Agus má éiríonn leis an fhearas i ndrioglann amháin, cén fáth nach n-éireodh leis sna cinn eile?"
Bealaí eile
=======
Tá cumhacht gaoithe ag Íle freisin, roinnt tuirbíní, agus deirtear go bhfuil feirmeacha gaoithe ar na bacáin.
Tá ar a laghad dhá chomhlacht lonnaithe in Éirinn a chuireann tuirbíní beaga gaoithe ar fáil - micreathuirbíní a thugann siad orthu - ar phraghas atá thar a bheith réasúnach.
Más mall féin an t-athrú é, gur féidir deontas a fháil le muileann gaoithe (beaga) a chrochadh agus gur féidir an fuíollach aibhléise a ghinfear leis a dhíol leis an ghréasán náisiúnta, is maith ann é.
Dar leis na húdair, Yves Sciama agus Nicolas Chevassus, go dtí go dtuigtear conas fuinneamh aibhléise a thaisceadh ar bhealach feidhmiúil agus saor, is beag tairbhe iad na muilte gaoithe atá á dtógáil ar fud na hEorpa.
Millte ag Muilte?
=========
Chuimhnigh mé ar an seanstáisiún ginte leictreachais i nGlinn Chatha agus mé ag éisteacht leis an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ag deireadh mhí an Mhárta.
chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoicwho’ll erect wind turbines on every hilltop
Is eagal le Ciarán Mac Aonghusa gur spaga beag folamh an rialtais áitiúil a d’fhág é ag santú comhlachtaí a chuirfeas muilte gaoithe ar mhullach gach cnoic.