Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
siombailí feiceálacha visible symbols
" Cruthaíonn an t-ailtire siombailí feiceálacha ár gcultúir dúinn.
an-fheiceálach highly-visible
" B'fhéidir gurb é an sampla is suntasaí de vótóirí a bheith ag iarraidh a gcuid tuairimí maidir le cúrsaí rialtais a chur i bhfeidhm ar dhaoine eile ná an streachailt leanúnach, an-fheiceálach idir na liobrálaigh ar mian leo go bhfanfadh an deighilt idir an eaglais agus an stát, agus an dream coimeádach, bunúsach a bhfuil sé mar sprioc acu an rialtas a dhéanamh Críostaí.
fheiceálach visible
" Bhí an páistí ceithre bliana déag seo tar éis fás aníos i gcathair agus i gcultúr nach raibh páirt fheiceálach a thuilleadh ag na hÉireannaigh.
ard-infheictheacht ultra-visible
" Dúirt sé “Tá sé chomh clúdaithe sin in gear ard-infheictheacht, is ar éigin go bhfaca mé ar chor ar bith é”.
féiceálach apparent, visible
" Níos measa fós, cé go bhfuil eisceachtaí ann, níl siad féiceálach don phobal.
feiceálaí visible
" Tá tráchtairí eile atá i bhfad níos feiceálaí agus táim tar éis tarraingt siar rud beag as na meáin ó tháinig na leanaí.
feiceálach visible
" SMM: Le do shaolré féin a Rónáin, an bhfaca tú athruithe, an bhfuil sé feiceálach? RMAB: Á Dhia, tá sé feiceálach.
feiceálach visible
" Is fiú a lua chomh maith go bhfuil an dearcadh ann gur gránna an radharc iad go feiceálach ar dhroim na talún agus go gcuireann an torann a dhéanann na muilte isteach ar dhaoine agus ar ainmhithe araon.
infheicthe visible
" Mhol mé dóibh mar sin, suaitheantas go bhfaighfeadh úsáideoirí ‘Fáinne’ nuair a fhreastalaíonn siad ar áiteanna ina bhfuil Gaeilge infheicthe (m.
sofheicthe visible
" Níl an tionchar a bhí ag bolcáin ar scribhneoirí chomh sofheicthe is a bhí sé ar ealaíontóirí, ach is cinnte go ndeachaigh na brúchtanna lasracha i bhfeidhm go mór orthu mar sin féin.
d’infheistíochtaí feiceálacha of visible investments
" Tá tráchtairí polaitíochta ann a mhaíonn gur mhúch Lula spiorad muirthéachta na cosmuintire le liúntais teaghlaigh, arduithe íosphá agus líon teoranta d’infheistíochtaí feiceálacha.
feiceálach visible
" Is cuimhin liom an Prionsa Harry ar an teilifís anseo i Sasana, ag scaoileadh inneallghunna le daoine san Afganastáin agus cuma shásta feiceálach ar a aghaidh, ag tabhairt 'dea-shampla' don dream óg sa tír seo.
chomh feiceálach le as visible as
" Fear nárbh é an scian ba ghéire sa chistin é, a raibh eagla a chraicinn air aghaidh a thabhairt ar Vincent Brown ach a bheas ag seasamh an fhóid ar son na hÉireann in éadan shaoistí airgeadais dhúra na hEorpa, fear a bhí chomh feiceálach le yeti i rith an fheachtais toghchánaíochta ach atá anois - suí síos bomaite - atá anois ina Thaoiseach ar thírín iathghlas s'againn.
feiceálach visible
" Bhíodh fógra i nGaeilge, i bhfad níos lú, ann blianta ó shin ach tá an ceann nua feiceálach agus is léir go bhfuil na hAlbannaigh mórtasach as a dteanga féin agus iad faoi bhealach chun an neamhspleáchais.
feiceálach visible
" Ní hé go bhfuil siopaí gunnaí chomh flúirseach feiceálach ann agus atá sna Stáit Aontaithe, ach tá fáil sách éasca ar arm tine ag duine a dteastaíonn ceann uaidh.
go feiceálach visible
" Leis an mblonag mealltach orthu, go feiceálach, bainfidh siad plaic i ndiaidh a chéile as an bhfeoil bhlasta.
go feiceálach visible
" Tá an aigne dhearfach go feiceálach fós féin i measc na n-óg agus is rud iontach é sin don tír agus an cruth a fágadh uirthi faoi láthair.
do radharc an phobail visible to public view
" Iad oscailte do radharc an phobail mar a bheadh tithe san Eoraip.
