cuirfidh muid tú amú
we'll mislead, misdirect you
Le gaineamh síobtha an tseachráin
cuirfidh muid tú amú.
sa chruth go dtig linn
so that we can
Fanóidh muid go buan
ag sclábhaíocht, más gá, ó Luan go Luan;
ag scuabadh agus ag sciúradh
go béasach in bhur dtithe bodaigh;
ag freastal agus ag friotháladh
go dúthrachtach in bhur dtábhairní;
Inár searbhóntaí agus inár seirbhísigh,
géilliúil agus cuideachtúil,
sa chruth go dtig linn, mall agus luath,
greim bídh a ghoid go tráthúil,
deaslámhach, d'ár gcuid páistí gortacha
ó chrúba craosacha bhur bhfuath.
beidh linn
we will be fine
A fhaid is go n-aithníonn muid go mbíonn fréamhacha na gcomhlachtaí ilnáisiúnta éadomhain go minic, go bhfeiceann muid na deiseanna atá ann ár bhfiontair féin a chruthú agus a fhorbairt, agus go ndéanann muid iad a bhunú agus a fhás go bródúil agus go cinnte,
beidh linn.
triallfaimid
we will travel
Triallom! (= Triallaimis!)
Bíodh gur 'Beo' is ainm don iris beolíne seo,
triallfaimid tamall i measc na marbh an chéad iarraidh seo.
a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti
that we can all be proud of
Caithfidh muid fanacht go dtí go bhfógrófar cé hé/hí an stiúrthóir nua le fáil amach cad é atá i ndán d'Áras Nua-Ealaíne na hÉireann amach anseo, ach tá McGonagle ag fágáil dánlainne ina dhiaidh
a dtig linn ar fad a bheith bródúil aisti.
charn muid
we collected, put together
Sa chéad bhailiúchán seo
charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus tú ag caint faoi éadach nó do cheirteach.
charn muid
we collected, put together
Sa chéad bhailiúchán seo
charn muid suas na focail agus frásaí sin is féidir a úsáid agus tú ag caint faoi éadach nó do cheirteach.
Nach bhfuil sé tuillte againn?
don't we deserve it?
"
Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
féadann muid giota a bhaint dó
we'd better get going
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus
féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
Nach bhfuil sé tuillte againn?
don't we deserve it?
"
Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
féadann muid giota a bhaint dó
we'd better get going
Ionnach go raibh Síle ar ais ón bheár agus a tóin fúithi nuair a dúirt Cian: "Caith siar anois é nó tá cóisir i dtigh Úna agus
féadann muid giota a bhaint dó más mian linn an bus deireanach a fháil.
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair
we can't wait to continue with the work
Tá mé féin agus mo chairde anseo i Milwaukee
ar bís le leanúint ar aghaidh leis an obair.
Rachaimid i dtaithí ar an euro
we'll get used to the euro
Rachaimid i dtaithí ar an euro gan mhoill.
bhí am ar dóigh againn
we had a great time
Ach
bhí am ar dóigh againn, bhí sé iontach *exciting.
éireoidh muid as na toitíní
we'll give up cigarettes
Sochaí fholláin?
Ach beidh Nollaig mhaith againn arís, agus rachaidh muid chuig an *gym* agus
éireoidh muid as na toitíní ar feadh coicíse go dtí go dtosóidh muid arís.
Soláthraíonn muidne
we supply
"
Soláthraíonn muidne teicneolaíocht do chomhlachtaí ar nós Digifone chun gur féidir leo cluichí agus a leithéid sin a chur ar fáil dá gcustaiméirí.
Bheartaíomar ar
we decided to
Bheartaíomar ar an deis a thapú chun comhlacht ceart a bhunú.
go bhfillfimid
that we'll return
Tá an méid sin suime sa Ghaeilge agus in Éirinn anseo, agus an méid sin éilimh orainn gur maith an seans
go bhfillfimid ar an áit seo go ceann bliana eile!
