Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sráidbhaile village
" Tá níos lú ná céad duine ina gcónaí sa tsráidbhaile.
sráidbhaile village
"sráidbhaile Loch an Iúir suite i nGaeltacht Thír Chonaill, ar an N56 idir Gaoth Dobhair agus An Clochán Liath.
sráidbhaile village
" Tá na mílte ann a úsáideann focail mar *plou *(paróiste), *tre *(cuid de pharóiste), loc (áit naofa), *lann *(séipéal nó díthreabh), ker (sráidbhaile nó teach), etc.
ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda on the main street of the global village
" Ach cé go bhfuil gluaiseacht bheag tosaithe i dtreo na n-ainmneacha as an ngnách seo, teastaíonn ó gach duine a bheith ar phríomhshráid an tsráidbhaile dhomhanda.
sráidbhaile village
" "Tógadh i sráidbhaile sa Ghearmáin mé," ar sise.
i lár an tsráidbhaile in the middle of the village
" " Ag am lóin théimis go dtí an caife beag breá atá mar chuid den mhúsaem i lár an tsráidbhaile.
sráidbhaile gleoite a beautiful village
" Tá sé suite ag Port na hAbhann, sráidbhaile gleoite ar chósta thiar Íle.
sráidbhaile gleoite charming village
" Agus mé ag taisteal ar an Black Isle ar thaobh Linne Mhoireibh, atá taobh thoir d'Inbhir Nis, tháinig mé ar an Groam House Museum i sráidbhaile gleoite darb ainm Rosemarkie.
dódh sráidbhailte villages were burnt
" Bhain na Naitsithe díoltas brúidiúil amach - scaoileadh daoine, gabhadh daoine eile agus dódh sráidbhailte.
sráidbhaile tréigthe abandoned village
" Is sráidbhaile tréigthe é seo, atá suite in aice leis an chladach, agus cnoic, ailltreacha agus toir fharraige sa chúlra.
sráidbhaile village
" Níl sé sin fíor níos mó - tá na drugaí agus na mangairí a dhíolann iad le fáil i mbeagnach gach sráidbhaile beag in Éirinn anois.
sráidbhaile village
" Seanmhainistir ======= Míle amháin síos an bóthar, tá sráidbhaile gleoite eile darb ainm St Dogmael’s.
sráidbhaile domhanda global village
" Tá daoine eile ag rá gur cosantachas dóibh féin atá ar siúl ag na feilméaraí agus nach bhfuil siad sásta glacadh leis gur “sráidbhaile domhanda” atá ann anois agus go bhfuil fataí as an Nua-Shéalainn níos saoire agus chomh maith céanna agus go bhfuil chuile cheart ag McDonald’s 43,000 tona fataí sa mbliain a cheannach ann má thograíonn siad.
níor mhothaigh an sráidbhaile róphlódaithe the village didn't feel too crowded
" Ach cé go raibh a lán cuairteoirí ann, níor mhothaigh an sráidbhaile róphlódaithe.
sa sráidbhaile in the village
" Lá amháin bhí mé sa sráidbhaile ag baint úsáide as an bhfón – an t-aon cheann sa cheantar – nuair a thosaigh na scamaill bháistí ag bailiú os mo chionn.
sráidbhaile gleoite charming village
" Is sráidbhaile gleoite é Ros Maircnidh, atá suite in aice le trá mhór fhada dheirceach ar Linne Mhoireibh ar chósta thoir na hAlban.
sráidbhaile ceart a proper village
" Is sráidbhaile ceart é agus clann mhór shona ina cónaí ann.
i sráidbhailte in villages
" As seo amach, beidh go leor daoine ag iarraidh bheith ina gcónaí i sráidbhailte agus tréigfidh siad a mbailte fearainn dúchais.
sraith sráidbhailte iascaireachta a series of fishing villages
"sraith sráidbhailte iascaireachta ann, Cathair Aile, ina measc, áit a bhfuil cuan gleoite.
sráidbhaile in the village
" “Is as an Ghoirtín i gContae Shligigh do mo mháthair, ceantar ina bhfuil ‘nead’ ceoltóirí, sa sráidbhaile agus sa cheantar máguaird,” a mhínigh Martin dom ina oifig san ollscoil.
sráidbhaile village
"sráidbhaile sa ghleann agus Srath-pheofhair atá air fosta.
tháinig rath ar an sráidbhaile the village thrived
" Ansin tháinig rath ar an sráidbhaile agus d’éirigh sé rachmasach, go háirithe i ndiaidh don iarnród dul ansin in 1885.
go hard os cionn an tsráidbhaile. high above the village.
