Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a seacht ndícheall their utmost
" Ach a mhalairt de scéal atá ann inniu - déanann gasúir Bhaváracha a seacht ndícheall an "caighdeán oifigiúil" a tharraingt chucu féin.
ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá an Fhrainc agus an Ghearmáin ar a seacht ndícheall chun an leanbh a shábháil agus tá Éire ag súil nach sábhalófaí an leanbh go dtí go bhfuil sé ina broinn aici féin san Athbhliain.
ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil doing our utmost to gain victory
" Bímid ag iomaíocht go tréan agus ag déanamh ár seacht míle dícheall an bua a fháil.
mo sheacht ndícheall my utmost
" Ach céard faoin athrú a tharlaíonn de mheon an fhostaí a chaitheann tromlach a shaoil phroifisiúnta san eagraíocht chéanna? An bhfuil baol ann go n-éireoidh an duine sin "institutionalised", mar a deir an Béarla? "Tá an baol ann i gcónaí," a deir sí, "ach déanaim mo sheacht ndícheall chun troid ina choinne! Is é an rud is tábhachtaí ná teagmháil a dhéanamh le daoine.
ag déanamh a míle dícheall doing their utmost
" Is spóirt iad atá in iomaíocht ghéar leis na cluichí dúchasacha Gaelacha go háirithe, agus ní hamháin sin is spóirt ghairmiúla iad a ritear ar bhonn ghnó agus atá ag déanamh a míle dícheall an t-aos óg a mhealladh chucu féin.
ag déanamh a ndícheall, doing their utmost,
" Tá siad ar fad ag déanamh a ndícheall, gan dabht, oiliúint mhaith a chur ar fáil i ngach réimse den churaclam, teagasc na Gaeilge san áireamh.
ag obair ar a seacht ndícheall doing their utmost
" Tá daoine agus eagraíochtaí éagsúla ar fud na tíre ag obair ar a seacht ndícheall i rith an ama ar son na teanga.
a seacht ndícheall their utmost
" Cé gur mhóidigh rialtas SAM go ndéanfaidís a seacht ndícheall gan ligean lena leithéid d’ionsaí sceimhlitheoireachta tarlú arís, léiríonn scéal Sibel Edmonds nach féidir le muintir Mheiriceá mórán muiníne a bheith acu as an stát beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
ar a seacht ndícheall at their level best, utmost
" “Níl sé i gceist agam aon duine a mhaslú”, arsa Babs, “ach dá mbeadh Henry Shefflin (a scóráil aon chúilín déag sa chluiche) agus araile ag imirt ar a seacht ndícheall, ní bheadh Átha Cliath chomh gar dóibh ar chlár na scór.
a ndícheall their utmost
" Ghlaoigh sé ar an Dochtúir Manmohan Singh, a luaithe is a atoghadh é ina Phríomhaire ar India, le cinntiú dó go ndéanfadh na húdaráis abhus a ndícheall na mic léinn Indiacha a chosaint.
an chloch is mó ar an phaidrín of the utmost importance
" Maíonn údair na tuarascála nach bhfuil tionscnaimh éagsúla teanga ar an chloch is mó ar an phaidrín faoi láthair, nó "a relatively lower priority in terms of the existing pressures on the public finances” mar a deirtear ann.
dhícheall utmost
" Is beag machnamh atá á dhéanamh agam ar chúrsaí teicneolaíochta, caithfidh mé admháil, ach mar chomhfhreagraí teicneolaíochta daoibh, déanfaidh mé mo dhícheall ar bhur son.
an uasmhéid léitheoirí a mhealladh to entice the utmost number
" Dá mba é an aidhm a bhí ag Foras na Gaeilge an uasmhéid léitheoirí a mhealladh, dhéanfaidís cinnte dhó go mbeadh sé ar fáil go leictreonach ar líne agus go mbeadh sé ar fáil chomh maith mar nuachtán clóite do shíntiúsóirí agus i siopaí, ar a mbeadh éileamh air sna Gaeltachtaí agus sna bailte is sna fobhailte is mó ina bhfuil líonraí Gaeilge ag tíocht chun cinn.