Níor aistrigh mé riamh go dtí gur aistrigh mé go hÉirinn!
Beo!: Cén chéad teagmháil a bhí agat leis an Ghaeilge?
AH: Ar saoire, ag iarraidh ciall a bhaint as na gutaí ar fad i mullach a chéile ar na comharthaí bóthair!
Beo!: Cén tslí ar fhoghlaim tú an teanga?</p
AH: Thosaigh mé le leabhair agus téipeanna, mar a thosaíonn gach foghlaimeoir, déarfainn.
Ó thaobh feachtasaíochta, tháinig cártaí vótála amach le haghaidh na dtoghchán éagsúil, fothoghcháin, toghchán na hEorpa agus m’ainm litrithe gan síneadh fada, an seoladh scríofa amach i mBéarla cé gur chláraigh mé mé féin i nGaeilge.
Ag féachaint dom le fuineadh gréine ar Log na Coille agus eile os cionn cheithre scór míle siar uaim thar muir, thuig mé de phlimp gur guta cúnta (ə) atá idir an ‘-ll’ agus an ‘M-‘.
Duine ar bith díobh sin ar chuir mé caidéis orthu, ní bheadh a fhios agam nach le bean nó fear Gaeltachta a bhí mé ag comhrá: ba shlán gach caol agus leathan acu, gach fada agus gearr, gach séimhiú agus urú.