Mar a dúirt do mháthair mhór mháthartha fút agus í ag tagairt dod’ chosúlacht le duine dá cairde: “Tá sé go léir Myarse!”
Colm bocht brúite O’Grangegorman! An fear donasach, doghrach, dramhsach, Pee Dee-ach! Nach sílfeadh duine go mbeadh níos mó céille ná sin ag an chréatúr? Ach níl.
Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
Agus muid ag druidim leis an Nollaig, ba bheag lá nach raibh scéal inteacht doghrach, donasach, dramhsach ar na nuachtáin – scéal inteacht a raibh a chuid fréamhacha bunaithe go domhain sa chóicín.
(Cé hiad an dream deireanach sin? – tá carr ag madaí an bhaile i Meiriceá!) De ghnáth, is mar gheall ar imthosca foircneach a bheadh duine mífhortúnach ag taisteal i gceann acu.
Níl aon taithí ag mórchuid na glúine sin
ar dhífhostaíocht nó ar shochar leasa shóisialta, gan trácht ar easnamh cothromais – rud atá i ndán go cinnte don dream donasach sin a cheannaigh tithe le bliain anuas ar bheagán cothromais agus ar mhorgáistí móra.
Ar an drochuair do ghluaiseacht na Gaeilge, cé gur féidir druileáil síos chomh fada le teanga na n-úsáideoirí, níl Gaeilge san áireamh sa liosta teangacha.
Ba leosan an teach gur thit crann an mhí-áidh orthu agus gur chaill siad é, agus is orthu siúd is mó a bhíonn tionchar Garbo le feiceáil i rith an dráma.
’Bhfuil seans ann gurb í sin ba chúis lena bheart sáraithe domhaite ag Cannes, áit inar tugadh bata agus bóthar dó, ar shála na raiméise a thug sé uaidh faoi Hitler i bpreasagallamh místuama, dána, danartha, Von-Triarach.