Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
coillithe violated
" Ciníochas agus seineafóibe ======= Is cuma cé chomh gortaithe agus coillithe is a bhraith na Meiriceánaigh, ní féidir iompar biogóideach agus suarach mar seo a chosaint.
á sárú being violated
" Níl an rialtas toilteanach ainmneacha na ndaoine atá i bpríosún a chur ar fáil, ar eagla is dócha go bhfaigheadh an pobal amach cé hiad na daoine seo a bhfuil a gcuid ceart á sárú de bharr nach bhfuil cead tugtha dóibh labhairt le habhcóide, i measc rudaí eile.
a éigníodh who were violated
" Go dtí sin, áfach, tá na híospartaigh ann, idir pháistí a éigníodh, agus an tréad atá lán amhrais.
ag sárú cearta daonna violating the human rights
" " Nuair a chuir Cian in iúl do cheoltóir óg as Tiobraid Árann le déanaí nach bhféadfadh sé a chuid ceoil a sheinm ar "An Taobh Tuathail" de bharr go raibh focail na n-amhrán i mBéarla dúirt an fear sin leis go bhféadfadh duine éigin cás cúirte a thógáil i gcoinne Raidió na Gaeltachta, mar go bhfuil siad, dar leis an cheoltóir seo, ag sárú cearta daonna lucht an Bhéarla! Deir Cian nach dtugann go leor de na héisteoirí faoi deara go bhfuil cosc ar liricí Béarla, gur minic a fhaigheann sé litreacha nó teachtaireachtaí ríomhphoist ó dhaoine ag iarraidh air ceol Béarla a sheinm.
ag sárú an dlí violating the law
" Is éard atá ann ná daoine ag sárú an dlí.
ag sárú a chearta príobháideachais violating his privacy rights
" Rialaigh an chúirt go raibh an cosc a bhí ar ghníomhartha homaighnéasacha sa stát seo ag sárú a chearta príobháideachais.
ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna but they way in which their human rights are violated
" Is léir gur fhág an t-am a chaith sé ansin rian air, ní hamháin an meas atá acu ar a dteanga dhúchais, ach an dóigh a sáraítear a gcearta daonna lá i ndiaidh lae.
inar sáraíodh an Comhaontú in which the Agreement was violated
" Fuadach agus dúnmharú ======= Ag amharc siar ar na heachtraí inar sáraíodh an Comhaontú, tá fuadach agus achan ghrád foréigin suas go dtí an dúnmharú curtha i leith na bpoblachtánach.
Ná sáraítear an Seanghleann Let the old glen not be violated
" " (Ná sáraítear an Seanghleann áitreabh leaca Neimhe.
ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh in which human rights are violated and prisoners tortured
" Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.
ag sárú bunchearta daonna violating basic human rights
" Bronnadh an dara deis orthu an mhaidin dár gcionn nuair a cháin Cathaoirleach an CPI, an t-iar-Bhreitheamh Fergus Flood, an tAire as a bheith ag sárú bunchearta daonna, ach arís eile tháinig faitíos ar an fhreasúra.
rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil something which violates constitutional law
" Má dhiúltaítear d’iarratas atá déanta ag dídeanaí ar son a leanaí, ní féidir leis achomharc in aghaidh an chinnidh a chur faoi bhráid boird neamhspleách, rud a sháraíonn prionsabail an dlí bhunreachtúil agus an dlí nádúrtha, dar leis an Dr.
sháraigh violated
" I gcinneadh a rinne an ACHPR anuraidh is a d’fhaomh Aontas na hAfraice níos luaithe i mbliana, glacadh leis gur sháraigh rialtas na Céinia cearta an phobail dhúchais Endorois nuair a díshealbhaíodh iad chun anaclann dúlra a chur ar bun.
sháródh would violate
" Ar eagla na míthuisceana, ba mhaith liom a dhéanamh soiléir nach bhfuilim ag moladh an chur chuige sin i gCliara, mar go bhfuilim in aghaidh aon cheo a sháródh cearta daonna aon phobail.
sáraíonn violates
" Dar leis an bhfeachtas atá ar bun ag AITHEANTAS (Glór na nGael, Conradh na Gaeilge, Foras Patrúnachta agus Comluadar), sáraíonn an cinneadh seo cearta na dtuismitheoirí, cearta teanga na bpáistí féin, agus téann sé glan in aghaidh bheartais an Rialtais maidir leis an nGaeilge a chothú.
sháraíonn violates
" Mar fhocal scoir ar an ábhar, rinne sé bagairt mar seo a leanas: ní mór aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh ar dhílseacht do rialacha na heagraíochta agus níl ach réiteach amháin ar an gceist agus is é sin tacaíocht airgeadais a choinneáil siar ó chontaetha a sháraíonn rialacha an amaitéarachais.
a sháraigh who violated
" Ach cén chaoi ar féidir a leithéid a dhéanamh nuair is postálacha anaithnide a bhformhór acu? Agus cad faoi Twitter atá lonnaithe i gCalifornia agus nach dtiteann faoi dhlinse dlí na Breataine? Tá iarracht á déanamh ag an pheileadóir Ryan Giggs an dlí a chur ar an tsuíomh agus brú a chur air ainmneacha na ndaoine a sháraigh an t-ordú a thabhairt ar láimh.
sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla it violates their intellectual rights
" Chuir comhlacht amháin, Phillip Morris, tús le dúshlán don reachtaíocht sna cúirteanna, ag maíomh go sáraíonn sí a gcearta maoine intleachtúla agus conarthaí feathal tráchtála idirnáisiúnta an rialtais.
sháraigh sé na rialacha áirithe sin he violated those particular rules
" D’fhonn an ‘réabhlóid’ a thionscain Kopernik a chur i gcrích, áitíonn Feyerabend gur dhein Kopernik neamhiontas de rialacha normatacha na heolaíochta agus gur sháraigh sé na rialacha áirithe sin sa chás úd.