir aithnidiúil well-known writer
" An Náire Shaolta ========= Osclaíodh an taispeántas ar Lá Fhéile Pádraig agus rinne an scríbhneoir aithnidiúil, Thomas Keneally, an oscailt oifigiúil.
aitheanta well known
" Tugtar ‘sárurghaire’ air cionn is go gcuirtear cosc, chan amháin ar fhoilsiú an eolais ach ar aitheantas an té atá i gceist fosta.
aisteoir iomráiteach a well known actor
" De bharr sin, bíonn na nuachtáin lán le scéalta faoi ‘pheileadóir mór le rá’ nó ‘polaiteoir aitheanta’ nó ‘siamsóir cáiliúil’ nó ‘aisteoir iomráiteach’ atá ag cur gobáin ar nochtadh na fírinne.
aitheanta well-known
" Tá blaganna ó scríbhneoirí aitheanta ar nós Garraí Johnny Mhorgan, iGaeilge, An Druma Mór, an tImeall, Dónal na Gealaí, Blag Mháirtín Uí Mhuilleoir, blog na Gaeilge srl.
choirpeach aitheanta well-known criminal
" Saibhreas na Gaeilge ar Ghoirt an Óir ================== Is léir ón taighde atá déanta ag Noone agus Doyle, chomh maith le staraithe eile, go raibh Gaeilge ag cuid mhaith de na hinimircigh Éireannacha sa naoú haois déag: tá fianaise ann go raibh Gaeilge ag daoine a bhí gar don choirpeach aitheanta Ned Kelly.
aitheanta well known
" Tá an carachtar aitheanta sin *“Dean Moriarty”* in Ar an mBóthar bunaithe ar Cassady de réir dealraimh.
aithne fhairsing air he’s well known
" De ghnáth, bíonn an bua ag an sealbhóir, mar bíonn aithne fhairsing air agus deir na staidrimh gur fearr le vótóirí an té a bhíos i seilbh na cumhachta.
Tá aithne fhairsing air he’s well known
" Tá aithne fhairsing air fud fad Mheiriceá, agus is maith le "Seabhaic" an pháirtí é, ó is é a chuir an páirtí ar bhealach na buachana sna nóchaidí.
aitheanta well-known
" Ceapadh beirt fhear iomráiteacha ina gcomhchathaoirligh ar an gcoiste: an dlíodóir aitheanta, Mark Leibler, agus an tOllamh Patrick Dodson, ceannaire an mhuintir dhúchais.
aitheanta well-known
" Bhí áthas ar Leo nuair a fuair sé amach go raibh sé i measc an cheathrair ar an ghearrliosta: "Is ealaíontóirí aitheanta iad a bhfuil meas orthu.
aithnidiúil well known
" Ceapadh an fear gnó aithnidiúil, David Gonski, ina chathaoirleach ar an gcoiste agus tugadh an Tuarascáil Gonski ar na moltaí a chuir an coiste faoi bhráid an rialtais.
Bhí an-cháil bainte amach aige he was well known
" Bhí an-cháil bainte amach aige mar aisteoir tábhachtach sula bhfuair sé bás i 1994.
i muinín seanfhocail aitheanta resorts to the well-known proverb
" Téann Gurvan i muinín seanfhocail aitheanta chun tábhacht na Briotáinise a léiriú: "Hep brezhoneg, Breizh ebet" (gan Briotáinis, Briotáin ar bith).
aitheanta well-known
" Ina measc, tá pleananna faoi dhrámaíocht a chur chun cinn ar an idirlíon, cluiche cártaí do chlubanna daoine óga a fhorbairt, leabhair aitheanta nach bhfuil ar fáil i bhFraincis a aistriú agus siúlóidí sóisialta a eagrú chun aithne a chur ar thír Léon (an cuid thiar den Bhriotáin).
sraith foirgneamh aitheanta a series of well-known buildings
" Ba liosta le háireamh iad na hionaid siamsaíochta a chuir Fuller a dtógáil – sraith foirgneamh aitheanta ar dhá thaobh an Atlantaigh – an *Electric Ballroom* in Camden Town agus an Fillimore West i gcathair San Francisco ina measc.
na n-aíonna aitheanta a sheinn the well known guests who played
" I measc na n-aíonna aitheanta a sheinn ar ardán an *Electric* bhí na *Sex Pistols, Thin Lizzy, Iggy Pop, The Clash, Joy Division, U2, The Smiths* agus *Oasis*.