*Is as Contae Chill Dara ó dhúchas é Mark Ó Fionnáin.
ar eagla go mbuafaimid
in case we'll win
Ach fágfaidh mé seoladh teagmhála ag an ionad pobail,
ar eagla go mbuafaimid an crannchur.
scaramar
we separated
Ach throideamar ar buile agus
scaramar.
mhothaigh muid uilig
we all felt
"Tar éis na cigireachta, bhí muid ar fad scriosta, bhí *Transit Van* lán páipéir agus cáipéisí againn agus
mhothaigh muid uilig gur am agus airgead amú a bhí ann.
mar nach acmhainn dúinn
because we can't afford
Tá an fhoireann beag
mar nach acmhainn dúinn daoine eile a fhostú.
Chuamar amú
we got lost
Chuamar amú níos mó ná uair amháin i stáisiún traenach Shinjuku trína ngluaiseann ceithre mhilliún duine sa lá, roinnt páistí scoile ina measc, páistí a fhreastalaíonn ar ranganna breise ar a trí a chlog ar maidin.
Níor airigh muid riamh
we never felt
"
Níor airigh muid riamh gurbh áit í an tuaisceart a mbeadh fonn orainn an chuid eile d'ár saol a chaitheamh inti.
ní hacmhainn linn
we can't afford
An praghas dá réir, faraor;
ní hacmhainn linn oiread is ubhchupán a cheannach.
ó b'annamh linn corraí amach
since we seldom ventured out
Thob ann agus thob as againn ár ndeoch a thaoscadh agus éalú linn ach gan é de mhuineál againn cuid suntais a dhéanamh dínn féin
ó b'annamh linn corraí amach.
Bhíothas ár mbodhrú
we were being annoyed/deafened
Bhíothas ár mbodhrú ar chuile thaobh le fógraí le haghaidh deochanna nua alcólacha agus bhí tuilleadh airgid inár bpócaí le hiad a cheannach.
chinneamar ar
we decided
I ndiaidh seachtain a chaitheamh ag codladh i bpuball,
chinneamar ar lóistín na hoíche a fháil in óstán in Perugia.
a choimeádaimid greim air
that we retain it
Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Fios Feasa?
Baineann tábhacht faoi leith le *multimedia *in aon phróiseas foghlama: is mar sin is fearr a thugann daoine daonna eolas isteach, agus is mar sin is fearr
a choimeádaimid greim air.
chaitheamair díriú air
we had to focus/concentrate on it
Ach is mó i bhfad é an chéad mhargadh, agus chun a bheith praiticiúil gnóthúil,
chaitheamair díriú air.
dá laghad sinn
even though we are small in number
Ba cheart dá réir na rudaí a soláthraítear aisti a bheith dírithe ar na daoine atá á labhairt,
dá laghad sinn, seachas ar na daoine ná teastaíonn sí uathu in aon chor.
Caithfear a theacht leis
we'll have to live with it, accept it
Caithfear a theacht leis.
atá sé in acmhainn againn a íoc
that we can afford
An mhí seo caite, dúirt Bloomberg le tuairisceoirí: "Sa deireadh thiar, ba mhaith leis an chathair an méid
atá sé in acmhainn againn a íoc a thabhairt do gach oibrí.
go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach
that we take advantage of European money
Ach an bhfuil sé ceart
go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe
that we would turn our back on an enlarged Europe
Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus
ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
má dhiúltaíonn muid
if we reject
Ach an bhfuil sé ceart go dtiocfadh muid i dtír ar an airgead Eorpach ar feadh i bhfad agus ansin go dtabharfadh muid droim láimhe don Eoraip mhéadaithe?
Tá argóint ann go ndéanann comhlachtaí Meiriceánacha airgead a infheistiú in Éirinn de bharr muid a bheith inár mbaill den Aontas Eorpach agus
má dhiúltaíonn muid do Chonradh Nice go léireoidh sin easpa díograise agus go ndéanfar an t-airgead seo a infheistiú i bpostanna in Albain, Sasana agus oirthear na hEorpa.
dá ngéillfeadh muid don bhrú sin
if we gave in to that pressure
Cé a thógfadh orainn é
dá ngéillfeadh muid don bhrú sin?
Tá na tuairiscí léite agam, agus scanraíonn siad mé.
Níl baol orainn go fóill
we're not in danger yet
Déarfaidh tú leat féin, '
Níl baol orainn go fóill.
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn
to coax them with us as best we can
Tá mé ag déanamh an dóigh chun tosaigh ná
iad a mhealladh chomh maith is a thig linn.
