Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tabhairt faoin undertake
" Nuair a d'fhiafraigh mé di cad a thug uirthi tabhairt faoin obair mhór, chruthaitheach, dhúshlánach seo dúirt sí go raibh sí "ag iarraidh scéal na ndaoine a insint".
geallúint promise, undertaking
" Mar sin, tá geallúint tugtha acu nach mbeidh siad gléasta mar seo ag comóradh James Larkin sa chathair Dé Sathairn, 7 Meán Fómhair.
a thug faoina mhacasamhail who undertook the same thing
" Ísliú mhór ab ea é seo ar an 325,000 duine a thug faoina mhacasamhail i 1999.
le tabhairt faoin tionscadal to undertake the project
" ” Bhí Eoin ag smaoineamh ar an albam seo a dhéanamh le fada ach deir sé nach raibh an mhuinín aige le tabhairt faoin tionscadal go dtí anois.
tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís to undertake such an application again
" Ach bíonn cuid de na táillí as cuimse ard agus de réir mo bharúlsa baintear úsáid astu lena chinntiú go mbeidh drogall ar dhaoine tabhairt faoina mhacasamhail d’iarratas arís.
gnó adhlacóra undertaking business
" Ní beag an líon fiontar a bhí acu: teach tábhairne, gnó adhlacóra araibh déantús cónraí mar chuid de, oifigí ceantálaithe, seirbhístacsaí agus muillean adhmaid.
agus tabhairt faoi dhúshlán úr? and to undertake a new challenge?
" ***An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh ******an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?*** Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon.
faoin dóigh a dtugann sé faoin aistear about the way he undertakes the journey
" Baineann de Barra leis an chéad dream agus tá rud éigin uasal faoin dóigh a dtugann sé faoin aistear agus gan aige ach mála droma.
le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, to undertake their strange, weird practices,
" Tá an t-am sin den bhliain anuas arís, a léitheoirí: an uair a thagann muintir na Gaeltachta agus muintir na Gaeilge - ar bhur n-anam, ná measctar an dá dhream riamh - le chéile i mbaile mór inteacht taobh amuigh den phríomhchathair le dul i mbun a gcleachtas aisteacha aduaine, i bhfad óna muintir is óna ngaolta, i bhfad ó shúil ghlinn na meán cumarsáide, agus i bhfad ó cheamara *Ócáidí Odi*.
Ag tabhairt faoi Undertaking
" Ag tabhairt faoi KingsAch cén fáth ar chuir sé spéis an chéad lá riamh i ndráma de chuid Jimmy Murphy dar teideal *Kings of the **Kilburn High Road,* an saothar ar a bhfuil an scannán Kings bunaithe.
ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, which the company TNS MRBI undertook recently
" Agus is léir go bhfuil na conspóidí ar fad dulta i bhfeidhm ar an bpobal – de réir pobalbhreithe ar thug an comhlacht TNS MRBI faoi le déanaí, tá Fine Gael beagnach cothrom le Fianna Fáil i measc na vótóirí.
ar tugadh faoi which was undertaken
" Ba é sprioc an taighde ar tugadh faoi ná meastachán a dhéanamh maidir le cé chomh minic is a bhíonn duine fliuch báite má théann sé chun a oifige gach lá ar rothar.
is é an chéad rud a dtugann tú faoi the first thing that you undertake
" Agus garchabhair á cleachtadh agat, is é an chéad rud a dtugann tú faoi ná measúnú a dhéanamh ar a bhfuil tarlaithe, gan do bheatha féin a chur i mbaol.
i mbun taighde undertaking research
" Thug Nener pictiúir den séipéal do Hilary Pyle agus í i mbun taighde dá leabhar.
ar tugadh fúthu which were undertaken
" Pléann sé cúlra stairiúil na meán Gaeilge agus déanann sé cur síos ar na feachtais éagsúla ar tugadh fúthu agus Raidió na Gaeltachta – agus ní ba dhéanaí, Teilifís na Gaeilge – á mbunú.
tabhairt faoin tionscadal áirithe sin. to undertake that particular project.
" Cé nach raibh mórán taithí aici go fóill ar obair theilifíse, thuig sí láithreach go dtaitneodh sé go mór léi tabhairt faoin tionscadal áirithe sin.
ar bhealach nach bhféadfaí tabhairt faoi in a way in which it couldn't have been undertaken
" Mar sin féin, cé gur féidir liom clár a dhéanamh anois ar bhealach nach bhféadfaí tabhairt faoi cúig bliana ó shin – a bhuíochas sin ar an teicneolaíocht – beifear den tuairim i gceann cúig bliana eile gur ceamara de chuid na Clochaoise é an Sony HVR A1E atá agam faoi láthair.
chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae. to undertake a language plan for each county.
" Mar shampla, chuir Conradh na Gaeilge iarratas faoi bhráid an Fhorais roimhe seo le maoiniú a fháil chun tabhairt faoi phlean teanga do gach contae.
gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim that a two step process should be undertaken
" Mhol na rannpháirtithe sa ghrúpa áirithe a bhí ag plé cúrsaí rialachais gur chóir go dtabharfaí faoi phróiseas dhá chéim leis an sprioc seo a bhaint amach.
gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail that widespread public consultation should be undertaken
" Má éiríonn leis an bpobalbhreith seo, mhol an grúpa gur chóir tabhairt faoi chomhairliúchán forleitheadach pobail – a mhairfeadh ar feadh cúig bliana – roimh an dara pobalbhreith, ina roghnófaí an cineál poblachta ba mhian le muintir na tíre a chur ar bun.
ag tabhairt faoi undertaking, setting about
" ● Le linn taighde don alt seo, léigh mé scríbhneoirí níos cumasaí ná mé féin ag tabhairt faoi bhunús na teicneolaíochta seo.
ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann should I undertake the arduous trip
" Má éiríonn liom mo rothar a aimsiú leis an teicneolaíocht seo, ar chóir dom tabhairt faoi aistear achrann go teálta na sladaithe a ghoid é agus úinéireacht an rothair a phlé leo mé féin, nó ar chóir dom cúpla uair, lá, mí ag plé na ceiste leis an nGarda agus le mo chomhlacht árachais?
cén fáth ar chinn sí ar thabhairt faoin obair sin why she decided to undertake that work
" Míníonn sí anseo cén fáth ar chinn sí ar thabhairt faoin obair sin agus an chaoi ar aimsigh sí a céad phostanna.
le tabhairt faoin tionscadal. to undertake the project.
" Rith smaoineamh maith le heagarthóir na hirise Hot Press chun poiblíocht a fháil d’albam nua Kíla ach, mar a mhíníonn Colm Ó Snodaigh, bhí an-bhrú agus strus i gceist nuair a chuathas isteach sa stiúideo le tabhairt faoin tionscadal.
nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair. when the demolition of the area's abandoned warehouses was undertaken.
" Thángthas ar neart fionnachtana seandálaíochta i Lìte sna nóchaidí nuair a chuathas i mbun threascairt thrádstórais thréigthe an cheantair.