An nglacfar de réir a chéile, cuirim i gcás, le cearta daonna, leis an tsaoirse phearsanta, leis an tsaoirse smaointeoireachta, agus leis an daonlathas? Nuair a bheidh an nua-aois bainte amach go hiomlán ag an tSín, beidh a fhios againn cé acu an
luachanna buana uilíocha iad na bunphrionsabail a d’eascair ón tSoilsiú nó an smaointe teoranta iad a mhair seal san iarthar sular tháinig an Áis i méadaíocht? Ach táim cinnte nach raibh Xi ag meabhrú na ceiste seo ach oiread.