Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
corrabhuaiseach uneasy
" Bhíos ag féachaint air an oíche faoi dheireadh agus bhraitheas an-mhíchompordach corrabhuaiseach é ós comhair an cheamara.
ar uibheacha nervous, uneasy
" Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach gan luí fúthu san am céanna.
míshuaimhneach uneasy
" Aisteach go leor, áfach, is iad na daoine dubha is mó a mhothaíonn míshuaimhneach agus iad ag siúl na sráide nó ag dul i mbun a ngnóthaí laethúla.
corrach uneasy
" Oibríonn an teideal *Southern Cross* mar mheafar don chrosbhóthar ag a bhfuil muid mar thír, agus an bogadh chun tosaigh corrach atá muid ag fulaingt faoi láthair.
ag siúl ar uibheacha nervous, uneasy
" Bhí Áine ag siúl ar uibheacha ó fuair sé an cuireadh nó cé go raibh aithne acu ar a chéile níorbh ionann beannú dá chéile nó corr-rois cainte a dhéanamh thall is abhus, agus oíche iomlán a chaitheamh ina gcuideachta.
míshuaimhneach uneasy
" Tá muintir na Tuirce míshuaimhneach agus réidh le bogadh isteach i dtuaisceart na tíre de bharr éiginnteacht a bheith ann faoi céard atá i ndán do na Curdaigh.
míshuaimhneach uneasy
" An mhí seo caite d'eisigh an Taoiseach ráiteas ina ndúirt sé go raibh an Rialtas míshuaimhneach faoin méid a nochtadh maidir le *Stakeknife *agus go mbeadh sé ag ardú an scéala leis an Phríomh-Aire Blair.
chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine how uneasy people feel
" Úsáidtear na sofhriotail seo - *the birds and the bees* nó *the facts of life *- chomh minic céanna, b'fhéidir, is a úsáidtear na cinn a bhaineann le gnéas féin, rud a léiríonn chomh míshuaimhneach is a bhraitheann daoine faoi oideachas gnéasachta a chur ar dhaoine óga.
míshuaimhneach uneasy
" Dúirt duine de na ceistneoirí ar deireadh nach raibh iarracht ar bith déanta ag an rialtas mar nár fheil sé dóibh aon eolas a bhailiú go bhféadfadh daoine a bheith míshuaimhneach leis.
beagán míshuaimhneach a little bit uneasy
" Tá cearta agamsa fós ar an ainm sin!” Ag breathnú siar anois air, áfach, tá an fear ag a bhfuil an t-ainm "Teilifís na Gaeilge" beagán míshuaimhneach faoin stáisiún a tháinig óna chuid stocaireachta.
Chuir an cheist mishuaimhneas air that question made him uneasy
" An bhfeiceann sé an t-aingeal in Osama bin Laden? Chuir an cheist mishuaimhneas air, eagla air go scríobhfainn go raibh sé ag tabhairt tacaíocht mhorálta do bin Laden, fear ar bhuail sé leis trí huaire.
míshuaimhneach uneasy
" ” Páirtí an Lucht Oibre ======= Tá Muireann ina ball de Lucht Oibre le blianta fada anois ach deir sí go mbraitheann sí rud beag míshuaimhneach sa pháirtí anois, de bhrí go bhfuil sé tar éis bogadh ón eite chlé go dtí an lár.
míshocair uneasy
" Ach tar éis dó stopadh, d’fhanamar uilig timpeall ar an uaigh – míshásta leis an gcaint róghonta a thug sé, míshocair mar nár tugadh bealach dúinn ár mbrón a rá nó a thaispeáint, míshocair nár dúradh níos mó faoin duine álainn seo.
míshocair uneasy
" Ach tar éis dó stopadh, d’fhanamar uilig timpeall ar an uaigh – míshásta leis an gcaint róghonta a thug sé, míshocair mar nár tugadh bealach dúinn ár mbrón a rá nó a thaispeáint, míshocair nár dúradh níos mó faoin duine álainn seo.
tréimhse chorrach chonspóideach an uneasy controversial period
" Bhí tréimhse chorrach chonspóideach ag an Údarás le linn na ré nua seo.
beagáinín míshocair, a little bit uneasy,
" Seo chugainn an bhliain úr agus caithfidh mé a rá go bhfuilim beagáinín míshocair, mar seo an t-am a dheinim na mílte rún faoin saghas saoil is mian liom a chaitheamh sa dá mhí dhéag atá romham.
nílim chomh míshocair céanna. I'm not quite as uneasy.
" Anois nílim chomh míshocair céanna.
chomh míshocair how restless/uneasy
" Agus mé ar ais i mBaile Átha Cliath le cúpla mí anuas, thug mé faoi deara chomh míshocair is a bhraitheann go leor daoine.
Ceol míshuaimhneach. Uneasy music.
mar dhéagóirí míshocra as uneasy teenagers
" Cad é a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú ar ealaíontóirí graifítí? An aontaíonn tú leis an tuairim gur ealaíontóirí iontu féin iad, nó an dóigh leat gur lucht scriosta a dtimpeallachta iad? An samhlaíonn tú iad mar dhéagóirí míshocra le *hoodies* a bhíonn ag spraeáil a gcuid teachtaireachtaí rúnda i gcoim na hoíche ar réadmhaoin agus ar airnéis phearsanta daoine eile, nó an é gurbh fhearr leat amharc orthu mar ealaíontóirí réabhlóideacha a bhfuil a racht ealaíonta á scaoileadh acu ar bhallaí sráide – iad saor ó shrian na ndánlann agus ó shúile an phobail? An dóigh leatsa gur ealaín luachmhar phoiblí é graifítí a bhfuil sé de chumas aige rud éigin suntasach a léiriú faoinár sochaí, nó an síleann tú gur creachadóireacht leithleasach é a bhíonn á cleachtadh ag daoine nach bhfuil aon mheas acu ar a dtimpeallacht nó ar na daoine a bhfuil cónaí orthu mórthimpeall orthu? Is éard atá i ngraifítí ná litreacha nó íomhánna a scríobtar, a spraeáiltear nó a phéinteáiltear in áit phoiblí.
míshuaimhneach uneasy
" Is am iontach míshuaimhneach é seo le bheith i do bhall de Shinn Féin.
neamhshocair uneasy
" Tá daoine neamhshocair agus tá eagla orthu go dtréigfimid ár ndúchas.
neamhshocair uneasy
" Tá daoine neamhshocair agus tá eagla orthu go dtréigfimid ár ndúchas.
míshocair uneasy
" Bhunaigh Alfred Hitchcock, a scannán Rear Window ar chaidreamh míshocair na beirte.
míshuaimhneach uneasy
" Tá go leor daoine míshuaimhneach faoi thriail Michael McKevitt, an té ar cuireadh ina leith go raibh sé ina cheannaire ar an Fhíor-IRA.