Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in ísle brí weakened
" Tá na hathnuachanóirí - lucht leanúna David Trimble - in ísle brí agus a gcás ag dul in olcas an t-am ar fad.
lagú ar a gcreideamh weakening of their faith
" Go fóill, is ann do na fíréin i gCeanada, tír dhúchais Gretzky, nach bhfuil aon lagú ar a gcreideamh gur dia cruthanta é Gretzky.
lagaithe go mór greatly weakened
" Dá réir sin, i 1997 agus Clinton lagaithe go mór, bhunaigh siad eagraíocht darbh ainm Project for the New American Century (PNAC).
Nár laga Dia do chuid dlíodóirí. May God not weaken your lawyers.
" Nár laga Dia do chuid dlíodóirí.
Nár laga Dia do shruth, May God not weaken your flow,
lagaíodh an ceangal the tie weakened
" Ó cuireadh an t-oileán faoi riail Shasana ó 1346, chuaigh an teanga a bealach féin agus lagaíodh an ceangal leis na teangacha Gaelacha eile.
lagan weakening
" Feicfimid na fadhbanna céanna is a bhaineann le gach lagan mór geilleagair.
á gcaitheamh weakening
" Tá an stuif cosúil le rud inteacht a tháinig as Meiriceá fada ó shin i mbosca sa phost, nach dtiocfadh leat do shoc a chur amach ar an doras á gcaitheamh.
lagú weakening
" Chuir comhairleoir Bush, Karl Rove, síos ar na turasanna seo mar chúis náire don tír, é ag seasamh ar an bpointe nach ngabhann Meiriceánaigh leithscéal le héinne agus gur ag lagú Mheiriceá a bhí Obama i súile an domhain.
lagtha weakened
" Tá faitíos orthu freisin mar tá an freasúra, na Poblachtánaigh, ag vótáil en bloc chun stop a chur le gach rud a dhéanann an Páirtí Daonlathach, agus breathnaíonn na Daonlathaigh lagtha.
creimeadh a weakening
" Feictear dóibh go dtiocfaidh creimeadh ar chaighdeán na teanga i measc daltaí Gaeltachta, Gaelscoileanna agus i measc daltaí líofa eile.
lagaithe weakened
" Tá a bhformhór mór lagaithe go mór agus tá 110 teanga acu i mbaol agus i gcontúirt a mbás.
lagan weakening
" Cá bhfágann an ráiteas sin an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge? Más amhlaidh go bhfuil deireadh le tíocht le ról Údarás na Gaeltachta i dtaobh chothú na fiontraíochta agus i dtaobh chruthú fostaíochta sa nGaeltacht, fágann sé an Straitéis don Ghaeilge sáinnithe ar an gcarraig, le taoille láidir trá ag lagan na seansanna go bhfeicfear ar an snámh go brách é.
lagaíonn weaken
" Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú? Foghlaim na Fuaime ========= Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.
in ísle brí weakened
" Ainneoin go bhfuil an Eaglais Chaitliceach in ísle brí - mar thoradh ar na oilbhéimeanna éagsúla san Eaglais Chaitliceach - ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na sainchreidimh Phrotastúnacha faoi bhrú ag an saoltachas chomh maith.
Ar lagaigh do chumas did your command weaken
" Cleachtadh Cainte ======== **SMM: Ar lagaigh do chumas ar na teangacha eile a Shéamais, KiSwahili agus araile, mar sin, as easpa cleachtaidh?** SÓD: Ó d’fhéadfainn labhairt in KiSwahili in am ar bith, agus déanaim sin.
nach lagfar shall not weaken
" (A) An tOiriúnú chun Maireachtála ================= Fanann ainmhithe agus ealta faoi leith linn sa tír ó cheann ceann na bliana agus bíonn siad gníomhach gach lá, ionas nach reofar agus nach lagfar d’uireasa bia sa gheimhreadh iad.
lagar a weakening
" Thosaigh lagar ag tíocht ar an dtacaíocht do pháirtí an Lucht Oibre ón uair a dúirt Fine Gael go mba *“high tax party”* a bhí sa Lucht Oibre.
Níor lagaíodh wasn’t weakened
" Níor lagaíodh an dílseacht sin go dtí an toghchán seo.
lagar a weakening
" Thosaigh lagar ag tíocht ar an dtacaíocht do pháirtí an Lucht Oibre ón uair a dúirt Fine Gael go mba *“high tax party”* a bhí sa Lucht Oibre.
