Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.