Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Niata pugnacious, warrior-like
" Ba chuma má bhí an litir le dul chuig Bertie an Súmaire Niata seachas Balor na Súile Nimhe; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP II an litir a chur isteach sa chlúdach; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP II cérbh é Bertie nó cén fáth go raibh sé ag scríobh chuige an chéad lá; ba chuma má bhí dearmad déanta ag EP cérbh é EP II féin; chomh luath agus a chonaic Balor postmharc na Vatacáine buaileadh é le taom trom cráifeachta.
gníomhartha gaisce warrior deeds
" Chuireadh scéalta ar nós Luaithríona, Na Leanaí sa Choill, Cochaillín Dearg, Alaidín, Robin Hood gliondar ar do chroí agus bhaineadh idir óg agus aosta sult as oíche a bheadh lán craic, ceoil, grinn agus magaidh – gan trácht ar an scéal! Théadh gach cailín óg abhaile ag deireadh an tseó ag brionglóidigh faoi bheith ina banphrionsa deas dóighiúil agus an mac rí is dathúla ar domhan ar a ghlúin roimpi agus gach buachaill beag á shamhailt féin ina rí ar thír nach bhfuil aon trácht ar chailíní óga ann ach atá lán d’óglaigh chalma nach bhfuil a dhath ar a n-intinn ó mhaidin go hoíche acu ach gníomhartha gaisce agus bearta laochais.
ghaiscíoch warrior
" Is mé an cainteoir dúchais deireanach de chainteoirí caoine ceannasacha Liatroma, bail ó Dhia orm mar ghaiscíoch gasta groí, sa chiall is cultúrtha de na focail sin, agus bail ó Dhia ar shluaite na marbh a d’imigh romham agus iad ag spalpadh Ghaeilge bhinn bhlasta Liatroma agus iad ar a ndé dheiridh agus an bás ag bagairt orthu, bail ó Dhia ar an bhás.
lúan láith warrior moon
" Le linn a riastartha, léimeadh a ‘lúan láith’ amach as a chloigeann agus thugadh aghaidh in airde spéire.
Laoch warrior
" Is beag gairdeas Nollag ná fáilte na féile a bhíonn le sonrú ar a chaint chadránta nuair a bhíonn Laoch na Litríochta faoi lánseol ag ceasacht go casaoideach faoin chréatúr caoinbhéasach sa chóta dearg.
ngaiscíoch críonna old warriors
" Chuaigh umhlaíocht na ngaiscíoch críonna i gcion go han-mhór ar an lucht féachana ollmhór agus ba ríshoiléir nár chreid na seansaighdiúirí go raibh aon mhaitheas i gcogaíocht.
laochra faoi dhraíocht entranced warriors
" Tá gaol an-láidir idir an talamh agus an fharraige anseo, agus bíonn scéalta go leor eile le hinseacht, gan trácht ar na dolmainí agus cromleaca - uaigh Dhiarmaid is Ghráinne - agus na maen hir, nó ‘clocha fada’ atá le feiceáil ar fud na bpáirceanna faoi mar a bheadh laochra faoi dhraíocht ag cumhacht nach n-aithnítear a thuilleadh.
ngaiscígh warriors
" Tá siad ina gceannródaithe, ina laochra, agus tá siad ina ngaiscígh.
faoi chinniúint na nUltach about the fate of the Ulster warriors
" Níl a fhios agam an mbeidh orm turas na Síne a dhéanamh ag cantaireacht sa tSean-Ghaeilge faoi Dheirdre agus faoi chinniúint na nUltach.
laochra an ghrúpa the group’s warriors
" Ná culaith leathair a chaitheamh agus mo shainbhéic a ligean le laochra an ghrúpa.
laoch na litríochta the literature warrior
" Ach, mar is eol go maith do Bhalor, laoch na litríochta, tá an bás sin á thuar ón am a scríobh Dáibhí Ó Bruadair ‘D’aithle na bhFileadh’, agus go minic roimhe sin, b’fhéidir.
stíl an ghaiscigh liteartha seo this literary warrior’s style
" Tionchar mór ar chur chuige liteartha Wallace ab ea an tÉireannach cinnte, cé go raibh scríbhneoirí eile cosúil le DeLillo a chuaigh go mór i bhfeidhm ar stíl an ghaiscigh liteartha seo.
Gníomhartha Laochra an Imshaoil the environmental warrior’s deeds
" Gníomhartha Laochra an Imshaoil ============== Ní mó ná sásta a bhí na rialtais abhus le cur chuige na Seapáine, go háirithe nuair a bhí an tseilg bhliantúil ar siúl sa Teiscinn Theas, limistéar ina bhfuil suim faoi leith ag an Astráil.
n-éicealaochra eco-warriors
" Thug rialtas na Seapáine éicsceimhlitheoirí ar bhaill an chumainn, ach mheas muintir na gluaiseachta glaise go raibh siad ina n-éicealaochra.
spiorad an niachais beo inár measc the warrior spirit in our midst
" Ní bheadh Éire sa riocht ina bhfuil sí dá mbeadh spiorad an niachais beo inár measc; ní ligfí do na húdaráis Teamhair na Ríthe a réabadh; ní ligfí don Triúracht (Troika) cos a leagan ar thalamh bheannaithe na hÉireann.