Ní haon ionadh é go raibh an leabhar seo le feiceáil ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2007, duais an Oireachtais a ainmníodh in ómós don bhleachtaire ildánach agus uileláithreach a chruthaigh Cathal Ó Sándair.
Thuigeas gurbh ann do ghaol éigin (an nasc 'Ceilteach' uileghabhálach úd, nach brí leis go hiondúil ach brí a bheith in easnamh air) idir Éirinn agus an Ghailís ag dul siar sa stair.