Tomhaltas feiceálach visible consumerism
" "Tomhaltas feiceálach" a thug an t-eacnamaí Thorstein Veblen (1857-1929) ar an ábhar seo.
infheicthe visible
" Deir Luke Syson, coimeádaí Dánlann Náisiúnta Londan, gur le linn na tréimhse seo a d’fhorbair da Vinci an nasc idir an eolaíocht agus an phéintéireacht agus gur chreid sé ‘gurb í an tsúil agus an rud a chonaic tú an tslí is cumhachtaí leis an saol a bhrath agus gur chuidigh sé seo le cur síos a dhéanamh ar achan rud a bhí infheicthe chomh maith leis an rud inmheánach dofheicthe sa phéintéireacht.
An Fhírinne Daite a visible truth
" An Fhírinne Daite ======= Is dóigh liom go bhfuil an chaibidil, *‘Canvas of a Continent’*, ar an cheann is suntasaí sa leabhar.
sofheicthe visible
" Nach é sin a deirtear? Ach cé a mhúnlaíonn an tuairimíocht choiteann? Nach mbeadh díospóireacht phoiblí níos fearr againn dá mbeadh ainmneacha na “n-imreoirí” ar eolas ag cách? Nach mbeadh cur agus cúiteamh i bhfad níos macánta agus níos cuimsithí againn dá bharr? Dá mbeadh gach éinne “sofheicthe” nach ndéanfadh sé cúrsaí i bhfad níos sibhialta ná mar atá i láthair na huaire? An fearr leis an bhformhór againn a bheith ag ag plé le “fíordhaoine” agus le féiniúlacht sho-aitheanta leanúnach nó an é go bhfuil an mheatacht go forleathan inár measc i gcónaí? Chomh Sean leis na Cnoic ============== Ní rud nua é an cur i gcéill agus an chleasaíocht seo i dtaobh cúrsaí ionannais agus ainmneacha ar ndóigh.
Is léir go fóill is still visible
" Is léir go fóill an dochar nuair a ghlacfas tú an tram ó thuaidh go himeall na cathrach, ach ná coinníodh an méid sin siar thú ó chuairt a thabhairt ar Nua-Orléans, ceann de na háiteanna is suimiúla i Meiriceá.
fheiceálach visible
" Shílfeá go mbeadh an riail mar a bhí i bhfad níos éasca a chur i bhfeidhm i gcás na peile ar an ábhar go bhfuil liathróid mhór, fheiceálach i gceist, go mbíonn imreoirí agus liathróid ag taisteal achair níos giorra agus ar luas níos moille ná mar a bhíonn san iomáint agus go mbeadh deis níos fearr ag an gcúigear maor a bhíonn gar don chúl suíomh na n-imreoirí i limistéir na ‘cearnóige’ bige a fheiceáil.
chomh feiceálach go fóill so visible yet
" An Bhfuil A Leigheas Déanta? ============== B’fhéidir go bhfuil leigheas na nÉireannach déanta, ach nach bhfuil sé chomh feiceálach go fóill, go feidhmiúil sa saol, mar is ábhar é an t-anam nach féidir a mheá ná a thomhas.
is iomaí bearna a fheictear many gaps are visible
" Ní chóir cruinneas ná mionscagadh a iarraidh le linn ceiliúrtha, agus más ea, is iomaí bearna a fheictear i lár ceiliúradh Chrotty freisin.
chomh feiceálach as visible
" Níl sé chomh feiceálach agus a bhí sé trí bliana ó shin, áfach, mar thosaigh mé ag glanadh litir nó dhó anuraidh gach uair a théim suas ansin.
tá faisisteachas feiceálach fascism is visible
" ”* Saol na Linne ====== Ar an drochuair, tá faisisteachas feiceálach arís i Sasana faoi láthair, agus cé go mbíonn a bhforéigean dírithe ar na Moslamaigh an chuid is mó den am, tá na hÉireannaigh ar a liosta fuatha go fóill.
feictear an t-athrú céadach the massive change is visible
" Tugtar siar muid chuig an am nuair a bhain an Ísíltír saoirse amach ó Theallach Habsburg agus ón Eaglais Chaitlíceach i ndiaidh tréimhse fhada chogaíochta, agus feictear an t-athrú céadach dá bharr seo a tháinig ar chruth cultúrtha, sóisialta agus geilleagrach na tíre.
