Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
físiúil visual
" Gheobhaidh tú anseo léargas fáiltiúil físiúil ar an saol sin as ar fáisceadh leithéidí Pheig Sayers, Tomás Ó Criomhthain (An tOileánach), Muiris Ó Súilleabháin (*Fiche Blian ag Fás*) agus iad ag stracadh i gcoinne an chruatain agus réabadh na mara móire.
áiseanna closamhairc audio-visual facilities
" Mar is eol dúinn, is iad na modhanna céanna teagaisc agus na téacsleabhair agus áiseanna closamhairc céanna a úsáidtear i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta den chuid is mó - modhanna agus áiseanna atá dírithe ar mhúineadh na Gaeilge mar dhara teanga, ní ar mhúineadh scríobh agus léamh na Gaeilge do chainteoirí dúchais.
thruailliú radharcach agus cluasach visual and aural pollution
" Caint anois ar thruailliú radharcach agus cluasach.
suiteálacha closamhairc audio-visual installations
" Baineann sé féin úsáid as uirlisí agus as teanga na meán chun grianghrafanna, fiséain agus suiteálacha closamhairc a chruthú agus dúshlán tuisceana a spreagadh sa lucht féachana.
amharcealaíona visual arts
" Tháinig ionaid Bharra an Teampaill le chéile le haghaidh Lá Oscailte cuimsitheach i lár mhí na Nollag, rud a thug deis don phobal blaiseadh a fháil den réimse imeachtaí atá ar siúl sa cheantar faoi láthair: inbhuanaitheacht (Cultivate), ceol (Ionad Ceoil Bharra an Teampaill), taispeántais ghrianghrafadóireachta (Scoil Ghrianghrafadóireachta DIT), amharcealaíona (Gailearaí Bharra an Teampaill), drámaíocht (Project Arts Centre) agus scannáin (Institiúid Scannán Éireann).
atmaisfear físiúil agus meitifisiciúil a visual and methaphysical atmosphere
" Chruthaíonn Clemente atmaisfear físiúil agus meitifisiciúil trí úsáid a bhaint as dathanna ar bhealach neamhréalaíoch.
sa tionscal closamhairc in the audio-visual industry
" Nuair a rinne an tÚdarás cinneadh straitéiseach infheistíocht a dhéanamh sa tionscal closamhairc, thapaigh Pól Ó Cuimín a dheis.
ealaíne físiúla visual art
" Agus, de réir rialacha na Comhairle Ealaíon, níl cead cur isteach ar mhaoiniú má tá an obair déanta agat cheana!" Spás agus solas ======= Is mór an tábhacht a bhaineann le spás agus solas i dtaispeántas ealaíne físiúla.
ealaín fhísiúil visual art
" Sin an fáth go dteastaíonn ealaín fhísiúil uainn mar dhaoine daonna.
thraidisiúin físe visual tradition
" " Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
taispeántas mórthaibhseach radharcach spectacular visual display
" Cuirfear tús oifigiúil leis na himeachtaí ar an 8 Eanáir le taispeántas mórthaibhseach radharcach dar teideal *Awakening* ina bhfeicfear nathair mhór mhillteach, cruthaithe as tine, soilse, piriteicnic agus ceol, ag teacht chun beatha agus ag síneadh amach a coirp leis na trí dhroichead sa chathair a thrasnú.
breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire more than two hundred poets, visual artists and scribes
" Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an dá thír.
san earnáil chlosamhairc in the audio-visual sector
" Tá fostaíocht shuntasach curtha ar fáil i réimse na teilifíse agus san earnáil chlosamhairc.
aidiachtaí radharcacha visual adjectives
" Úsáidtear dathanna go minic mar aidiachtaí radharcacha le cur síos a dhéanamh ar ghiúmar duine agus is é an bunsmaoineamh sin a spreag grúpa eolaithe ó na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain le bealach a aimsiú chun ealaín a léiriú a athraíonn de réir mar a athraíonn dreach an duine atá á breathnú.
idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, both visual and print media,
" Tá borradh suntasach tagtha ar na meáin Ghaeilge, idir mheáin fhíse agus mheáin chlóite, le 30 bliain anuas.
an-fhísiúil. very visual.
