Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
soghonta vulnerable
" ) Ach tá dath difriúil ar chuid mhaith de na Moslamaigh agus caitheann mná caifirín agus mar sin tá siad feiceálach go maith agus soghonta.
leochaileach vulnerable
" Ag na hamanna sin go léir, bhí daoine sásta an eaglais leochaileach a chosaint le smaointe nó le harm.
leochaileach vulnerable
" Tá meas agam ar an chorp agus, ag an am céanna, ba mhaith liom é a léiriú ar bhealach leochaileach.
leochaileach vulnerable
" Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge? Tá sé deacair ag duine fís a bheith aige sa lá atá inniu ann fá dtaobh de rud ar bith agus an saol seo ar rothaí mar atá, gan trácht ar fhís a bheith aige fá dtaobh de theanga chomh leochaileach leis an Ghaeilge.
daoine leochaileacha vulnerable people
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
daoine leochaileacha vulnerable people
" Bhain Gardaí lofa mí-úsáid as daoine leochaileacha (go minic ar bheagán oideachas) ar mhaithe le hardú céime a bhaint amach.
cosaint an-leochaileach very vulnerable defence
" Is cuimhin liom go raibh na saineolaithe san am á rá go raibh cosaint an-leochaileach ag foireann sin na Brasaíle ach go raibh na tosaithe an-mhaith.
leochaileach vulnerable
tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo vulnerable people are taken advantage of in these programmes
" ” Gan amhras, tagtar i dtír go minic ar dhaoine leochaileacha sna cláracha seo agus is in olcas atá siad ag dul – tá na bobanna a bhuailtear ar dhaoine ag éirí níos táirí agus níos gránna le gach sraith nua a chuirtear amach.
gearrshaolach agus leochaileach transitory and vulnerable
" Is rud gearrshaolach agus leochaileach é lúbra den chineál seo, a mbíonn daoine ag siúl air, ach tá féar curtha againn a bhíonn in úsáid ar na páirceanna móra peile sa tír agus cuideoidh sin le saol níos faide a thabhairt dó – é sin agus na cuairteoirí a gcuid buataisí móra siúlóide a fhágáil sa bhaile!” D’oibrigh grúpa pobail áitiúil i dteannta leis an chomhairle contae agus English Heritage leis an seanphatrún a leanúint agus na síolta úra féir a chur.
na daoine is leochailí the most vulnerable people
" Meastar nach bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt ach go háirithe do na daoine is leochailí sa tír - iad siúd a bhfuil post ar phá íseal acu.
gur ghortaigh mé daoine leochaileacha. that I hurt vulnerable people
" Bhí aiféala an domhain orm gur ghortaigh mé daoine leochaileacha.
mealltach do dhaoine leochaileacha, enticing to vulnerable people
" Nach iontach an rud é an fhoilsitheoireacht deisce?! **Feachtas**Shíl mé go mbeadh stuif mar seo mealltach do dhaoine leochaileacha, agus ba dhíol spéise é, dar liomsa, go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Office of Fair Trading (OFT) i Sasana den tuairim chéanna – chuir siad tús le feachtas nua dar teideal Scams Awareness Month i mí Feabhra.
áiteanna fíorleochaileacha really vulnerable places
" Ach seachas a rá leis an bpobal go mb’fhearr dóibh carranna níos lú a thiomáint agus níos mó airgid a chaitheamh ar thaisteal poiblí, deir an tionscal ola gur cheart deireadh a chur le srianta ar dhruileáil ola sa tír, is cuma más in áiteanna fíorleochaileacha mar The Arctic National Wildlife Refuge a ndéanfaí an druileáil.
leochaileach vulnerable
" Tríd an gcnuasach uilig, tá úsáid na teanga thar a bheith tuairisciúil; fileata agus glan uaireanta; slachtmhar, neamhcháidheach – chomh foirfe sin go mbraitheann sé leochaileach.
soghontacht vulnerable
" I mbeagán focal, aithníonn an Conradh nach tráchtearraí indiúscartha iad imircigh ach daoine daonna a bhfuil cearta acu is a bhfuil soghontacht faoi leith ag baint leo toisc iad bheith lasmuigh dá stáit dhúchais.
is soghonta a bheas thíos léi most vulnerable who shall suffer as a result
" Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.
i gcoinne mionlach éislinneach against a vulnerable minority
" Dealraíonn scéal na Chamberlains an dóigh gur féidir le claontacht sna meáin scaoll thar na bearta a chruthú i gcoinne mionlach éislinneach.
guth do na daoine soghonta seo a voice to these vulnerable people
" Déanann na himeachtaí agus na hagóidí a eagraíonn siad aird an phobail is na bpolaiteoirí a tharraingt ar chás na n-inimirceach lasmuigh den dlí agus ag an am céanna tugtar guth do na daoine soghonta seo.
Fómhar na Soghontachta the vulnerable harvest
" Fómhar na Soghontachta ========== Is dócha gurb iad mná atá i láthair i dtír gan cead na daoine is mó atá i mbaol na mí-úsáide.
ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha focussing in his work on vulnerable people
" Tá an déantóir scannán Phil Collins, atá ar ghearrliosta Dhuais Turner i mbliana, ag díriú ina shaothar ar dhaoine leochaileacha a ndearna an seal a chaith siad ar chlár de chuid Theilifís na Réaltachta dochar dóibh.