Bhí rudaí éagsúla i gceist sa naimhdeas seo, ó chaitheamh achasán go maslaí ciníocha, go hionsaithe fíochmhara poiblí ar na sráideanna agus dúnmharú, fiú.
Cén sórt duine a bheadh ag iarraidh a bheith ina réiteoir? Cén duine ciallmhar, stuama a chuirfeadh suas le híde béil, le cáineadh pearsanta agus mímhúinte, agus anailís á dhéanamh ag na mílte duine ar a chuid gníomhartha seachtain i ndiaidh seachtaine.
Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
Má bhíonn daoine atá dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile.
Is iomaí cáineadh atá déanta go dtí seo ar thuarastail arda ár bpolaiteoirí ach tá sciar beag dóibh le moladh as ciorrú 10% a ghlacadh ina dteacht isteach bliantúil.
Agus gí gur scannánóir intleachtúil é Kiarostami, físeoir foclach, má bhí riamh a leithéid ann, tá dóthain den ngreann searbh, tarcaisniúil ann chun móimintí beaga aithintis, seoda beaga tuisceana, bronntanaisí beaga anama - ainmnigh mar is mian leat iad - a thabhairt dúinn.