" Gar don stáisiún, tá cloch shnoite chlúiteach de chuid na bPiochtaí ar a dtugtar Cloch an Iolair le feiceáil, agus má tá an fuinneamh agat, tá dún cnoic mór le rá, Knock Farril, go hard os cionn an tsráidbhaile.
an sráidbhaile is airde the highest village
" Is é Tom an t-Sabhail an sráidbhaile is airde i nGarbhchríocha na hAlban.
sráidbhaile an-tarraingteach a very attractive village
" Is sráidbhaile an-tarraingteach é Cromba, atá ar an phointe is faide soir d'Eilean Dubh, ó thuaidh ó Inbhir Nis in Albain.
sráidbhaile suaimhneach cairdiúil a quiet friendly village
" Is sráidbhaile suaimhneach cairdiúil é Cromba anois.
Sráidbhaile beag gan tábhacht a small village of no importance
" Sráidbhaile beag gan tábhacht ar abhainn an Mersey ab ea Learpholl go dtí 1207.
sráidbhaile ciúin quiet village
" I gcuideachta an ghrúpa seo a chaitheann muid ár sealanna sa tSír, i sráidbhaile ciúin darb ainm Ocean Shores.
D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, the monastery re-organised the village,
" D'atheagraigh an mhainistir an sráidbhaile, agus thosaigh sí ag gearradh cíosa ar dhaoine.
sráidbhaile village
" I sráidbhaile amháin ar thug mé cuairt air, cuir i gcás, níl ach bóthar amháin ar ar féidir teacht agus imeacht agus bíonn drochbhail air le linn shéasúr na báistí.
sráidbhaile beag small village
" D'aimsigh mé áit dheas le fanacht ann i sráidbhaile beag taobh amuigh de Larrasaona ar a dtugtar Akerreta.
sráidbhaile duilleach a verdant village
" Tá muid anois ag tarraingt ar *Greenwich Village* agus *Chelsea* – ceantar na healaíne agus ceantar Boihéamach atá níos mó cosúil le sráidbhaile duilleach le carachtar Eorpach nó ceantar a bheadh i gceannchathair.
tsráidbhaile village
" Thosaigh muid ag siúl suas ar an tseanchosán ag an tsráidbhaile Hayfield, Derbyshire, ag bun Kinder Scout.
shráidbhailte villages
" Bhí longa cogaidh SAM amach ón gcósta ag scaoileadh diúracán ar shráidbhailte ag an am céanna, a mhaíomh gur mhílistigh Ioslamacha a bhí iontu.
sráidbhaile village
" Beidh cumainn de na Léinte Glasa i ngach baile agus sráidbhaile in Éirinn.
sráidbhaile village
" Caitheann an taispeántas súil ar an tírdhreach áitiúil chomh maith leis an sráidbhaile anuas tríd na blianta.
Chlacháin village
" Is saol saor ó strus an saol a bhíonn ag Michael de ghnáth agus é ag dul don líníocht sa Ghleann agus, mar a dúirt sé liom, déanann sé cinnte go mbíonn sé cóngarach do thábhairne Toigh Roarty, nó do chaife an Chlacháin, ar eagla go mbuailfidh an tart é agus é ag líníocht leis! Stopann daoine agus é ag tarraingt fá choinne comhrá beag leis.
sráidbhailte villages
" Bogann sé, nuair is gá dó, faoi choim na hoíche ach bíonn sé de dhánacht ann, scaití, dul isteach sna sráidbhailte chun a chuid litreacha a shacadh sa phost nó chun sracfhéachaint a chaitheamh ar na nuachtáin má bhíonn an deis aige.
