Ach céard is fiú do dream ar bith duais ar bith a urrú sa chomórtas muna bhfaigheann siad oiread is focal ar shuíomh an Oireachtais? Le Foinse agus Lá Nua imithe bealach an gharraí, beidh leitheidí an Oireachtais agus na heagraíochtaí Gaeilge ag brath ar an bpobal agus ar an bpobal arlíne, ach go háirithe, chun an scéal a scaipeadh.