D'atóg muid rudaí
we rebuilt things
D'atóg muid rudaí roimhe seo, agus léiríonn aitheasc Tony Blair i mBéal Feirste an mhí seo caite go gcreideann sé go bhfuil muid ag tarraingt ar an bhunscríbe, an *endgame*.
théadh muid ansin
we used to go there
Cén fáth? Bhuel,
théadh muid ansin agus mé i mo ghasúr óg, agus bhíodh cead agam dul go dtí na *amusements*.
Ba ghnách linn casadh le chéile
we used to meet
"
Ba ghnách linn casadh le chéile ag cruinnithe d' eaglaisigh agus bhí seirbhís mhór idireaglasta sa Hyde Parish Church of England nuair a tháinig an scéal faoi Shipman amach ar dtús.
leanamar ar aghaidh uaidh sin
we continued from there
Bhaineamar an-taitneamh as an gcúpla cleachtadh a bhí againn agus
leanamar ar aghaidh uaidh sin.
Níor chomhairigh muid
we didn't count
Níor chomhairigh muid na laethanta, ach déarfainn gur thóg sé gar go leor do choicís orainn.
ghlaoití
we used to be called
"Muide a tháinig as ceantar an Spidéil isteach go Gaillimh ag an am sin,
ghlaoití *rednecks *orainn, agus ainmneacha mar sin.
an chaoi ar múineadh muide
the way we were taught
Tá muid ag múineadh na ndaoine óga
an chaoi ar múineadh muide tríocha nó ceathracha bliain ó shin.
Tá an t-ádh orainn
we are lucky
Tá an t-ádh orainn i Santa Cruz go bhfuil mórán ceoltóirí den chéad scoth ag teacht anseo.
casadh ar a chéile muid
we met
Cuireadh chun dinnéir a thug sé dom agus
casadh ar a chéile muid sa bhialann is ansa leis in Éirinn: TGI Friendly.
nach bhfuil éirithe linn
that we haven't managed
Cén fáth nach féidir le tír bheag mar seo a cuid gnóthaí a eagrú go hionraic agus go cothrom?
An é go bhfuil leithéidí John Waters (*The Irish Times*) ceart nuair a deir sé
nach bhfuil éirithe linn imeacht, fiú fós, ó thionchar an choilíneachais, ar chaith muid na céadta bliain faoi, agus go gcaithfidh muid fós a bheith ag cleasaíocht agus a bheith mímhacánta mar a bhí orainn a bheith leis na tiarnaí talún fadó!
dá bhfuil bainte amach againn
of all we have achieved
Sin an rud is tábhachtaí
dá bhfuil bainte amach againn, is dócha.
Ní bhíonn muid ag fáinneáil thart
we don't hang around
Ní bhíonn muid ag fáinneáil thart.
Bhí orainn an áit a thréigbheáil
we had to abandon the place
Bhí orainn an áit a thréigbheáil.
Bhraith muid an-bhródúil
we felt very proud
Bhraith muid an-bhródúil nuair a thóg an captaen, Ronnie Whelan as Baile Átha Cliath, an corn san aer.
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad
if we allowed them to see all the adverts
dá ligfimis dóibh breathnú ar na fógraí ar fad bheadh muid bodhraithe ceart ag na leaids ó mhaidin go hoíche.
nach gá dúinn
that we don't have to
Céard is féidir linne a dhéanamh faoi? An chéad chéim ná a thuiscint gur féidir rud éigin a dhéanamh faoi,
nach gá dúinn an biachlár BigMac seo a shlogadh go deo.
beidh orainn deireadh a iompar thart
we'll have to carry everything around
Má fhaigheann muid tacsaí
beidh orainn deireadh a iompar thart i rith an lae.
dá bhfuil bainte amach againn
of all we have achieved
Sin an rud is tábhachtaí
dá bhfuil bainte amach againn, is dócha.
Níor ghá dúinn déirc a iarraidh
we wouldn't have to look for charity
Níor ghá dúinn déirc a iarraidh sa mBruiséal: bheadh neart airgid againn chun ár gcuid mótarbhealach féin a thógáil.
an fhad is atá muid
as long as we are
Agus ní bheadh muid sa riocht ina bhfuil muid anois, an tionscal iascaireachta ag dul go tóin poill agus diabhal tada gur féidir linn a dhéanamh faoi
an fhad is atá muid san Aontas Eorpach.
Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil
we took the political situation for granted
"
Rinne muid talamh slán den staid pholaitiúil.
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig
we were all created equal on this earth
Cruthaíodh cothrom ar an domhan seo muid uilig, agus tá a pháirt féin ag achan duine.
An dtig linn
can we ...?
An dtig linn cur suas le fiche bliain eile den choimhlint seo?
*Is iriseoir leis an *Irish News* i mBéal Feirste é Robert McMillen.
bhí sé de ghustal againn
we could afford
Nuair a bhí an geillgear faoi lánseol tuairim is 15 bliana ó shin,
bhí sé de ghustal againn costais an mhaonlathais a íoc.
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois
but we've taken a step forward now
Tá staid na tíre ag cur ráiteas ciniciúil i gcuimhne dom: "Bhíomar ar bhruach aille inné,
ach tá céim chun tosaigh tugtha againn anois.
thig linn a bheith dóchasach
we can be optimistic
Sin ráite, tá Rann na Feirste níos Gaelaí ná mar a bhí tá 15 bliana ó shin agus, má mhaireann an biseach,
thig linn a bheith dóchasach.
bailimid le chéile
we gather together
AÓF: Má tá baill an bhanna ina gcónaí in áiteachaí difriúla conas a eagraíonn sibh an ceol agus an cleachtadh? Cé a dhéanann an cóiriú ar an gceol?
DNíS: Roimh thuras a dhéanamh
bailimid le chéile i Philadelphia chun cleachtadh a dhéanamh.
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá
that we'd fall out with our friends in America
Níor mhaith le héinne in Éirinn
go n-éireodh idir muid féin agus ár gcairde i Meiriceá ach, má thosaíonn cogadh, tá an chuma ar an scéal go bhféadfadh a leithéid tarlú.
an aois ina maireann muid
the age in which we live
Léargas beag eile ar an dóigh a mbraitheann an dearcadh atá againn ar an áit ina bhfuil muid agus
an aois ina maireann muid.
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart
if we could handle it right
"Deinim amach,
dá bhféadfaimis é a ionramháil i gceart agus a bheith ana-chúramach ina bhun, ní gá gur ag mealladh daoine ón nGaeilge nó ó na ranna Gaeilge ar fad a bheadh Léann na hÉireann ach ag tabhairt daoine de réir a chéile isteach sa líon, más maith leat.
ní mór dúinn
we have to
Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach,
ní mór dúinn saol poiblí a chruthú ina dtugtar tús áite don smaoineamh cruthaitheach seachas seanghréasán na gcarad.
de réir mar a thagann muid i méadaíocht
as we grow up
Is minic, áfach, a chailleann muid an tsaoirse seo
de réir mar a thagann muid i méadaíocht.
atá á gcruthú againne anois
that we are creating now
Is iad na struchtúir
atá á gcruthú againne anois a bheas mar dhúshraith d'fhorbairt na Gaeilge sa todhchaí.
nuair nach mbíonn súil againn leo
when we don't expect them
Agus cá bhfios nach dtarlóidh sé sin mar, tar éis an tsaoil, nach é iontas agus díol spéise cúrsaí spóirt ná go dtarlaíonn an toradh gan choinne agus an t-éacht glórmhar
nuair nach mbíonn súil againn leo.
go mbainimís níos mó spóirt as
that we used to enjoy it more
D'ainneoin an sórt sin saoil, is dóigh liom
go mbainimís níos mó spóirt as agus nach raibh an sórt duaircis seo (cé go mbuaileadh mise breoite, ceart go leor) agus an phusadaíl a bhíonn ag daoine óga inniu aon chor ann.
is a dúradh linn roimh ré
as we were told in advance
Tá cogadh na hIaráice faoi lán seoil agus an chuma ar an scéal faoi láthair nach mbeidh sé thart chomh tapa
is a dúradh linn roimh ré.
ba ghnách linn
we used to
Cúig bliana is fiche ó shin
ba ghnách linn dul go Dún Éideann ó Learpholl ar an traein le haghaidh lá saor.
rinne muid rópadóireacht síos
we abseiled
Chuaigh mé féin agus Jamie, stócach Albanach, suas gan mórán stró, agus
rinne muid rópadóireacht síos arís.