shráidbhaile village
" in éineacht le chéile le tréimhsí mar sin a thabhair chun tosaigh? An bhfuil a fhios ag éinne, saineolaithe na bhforas oideachais san áireamh? Arb í an t-oideachas, airgead – ba lú ná luach éisc farraigí na tíre seo ag an am - an Chomh-mhargaidh a chuaigh sa timpeall, arb í an athnuachan bailte – arís le hairgead an AE – nó cad é a thosaigh an fuadar? Dúirt seanfhear cúig ghlúin ó shin i Maigh Eo nuair a cheistigh eachtrannach é faoina shráidbhaile a bheith tréigthe amhail is gur shiúil gach éinne amach as an teach agus gur fhág siad an doras ar leathadh ina ndiaidh, “The whole countries gone quiet and no man knows what ails it.
tsráidbhaile village
" Suimiúil go leor, san áit cheart, sa tsráidbhaile cuirim i gcás, ach tá sé amaideach go bhfuil siad idir tú féin agus an radharc is deise in Éirinn.
sráidbhailte calafoirt harbour villages
" Tá tuairim ag daoine thar lear nach féidir le duine caife a ól mar is ceart in áit a bhfuil 130 deicibeil ag siabadh fá do chluais! An fáth gur tógadh BÁC, Béal Feirste, Corcaigh, Doire, Droichead Átha, Dún Dealgan, Gaillimh, Luimneach, Loch Garmain, Port Láirge, Sligeach agus cibé áit eile, mar gur sráidbhailte calafoirt iad.
sráidbhailte deasa nice villages
" Tá bóthar ‘La Route Touristique’ le taobh na farraige idir sráidbhailte deasa nár fhulaing aon díobháil ailtireachta ach ab é na fógraí bóthair.
sráidbhaile village
" Chuir an sráidbhaile lena bhotháin bheaga ráth nó lios na hÉireann i gcuimhne dom.
sráidbhaile village
" Is é an sráidbhaile Longton tús oifigiúil an chosáin, agus leanann sé feadh an bhealaigh le taobh na habhann trí chathair Preston, áit a bhfuil comphobal Éireannach ann le fada.
shráidbhaile bánaithe deserted village
" In aice leis an Chaol i Maigh Eo, thug muid cuairt ar shráidbhaile bánaithe.
shráidbhaile village
" Bhí rogha idir dhá bhiachlár ag custaiméirí na hóstlainne ina bhfuaireamar cóiríocht na hoíche, biachlár an lae agus an biachlár diaitéiteach, biachlár ar a bhfuil luach calrach luaite le gach mias in áit costais! Ach ba shráidbhaile Oilimpeach é Brides-les-Bains nuair a tionóladh Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i gceantar na Trois Vallées i 1992.
sráidbhaile village
" Agus nár éirigh thar cinn leis? Nuair a bhínnse ag dul trí Mhuine Gall ar an mbus scoile ar mo bhealach ó Chloch Shiúrdáin go dtí na Bráithre Chríostaí in Aonach Urmhumhan na blianta ó shin, is beag a cheapas go mbeadh “ceannaire an domhain saoir” ag teacht lá éigin go dtí an sráidbhaile beag sin, áit dúchais a shin-sin-sin-seanathair.
sráidbhailte san Áis Asian villages
" Cosnóidh an obair seo go léir na billiúin dollar agus €uro mar tógfar cásanna in aghaidh na stát éagsúil a bhí gníomhach i marú agus i lot na ndaoine bochta seo i sráidbhailte san Áis agus san Afraic.
díol sna sráidbhailte selling in the villages
" Earraí iad seo a bhí le díol sna sráidbhailte (nó ‘abhainnbhailte’ focal níos fearr b’fhéidir) amach romhainn.