" “Shíl mé gur chóir go mbeadh an áit dúchais an-tábhachtach go fóill i saol na gcarachtar agus theastaigh uaim go mbeadh an smaoineamh sin an-fhísiúil.
cur chuige físiúil visual approach
" Agus is dócha gurb é sin an bua is mó atá ag lucht Fhíbín – tá cur chuige físiúil ag an gcompántas agus tuigeann siad an chaoi le daoine a chur ag gáire, is cuma mura bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu.
ar bhealach fisiúil in a visual way
" “Buntáiste ollmhór dúinn is ea é nach bhfuil Gaeilge aige, mar sa gcaoi sin, is féidir leis a chinntiú go gcuirfear an seó i láthair ar bhealach fisiúil a thuigfidh chuile dhuine.
amharcíomhánna visuals
" De réir mar a bhí Phoenix ar snámh tríd an spás, bhí Mars Express ag tabhairt cluas le héisteacht dá raibh á tharchur ag an spásárthach agus ag bailiú amharcíomhánna tríd an chóras MELACOM – córas a úsáideadh roimhe seo agus na róbait Spirit agus Opportunity ar thurais thaiscéalaíocha ar Mhars.
an taispeántas amharcealaíon the visual arts exhibition
" Beidh an taispeántas amharcealaíon seo ar siúl ar feadh sé seachtaine.
scéala físiúla visual stories
" Bhí Ken dulta i dtaithí ar scéala físiúla a insint – má bhíonn cogadh i gceist, feiceann tú toradh uafásach na mbuamaí agus na n-urchar; má bhíonn gorta i gceist, is léir duit na coirp chnaíte.
le haghaidh dháileadh ábhair físe for the distribution of visual material
" tv) ná seirbhís ar líne le haghaidh dháileadh ábhair físe a bhaineann le ceol.
na dearcealaíona the visual arts
" Mhothaigh sé na nascanna láidre atá idir an teanga, an cultúr, an ceol agus na dearcealaíona.
fhísiúl visual
" Creidim gur fearr i an teanga fhísiúl seo ná an teanga labhartha mar áis chun dul i ngleic le smaointe uilechoiteann ar chultúr.
físiúla visual
" Gearrtha le rithim an tsúnáis, tá teannas idir na háilleachta físiúla agus tuar dorcha na tubaiste ina dhiaidh sin.
fhísiúla visual
" ” Tá clú agus aitheantas náisiúnta ar ailtireacht Doherty as ucht na fhoirgnimh phoiblí fhísiúla, mhuiníneacha atá curtha ar fáil acu.
físe visual
" Agus sí an teip is mó díofasan uilig ná teip bhunúsach scripte agus físe.
físiúil visual
" Guth tomhaiste, físiúil, dúshlánach.
físiúil visual
" Tionsnamh dúshlánach atá ann, gan amhras, agus tá an-dóchas aige go mbeidh an cnuasach seo, ní hamháin físiúil agus spreagúil do thumadóirí mara, ach go mbeidh sé, de réir a chéile, ina dhúshraith do sceir choiréil nua.
iareagarthóir físe former visual editor
" Stiúrthóir: **Risteard Ó Domhnaill** Léiritheoir: **Rachel Lysaght** Eagarthóirí: **Nigel O’Regan agus Stephen O’Connell** Cliar: **Pat (The Chief) O’Donnell, iascaire agus Willie Corduff, feirmeoir** Fad: 60 nóiméad Mar iareagarthóir físe, deirimse leat nach in éad le Nigel O Regan a bhí mé nuair a chuala mé an líon uaireanta an chloig de bhuntéip a leagadh os a chomhair; 400 céad! Tá ardmheas tuillte aige as an tsúil ghéar agus as an máistreacht theicniúil atá léirithe aige sa scannán An Píopa.
ealaíona closamhairc aural visual arts
" “Thig le cathracha cuid mhór cultúir a onnmhairiú, faisean, ealaíona closamhairc, srl.
fhísiúil visual
" Go príomha, caithfear a fhiafraí an féidir aon ní a choinneáil faoi choim in aois seo an idirlín? Óir is fearann fiáin, aindleathach é an an cibearspás nach n-aithníonn aon teorainn fhísiúil, chluaise ná scríofa.
tionscadal físiúil visual project
" Ní Saill gan Fiacha É ========== Thosaigh an tionscadal físiúil seo ocht mí dhéag ó shin, agus ba cheann de na tionscadail is suaithinsí é, a fuair tacaíocht faoi Chiste Forbartha Réigiúnach na hEorpa de Chlár na Síochána III 2007-2013.
tionscal na físe agus closamhairc audio visual industry
" Ba shin é bunú an tionscail seo agus is cuma céard déarfas muid, tá tionscal ann, tionscal na físe agus closamhairc.
cur leis an tionscal físe add to the visual production industry
" Meitheal Forbartha na Gaeltachta =================== **SMM: Cad é an dóigh chun cinn sa Ghaeltacht nuair a tchímid Meitheal Forbartha na Gaeltachta druidte dúnta agus srianta ar Údarás na Gaeltachta? Ar cheart cur leis an tionscal físe? - Go mbeadh seirbhís iomlán teilifíse Ghaeilge ann a bheadh ag freastal ar na cainteoirí is saibhre sa Ghaeltacht agus ar ‘Éire na Gaelscolaíochta’ fosta mar tá an ghlúin Gaeilgeoirí aníos sa Ghalltacht ag éirí iontach líonmhar?** DMFh: Aithním an obair a bhí á déanamh ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta ó bunaíodh iad agus an freastal agus seirbhísí a thug siad do mhuintir na Gaeltachta.
