Nuair a thaispeáin mé an pictiúr *Tom Trubert’s Blues* ar an “Late Late Show” dúirt mé, mar mhíniú air, go bhfaca mé an bheirt seanfhear seo ina seasamh ar an phromanáid i mBré – duine amháin acu agus cuma an-ghléasta shnasta air agus an duine eile, i gcodarsnacht leis, agus cuma bhriste chráite air.
Thug mé faoi deara go raibh na mná an-ghléasta i gcónaí, bíodh is go raibh siad ag dul go dtí a n-ionaid oibre, ag siopadóireacht nó amuigh go sóisialta.