Ach an míbhuntáiste is mó atá ag Microsoft Outlook ná toisc go bhfuil sé in úsáid chomh forleathan sin gur fiú do dhaoine víris a scríobh dó toisc go mbeidh siad cinnte go mbeidh tionchar mór ag na víris sin.
Sa chaoi chéanna go bhfuil cruthaitheoirí víreas i gcónaí ag athrú a gcuid víreas chun teacht timpeall ar bhogearraí frithvíris, tá na fógraí *spam *á n-athrú freisin.
Is beag duine nach bhfaigheann teachtaireacht ríomhphoist go rialta mar gheall ar víreas ríomhaireachta - ach ní bhíonn bunús ar bith le formhór na dteachtaireachtaí sin.
Tá víris agus péisteanna á scaipeadh go leanúnach ar an idirlíon anois agus níl na comhlachtaí móra bogearraí ag déanamh go leor leis na gnáthúsáideoirí baile a chosaint, dar le Diarmaid Mac Mathúna.