físiúil visual
" Bhí muid ag iarraidh rud éicint siamsúil, spraoiúil agus físiúil a dhéanamh.
ngnóthaí físe agus craolta broadcasting and visual matters
" Má tá neamhfheidhmiúlacht Ghaeilge curtha i leith ranna rialtais ó bhunú an tSaorstáit anuas, tá athbheochaint i gceol na hÉireann, i saol rince agus dam(h)sa gaelacha – ar fud an domhain, i ngnóthaí spóirt (na Gaeil Óga, foireann ag Gael-Taca, Comórtas Laochra Loch Lao 7 eile nuair a thiocfas ann dóibh), sa damsa aonair, sna hamhráin sean-nóis, i scolaíocht lán-Ghaeilge, i ngnóthaí físe agus craolta na Gaeilge le glúin anuas.
scánnain agus físe film and visual
" Is é an catagóir scánnain agus físe an catagóir is mó idir líon na dtograí agus líon airgead ardaithe ag $59.
Glinne na Leathshúile the visual sharpness of one eye
" Glinne na Leathshúile ======== **Balor: Is léir go bhfuil tú iontach bródúil as daltaí na scoile seo, agus is léir dom go bhfuil siad siúd thar a bheith bródúil as a gcumas sa Ghaeilge.
a mhacasamhail d'ábhar físe similar visual material
"a mhacasamhail d'ábhar físe ag TG4 le seacht mbliana déag anuas gan trácht ar na cláracha Gaeilge a rinne RTÉ ó bhunú an stáisiúin i leith.
Cur síos i bhfís agus i bhfocail a visual and verbal description
" Cur síos i bhfís agus i bhfocail ar thír aduain, anaithnid… atá i lár an aonaigh.
fhís-iriseoir visual journalist, VJ
" , agus bhí frustrachas áirithe uirthi faoin mhéid a bhí a dhéanamh aici agus í ag iarraidh scéalta níos daonna a dhéanamh, mar fhís-iriseoir (VJ).
comhtháite le fís, fuaim agus focail a combined visual, audio and script (package)
" Tá a fhios agam go bhfuiltear ag rá le blianta go bhfuil na meáin ar fad ag teacht le chéile, agus nach mbeidh aon bhrí a thuilleadh leis na coincheapa ‘stáisiún teilifíse’, ‘nuachtán’ ná ‘stáisiún raidió’ nuair is féidir leat pacáiste comhtháite le fís, fuaim agus focail a sholáthar le chéile ar shuíomh idirlín nó ar áis soghluaiste.
bhforbairt an réimse closamhairc i mBriotáinis development of the Breton audio visual sector
" Is céim é seo i bhforbairt an réimse closamhairc i mBriotáinis, earnáil atá teoranta go leor cheal airgid.
closamhairc audio visual
" Súil a choinneáil ar an bhunchúram:** Buntáiste eile a bheas ag an nuachtán ar líne ná go mbeidh sé in ann ábhar físeáin agus closamhairc a phostáil fosta.
a lárnaí is atá tionscal na físe how central the film/visual/video industry is to
" Léiríonn nochtadh scéal Gaeltachta mar sin ag na Gradaim Chumarsáide a lárnaí is atá tionscal na físe i saol na Gaeilge.
i réimsí físe in the visual realms
" Reicimis a bhfuil le roinnt againn i réimsí físe i Londain agus i gcríocha i gcéin, mar nílimid gan chairde i dtíortha thar lear ná i dtíortha atá lasmuigh de dhomhan an Bhéarla.
ealaíontóirí súl visual artists
" Tá saothar sa taispeántas seo le filí, ealaíontóirí súl agus peannairí as Albain agus as Éirinn agus tá sé le fáil i bhfoirm leabhair chomh maith.
na dearcealaíona the visual arts
" Tá Liam B de Freinse ar dhuine de na healaíontóirí ilmheáin is rathúla in Éirinn ach ní leor iad na dearcealaíona amháin don fhear as Ard Eoin i mBéal Feirste - is file, scríbhneoir, dealbhadóir agus is fear déanta scannán é chomh maith.
shaol na físe the world of visual (media)
" Cuireann Pat Butler tús an mhí seo le dearcadh isteach ar shaol na físe ar fud an tsaoil mhóir.
tionscal físe (audio)visual industry
" Cíoradh tionscal físe na Gaeilge mar atá agus mar a bheas.