Níor lagaíodh wasn’t weakened
" Níor lagaíodh an dílseacht sin go dtí an toghchán seo.
lagú weaken
" Ba cheart an fócas Ghaeltachta a neartú seachas é a lagú, rud a tharlódh dá gcuirfí cúramaí na Gaeilge ar fud an stáit ar an Údarás, mar a bhí beartaithe ag an Rialtas deireanach faoin Straitéis 20 Bliain.
chomh lagtha so weakened
" Bíonn na báid farantóireachta isteach is amach go hÁrainn Mhór, ag tarraingt roinnt daoine ag an áit ach tá Ailt an Chorráin chomh lagtha ag an bpointe seo, nach mbeadh aon fhonn ar dhaoine fanacht ann, mura mbeadh orthu.
Lagaíonn weakens
" Lagaíonn an seanchosc Afraiceach ar phósadh homaighnéasach an t-ocras daonna is bunúsaí, ocras na drúise”.
lagaithe weakened
" Ní raibh ach 145 de na teangacha seo fós ar marthain, de réir tuarascála a foilsíodh sa bhliain 2005 agus, mar bharr ar an donas, bhí a bhformhór acu lagaithe go mór agus i gcontúirt a múchta, mar a míníodh ar an iris seo (eagrán 110, Meitheamh 2010).
chomh lagaithe so weakened
sleaic ag teacht ar they’re weakening
" Ceist eile is ea caighdeán na n-earraí sin agus b’fhéidir go gcomharthaíonn a bhfuil ag titim amach i ngnóthaí soláthar earraí in iarthar domhain le tamall de bhlianta anuas go bhfuil, mar a deir an dream thiar, sleaic ag teacht ar lucht déantús earraí.
Lagan Fianaise a weakening of evidence
" Lagan Fianaise ====== Ní raibh an fhoireann ionchúisimh in ann fianaise aigéad dí-ocsairibeanúicléasach a chur faoi bhráid choiste na cúirte ag triail Stokes, agus bhí siad ag brath beagnach go hiomlán ar fhianaise Mc Laughlin dá bhíthin sin.
Lagaigh an bháisteach beagán the rain weakened somewhat
" Lagaigh an bháisteach beagán thart fán méanoíche, agus thosaigh an ghaoth ag teacht i bputhanna amháin.
lagaithe go mór ag an saol weakened by life(’s struggle)
" Tuigim an duine lag go rímhaith mar bhí mé mór le níos mó ná duine amháin a bhí gortaithe go dona agus a bhí lagaithe go mór ag an saol.
Lagaíonn a leithéid de racht domlasta such bitter outburst(s) weaken
" Lagaíonn a leithéid de racht domlasta aon phointe suimiúil atá déanta ag Flynn agus dá réir sin is beag aird a thabharfar ar a leabhar.
Tháinig lagú ar weakened
" Tháinig lagú ar an nGaeilge ó na ficheadaí i leith anuas go dtí, abair aimsir na n-ochtóidí nuair a tháinig Údarás na Gaeltachta isteach agus Donncha Ó Gallchóir, chuir sé an t-eagras sin ar bonn.
ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo weakening our resolve by now
" Bhí na logainmneacha seo leis an aidiacht 'mór' ag cur lagmhisnigh orainn fán tráth seo, gan trácht ar an droim sléibhe, Anacair, gar dúinn.
lagóidh sé a sheasamh it shall weaken his standing
" Mar gur tionscnamh de chuid Enda Kenny é, creidim gur buille mór in aghaidh a údaráis a bheas ann agus lagóidh sé a sheasamh taobh istigh dá pháirtí féin.
tá a dteanga á fabhtú ag their language is being weakened
" Dar le cuid de na Gearmáinigh níos coimeadaí, áfach, tá a dteanga á fabhtú ag an mBéarla.
mórán laige tagtha ar (not) much weakened
" Níl mórán laige tagtha ar an nGaeilge sa Spidéal ó shoin, ach tá meath mór tarlaithe taobh thiar den Spidéal, faraor.
fágtha lag lúbach weakened as a result
" Tá réimse den mhargadh nach bhfuiltear ag díriú aird mar ba chóir fágtha lag lúbach.
bhfuil lagar ar réimeas regime is weakened
" Tá Mícheál Ó hAodha den bharúil go bhfuil lagar ar réimeas al-Assad na Siria, ach go bhfuil cúinsí an taoibh sin domhain ag imirt tionchair ar an scéal i rith an ama.