Feictear a acmhainn grinn ghéir ann his sharp power of comedy is visible there
" Feictear a acmhainn grinn ghéir ann agus bhí chuile dhuine mar sprioc aoire aige, James Joyce, Patrick Kavanagh, an Eaglais Chaitliceach, an Rialtas agus lucht athréimniú na teanga ina measc.
bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach although it doesn’t display the visible signs
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
a fheictear i smior which is visible in the core (of)
" Cuireann an tírghrá a fheictear i smior scríbhneoireacht Hogan na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air áfach.
an táiraigne go feiceálach inferiority visible
" Bhí an táiraigne go feiceálach ann ón chéad abairt.
tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh all the outside curves are visible inside
" Tá na diaileanna ar fad dírithe i dtreo an tiománaí agus tá na cuair ar fad ar an taobh amuigh le feiceáil istigh.
feiceálach visible
" Ar chlúdach eagráin na míosa seo, tá an athbheochan seo feiceálach ar aghaidheanna gásúir Choláiste Lurgan.
níos feiceálaí sna meáin chumarsáide more visible in the media
" Ní hamháin sin, ach tá amhránaithe sean-nóis níos feiceálaí sna meáin chumarsáide agus sa réimse sin a dtugtar an “ceol domhanda” air agus níos mó meas orthu dá réir.
gur feiceálaí an carr ná an siopa that a car is more visible than a shop
" B’fhéidir, chomh maith leis sin, gur feiceálaí an carr ná an siopa, an caifé nó an oifig chomhlachta, tharla go mbíonn carranna siúlach, ag imeacht thart ó áit go háit, feicfidh daoine go leor é, cúl an chairr go háirid.
an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim the Irish visible on their rear
" Gníomh Beag le Déanamh, Coiscéim Bheag le Glacadh ========================= Ba mhór ab fhiú cuimhneamh ar ghreamáin Ghaeilge a chrochadh ar na carranna seo, carranna an Oireachtais, sa gcaoi go mbeidh na carranna ag tabhairt aghaidh abhaile i ndiaidh an Oireachtais agus an Ghaeilge le léamh go feiceálach ar a ndroim.
Níl an tairbhe le feiceáil the benefit isn’t visible
" Níl an tairbhe le feiceáil.
gan mórán torthaí le feiceáil without many visible returns
" Glacadh go forleathan leis gur theastaigh atheagar ó na heagraíochtaí Gaeilge a bhí ag maireachtáil ag airgead an stáit: cuid acu ag trasnaíl a chéile nó ag treabhadh leo sa ngort céanna, gan mórán torthaí le feiceáil ar a gcuid oibre.
feiceáil go soiléir clearly visible
" Is cinnte go bhfuil toradh an lipéidithe, ina ghníomh agus ina phointe sainmhínithe seo le feiceáil go soiléir i gcás bheirt ealaíontóirí le deireanas; Ani DiFranco, amhránaí Meiriceánach feimineach, ar tugadh an lipéad ‘chiníoch’ uirthi, agus Miss Panti Bliss, banríon draig Éireannach, atá lipéadaithe mar bhéadchainteóir.
le feiceáil go soiléir clearly visible
" Bhí titim 40% ar líon na síntiús ó bhailiúcháin sráide na heagraíochta i mbliana Le sé mhí anuas, tá ceisteanna ann maidir le caiteachas, rialachas agus dar ndóigh tuarastal na n-oibrithe sna 8,500 carthanas atá cláraithe sa tír agus is cosúil go bhfuil tionchar na díospóireachta le feiceáil go soiléir anois.
go feiceálach visible
" Níl le déanamh ach siúl isteach sa teampall Anglacánach agus is minic go mbíonn brait reisimintí Arm Shasana go feiceálach ar na ballaí nó fiú amháin in aice na haltóra.
le feiceáil ina laghad dul chun cinn visible in the lack of progress
" Is baolach fosta go bhfuil easpa dáiríreachta an rialtais reatha ar cheist na hearcaíochta le feiceáil ina laghad dul chun cinn atá déanta ag an Aire Howlin meitheal dhátheangach a bhunú le míonna beaga anuas.
feiceálach (very) visible
" Ach i mbliana, tógadh crois ard, mór, feiceálach cóngarach don leacht seo.
an toradh le feiceáil the result visible
" Bhí lucht dornálaíochta ar ndóigh ag gabháil don oiliúint le fada agus an toradh le feiceáil le fada ar a gcuid oibre.
feiceálach visible
" Tá athbheochán de shórt ag fás go fóill inár dtír bheag fhéimheach, dar le AnnMarie Flanagan, agus is in earnáil ríthábhachtach atá an athbheochan feiceálach, an córas oideachais.
a bheith feiceálach to be visible
" Molann Roseanne Smith don té Smutleabhrach ar mian léi nó leis a bheith feiceálach ann, a bheith go haischlibeach i scríobh na scéalta fógraíochta.
nimh agus plaisteach go feiceálach poison(ing) and plastic plainly visible
" Áiríonn Tony Birtill nimh agus plaisteach go feiceálach in áiteanna gan beann ar an reachtaíocht.