Níl éirithe linn
we haven't managed
AÓF: Cé mhéad duine atá ag obair in oifig an Oireachtais?
LÓM: Beirt! Beirt go lánaimseartha!
AÓF: Cén chaoi a bhfuil ag éirí libh mar sin?
LÓM:
Níl éirithe linn, ar aon scála mór, na hiomaitheoirí a mhealladh chuig Féile Bhealtaine.
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin
if we got one application
Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas.
Rinne muid amhlaidh
we did so
Rinne muid amhlaidh ar mhaithe le roinnt léitheoirí a bhfuil a gcáiréis féin acu.
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin
we wanted to cater for our own community
Theastaigh uainn freastal ar ár bpobal féin, i.
Léiríomar gearrscannán
we produced a short film
Léiríomar gearrscannán do Bhord Scannán na hÉireann agus bhí baint nach beag againn i léirithe scannáin eile.
níl cent rua déanta againn
we haven't earned a cent
Nílim ag rá gurb é an t-airgead an rud is tábhachtaí, ach go dtí seo
níl cent rua déanta againn.
atá á dtairiscint againn
that we are offering
Tá muid ag obair ar shuíomh gréasáin a thabharfas eolas ar an cheantar agus ar na cúrsaí
atá á dtairiscint againn.
galann muid í
we steam it
Níonn muid í agus
galann muid í ag 120 céim.
theip orainn
we failed
Ba mhian linn leanúint ar aghaidh ach
theip orainn múinteoir eile a fháil.
thairg muid
we offered
Fuair muid seomra ar cíos i scoil áitiúil agus
thairg muid ranganna san fhómhar agus san earrach.
Bhailímis le chéile
we used to gather together
Bhailímis le chéile uair sa mhí le haghaidh comhrá, lóin agus léimh.
san fhaopach a bhfuil muid ann
in the fix we're in
Dá mbeadh fís aige den bhealach romhainn, ní bheadh muid
san fhaopach a bhfuil muid ann, a deir siad.
Féadann muid muid féin a chraitheadh
we need to get a move on
Féadann muid muid féin a chraitheadh.
B'éigean dúinn
we had to
B'éigean dúinn fanacht thart tamall fhad is a bhí siad ag scríobh a leithscéal táiríseal agus ansin bhí cúpla pionta againn le chéile sa teach tábhairne.
formhór dá bhfoilsímid
most of which we publish
Déanfaimid
formhór dá bhfoilsímid a choimisiúnú dá réir sin.
braithimid
we feel
Tá feabhas an-mhór tagtha ar na scéimeanna trína gcuirtear maoiniú ar fáil, ach ní cumarsáid aon-treoch a bhíonn ann; bíonn tionscal na foilsitheoireachta ag forbairt i gcónaí agus
braithimid go bhfuil dualgas orainne mar fhoilsitheoirí deiseanna a chur ar a súile do na heagrais mhaoinithe.
Scoith muid
we passed
Scoith muid trí oileán bheaga chothroma ansin a luíonn ina líne san fharraige agus Oileán Lao an t-ainm atá ar gach ceann acu.
a dúradh linn
we were told
An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach?
Ba é an rud is mó a rinne muid an nuachtán a fhoilsiú go laethúil, rud,
a dúradh linn, nárbh fhéidir a dhéanamh.
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin
we had intended looking at the birds
"
Bhí sé ar intinn againn amharc ar na héin, ach rinne muid dearmad ar ár gcianghloiní.
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn?
Have we anything to laugh at?
An bhfuil ábhar grinn ar bith againn?
Tá, ach is ar éigean é, ainneoin eisceachtaí suntasacha.
a ndearnamar tagairt di
that we referred to
Dar ndóigh tá díograiseoirí i gContae Aontroime agus ar fud Uladh atá sásta an obair a dhéanamh ach níl an taithí úd
a ndearnamar tagairt di acu.
bhí orainn cleachtadh
we had to practise
Bhí muid i gComhaltas Ceoltóirí Éireann, mar sin
bhí orainn cleachtadh gach seachtain agus an grúpa ceoil a dhéanamh agus rudaí mar sin.
Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh
I feel we have been disserviced as Americans
"
Braithim go bhfuil droch-chomaoin curtha orainne Meiriceánaigh ag na leabhair sin go léir atá tar éis miotas Camelot a chothú.