De réir an *New York Times*: "D'fhéadfadh an Irish Hunger Memorial atá á oscailt inniu ar Abhainn an Hudson in aice le rinn theas Manhattan a bheith ar comhchéim leis an Vietnam War Memorial i Washington, saothar poiblí ealaíne atá
in aghaidh coinbhinsin, a mhúsclaíonn mothúcháin dhoimhne i ndaoine, a théann i bhfeidhm ar lucht féachana de gach cineál agus a mhéadaíonn ar thuiscint daoine ar céard go díreach ba cheart a bheith i gcuimhneachán poiblí.