Théaltaigh soilse an tsráidbhaile the village lights faded away
" Turas Draíochtúil ========== Théaltaigh soilse an tsráidbhaile ar ár gcúl taobh istigh de chúig nóiméad.
sráidbhaile village
" I sráidbhaile bheag iargúlta san Amasóin a bhí mé.
sráidbhaile village
" Is sráidbhaile bocht i gcúige Szechuan baile dúchais Peter, ach tá sé ina chónaí lena bhean chéile anois i Dongguan, 3000 míle i gcéin.
sráidbhaile a village
" Bhog sé go Sasana ag deireadh Mí Meithimh agus thosaigh sé ag traenáil san Acadamh, atá sé mhíle ón baile mór, i sráidbhaile darb ainm Brockhall.
sráidbhaile village
" Mar shampla tá níos mó Gaeilge ar an Orán Mór, nach bhfuil sa nGaeltacht oifigiúil, ná mar atá sa sráidbhaile ‘Gaeltachta’, Baile an Chláir.
sráidbhaile village
" Mian an tSlua ===== Tá borradh ag teacht faoi scoileanna dátheangacha agus faoi scoileanna lán-Bhriotáinise ó thosaigh an chéad scoil lán-Bhriotáinise 'Diwan' (síol) i bPloudalmézeau, sráidbhaile beag cois farraige, i 1977.
bailte ná sráidbhailte towns and villages
" Sa chontae uaibhreach úd is sa chathair is mó a dhéantar an fhéile seo a cheiliúradh, is ní heol dom mórán bailte ná sráidbhailte Chorcaí a thugann an t-ómós céanna di agus a thugann lucht na cathrach.
sráidbhaile village
" Ar Google Maps, tugtar Baile Mor ar an sráidbhaile ar an oileán agus tugtar Fionnphort ar an mbaile beag as a seolann an bád farantóireachta gach 30 nóiméad le cuairteoirí a thabhairt ann.
sráidbhaile beag a small village
" I sráidbhaile beag San Lorenzo di Beffi, Acciano, tríocha ciliméadar ó L'Aquila a thángthas ar an gcatacóm ársa seo.
idir na sráidbhailte agus feirmeacha both villages and farms
" Cé go bhfuil a lán bóithríní agus cosáin faoin tuaith, idir na sráidbhailte agus feirmeacha, ní bhíonn aon fhógra orthu de ghnáth, a chur in eol duit go bhfuil siad ann, nó cá dtéann siad.
ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta living in a small out of the way village
" Craoltar an clár san Úcráin chomh maith agus d’éirigh leo teacht ar Mokryna a bhí ina baintreach chomh maith agus í ina cónaí i sráidbhaile beag iargúlta i dtimpeallacht Dnipropetrovsk i lár na tíre.
d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile the program left its mark then on the village
" Athraíodh ainm an teach leanna ‘JP Byrne’ go ‘Roartys’ le haghaidh na sraithe trí chlár agus d’fhág an clár a lorg dá réir ar an tsráidbhaile.
sráidbhaile village
" Thosaigh muid i sráidbhaile Patterdale agus chuaigh muid trasna Striding Edge chun an barr a bhaint amach.
theampall an tsráidbhaile the village church
" uk)) agus *St Patrick’s* an t-ainm atá ar theampall an tsráidbhaile.
mar ‘shráidbhaile as a village
" Lorg an Duine Fágtha go Fada Leitheadach ================== Amharctar ar an domhain sa lá inniu mar ‘shráidbhaile’ – is féidir dul óna bhun go dtí a bharr measartha gasta agus níl le déanamh ach cúpla cnaipe a bhrú chun dul i dteagmháil le duine ar an taobh eile de.
sa sráidbhaile in the village
" Maíonn fear eile “go bhfaca” sé duine sa reilig áitiúil maidin fhliuch amháin, duine a fuair bás cúpla lá ní ba luaithe agus a bhí cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa sráidbhaile.
sráidbhaile slachtmhar os cionn trá álainn a tidy village above a beautiful strand
" Nuair a shiúlaimid ó Bhunglas go barr Shliabh a Liag (595 méadar in airde) leanaimid ar aghaidh go Málainn Bhig, sráidbhaile slachtmhar os cionn trá álainn - An Trá Bhán.
An Baile Tréigthe the deserted village
"An Baile Tréigthe, Port ======= Gnáthóg eile atá faoi bhrú is ea Port, clochán tréigthe, álainn ar an taobh ó thuaidh de Ghleann Cholm Cille.
sráidbhailte villages
" Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal *‘Irish’* le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?