“Sin mar a bhíonn tús achan bhliana,” a dúirt sé go smúitiúil, agus é ag amharc ar phictiúr Bhertie Uí Hernia sa *Sindo*, é faoi mhuincí fada bláthanna cumhra na hInde, maithe agus móruaisle na háite ag bronnadh féiríní air, mná áille na tíre sin
ag umhlú dó, laochadhradh ag lonrú ina súile lasta, agus cuma ar Rí na hÉireann gurbh fhearr go mór leis bheith ina sheasamh ag beár Pagan’s Pub i nDroim Conrach.