Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fíochmhar fierce, vicious
" Ní féidir mórán eile a rá faoi chomh fíochmhar agus chomh fuafar is a bhí an t-ionsaí ar an Ionad Trádála Domhanda ar an 11 Meán Fómhair (agus an dá eachtra eile an lá céanna), an chailliúint thragóideach beatha agus an trombhuairt a d'fhulaing daoine dá barr.
oilbhéasach vicious
" Chonaic mé an colg ag géarú i súile na mBairéadach, chomh follasach leis an bhfionnach ag seasamh ar mhada oilbhéasach gan ag teastáil ach aithne na díchéille lena gcur ag pléatáil a chéile.
fáinne fí vicious circle
fáinne fí vicious circle
" Cineál fáinne fí atá i gceist, mar ní theastaíonn ó éinne fanacht níos faide sa scuaine ná mar a thógann sé orthu a ngnó a dhéanamh.
fháinne fí vicious circle
" Éist leis seo mar fháinne fí: Go dtí seo, d'éirigh le síceolaithe oideachais fadhbanna síceolaíochta agus riachtanais speisialta daltaí scoile a aithint agus a fháthmheas níos fearr agus níos luaithe.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí a bheadh ann sa mhéid is go mbeadh ar othair, a scaoilfí saor ó na hotharlanna tar éis dóibh dul faoin scian, pilleadh ar a gcuid leapacha nuair a thógfaí faoi deara go raibh MRSA tolgtha acu.
ionsaithe fíochmhara vicious attacks
" “Caithfidh muid an cheist a chur, ‘Cad chuige?’ I ndiaidh 9/11, rinne ollúna Meiriceánacha ionsaithe fíochmhara orm, ach ní leor é a rá go bhfuil ‘siad’ á dhéanamh mar go bhfuil fuath acu ar an tsaoirse atá againn.
Fáinne fí vicious circle
" Fáinne fí eile é seo do go leor daoine.
fíochmhar fierce, vicious
" Bhí fógraí rabhaidh faoi mhadraí gardála ar an sconsa agus ba léir ón tafann a bhí siad a dhéanamh go raibh siad fíochmhar.
ionsaí fíochmhar a vicious attack
" “Is ionsaí fíochmhar é ar sheirbhísí pobail,” arsa Brian Campfield ón NIPSA.
Fáinne fí vicious circle
" Cad chuige, mar sin, nach bhfuil líofacht bhunúsach sa teanga ach ag fíorbheagán díobh siúd a thagann tríd an chóras oideachais? Fáinne fí atá ann.
san fháinne fí in that vicious circle
" Maireann meáin chumarsáide chlóite na Gaeilge san fháinne fí sin go síoraí: gan dóthain léitheoirí, ní leor a dteacht isteach; gan dóthain teacht isteach, ní féidir feabhas a chur ar an gcaighdeán.
ionsaí fíochmhar vicious attack
" Ionsaí SquinterAn buille ba throime a bualadh ar Gerry Adams agus a pháirtí ná an t-ionsaí fíochmhar a rinne an scríbhneoir Squinter orthu ina cholún clúiteach ar an *Andersonstown News* coicís ó shin.
fáinne fí vicious circle
" Is cuma, ar ndóigh, go mbeifeá in ann nuachtán a léamh agus néal codlata a bheith agat dá rachfá ar an traein! Mar a thuigfeá, fáinne fí atá ann.
níos fíochmhaire more vicious
" Ní ghlacann sí le leithscéalta, beag ná mór, agus cé nach bhfuil sí díreach chomh sprionlaithe céanna leis an Doornail, tá an Lion i bhfad níos fíochmhaire.
Fáinne fí a vicious circle
binbeach vicious
" Éinne gur cuimhin leo feachtas binbeach grúpa an Independent i gcoinne bhunú Theilifís na Gaeilge (>TG4), thuigfidís a laghad measa atá acu ar an Ghaeilge.
fáinne fí a vicious circle
" Thiar sna caogaidí, thosaigh fáinne fí de ‘ligint do dhaoine a saol féin a chaitheamh’ a raibh fadhbanna móra teanga agus oideachais, agus dá bharr sin deiseanna oibre agus stádais, mar thoradh air.
Fáinne Fí (the) vicious circle
" Fáinne Fí an Éilimh agus na Nósmhaireachta ================ Argóint a deineadh in Éirinn nuair a bhí Acht Teanga á lorg ag lucht na Gaeilge, ná gur beag ráchairt a bheadh ar sheirbhisí dá gcuirfí ar fáil iad trí mheán na Gaeilge.
babhta slaide vicious bout
" D’réir a chéile, agus de réir mar a theipeann ar na cuairteoirí éaló as an árasán tar éis gach babhta slaide agus leath-athmhuintearais eile – iad ar an táirsigh imeachta nuair a fhreagraíonn Waltz (bodach ceart fir) an ‘sméar dubh’ póca arís eile, beag beann ar an treampán a chuireann sin ar an dtriúr eile.
Naimhde fíochmhara do vicious enemies to
" Naimhde fíochmhara do Hammarskjöld agus d’fheachtas O Brien ab iad an Bhreatain agus an Bheilg áfach.
Fáinne fí ceart a real vicious circle
" Fáinne fí ceart is ea seo, ar ndóigh.
An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais the vicious circle which is part competitions
" com/watch?NR=1&v=muJ-yGzOSX4&feature=endscreen> An Fáinne Fí a Bhaineann le Comórtais =============== Agus é ag caint faoi dhúchas an cheoil thraidisiúnta agus nósanna na nGael, thosaigh muid ag caint faoin Oireachtas, chomh luath agus a luaigh mé an focal agus sular chuir mé aon cheist bhí tuairim láidir á nochtadh: “Is breá liom an tOireachtas agus téim beagnach chuile bhliain – ach sílim go bhfágann pobal na Gaeilge ualach na healaíne ar fad ar an tOireachtas chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí sean-nóis, agallamh beirte, scéalaíochta 7rl.
mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor the vicious circle of marches shall continue forever
" Chuir Squinter, colúnaí leis an Andersonstown News ceist, cad chuige a raibh na haontachtaithe seo ag gearán faoin mhórshiúl phoblachtach nuair a bhí siad ag áitiú go mbrúfaí The Pride of Ardoyne fríd Ard Eoin, buíon cheoil a thugann ómós do thriúr ball den UVF, Billy McClure, Sam Rockett agus fear a luaíodh le buamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, Billy Hanna? Agus tacaíocht na bunaíochta aontachtaí acu agus spreagadh ó cheannairí pobail nach féidir leo páirt a ghlacadh i ndíospóireacht shibhialta, mairfidh fáinne fí na mórshiúlta go deo na ndeor.
mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire because of the most vicious attack
" Béal an Mhuirthead ========== Cuimhním ar an mbaile sin, Béal an Mhuirthead, mar gheall ar an ionsaí ba fíochmhaire a rinneadh orm in áit ar bith ar domhan faoi Ghaeilg a labhairt i gcuideachta daoine eile, breis is fiche bliain ó shin.
Fáinne fí atá ann it’s a vicious circle
" Fáinne fí atá ann! Tá siad an-dian maidir le guthán a cheannach, mar de réir dealraimh, rinneadh an t-ionsaí sceimhlitheoireachta i Maidrid sa bhliain 2004 a chomhordú le gutháin phóca.