Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
fíor-neamhspleách truly independent
" Cé go bhfuil tionól acu anois i gCaerdydd, bhí parlaimint fíor-neamhspleách ag na Breatnaigh i Machynlleth i 1404 i rith éirí amach Owain Glyndwr (1400-1415).
i ndáiríre píre really and truly
" Balor: Agus anois, a Íochtaráin, an cheist mhór: Cén fáth gur tháinig tú go hÉirinn? Ba bhreá liom féin, agus ba mhaith le léitheoirí *Beo Ar Éigean *- agus tá mé cinnte go mbeadh suim ag Éamonn Ó Doornail, fiú - a fháil amach cad tuige i ndáiríre píre gur tháinig tú chun an oileáin iathghlais seo.
athrú fíor-radacach a truly-radical change
" “Bheadh athrú fíor-radacach ag baint le hathrú teanga ag an bpointe seo,” a deir.
fíorphoblachtánacha truly republican
" Ach le himeacht ama laghdaigh líon na dTeachtaí Dála fíorphoblachtánacha agus tháinig glúin nua chun tosaigh.
i ndáiríre píre really and truly
" ’ Ach i ndáiríre píre, cé go raibh cuma na fusachta ar a chuid iarrachtaí, ní raibh an méid sin éasca a dhéanamh.
nósanna fíor-Éireannacha truly Irish customs
" Bhí sé doiligh go leor ar Fhear Dia nósanna fíor-Éireannacha a ghlacadh chuige féin, ach chuidigh a cheanndánacht agus a chadrántacht go mór leis.
ó Chumann Fíorghaelach na bhFíorghaeilgeoirí Fíorghaelacha from the Truly Irish Society of the Truly Irish Irish Speakers
" Siúr nach bhfuil a fhios ag an saol mór gur dlúthchairde muid, *<ainm ag an eagarthóir>* agus mé féin, le fada fada an lá, ón am ar cuireadh an bheirt againn ar fionraí ó Chumann Fíorghaelach na bhFíorghaeilgeoirí Fíorghaelacha toisc muid a bheith ró-leathanaigeanta inár n-aigne phoiblí ag an am nár ceadaíodh a leithéid (ach faoi rún).
fíor-eitneach truly ethnic
" Tá ceol sa Taisce a dtugaim ceol fíor-eitneach air, ceol a bhfuil sé doiligh éisteacht leis, an chuid is troime agus is casta den sean-nós, ach tá ceol le Bridie Gallagher ann fosta.
den chéad scoth truly excellent
" Tháinig mé ar amhránaí traidisiúnta Albanach den chéad scoth le déanaí.
fíorchruthaitheach truly creative
" Ba dhuine fíorchruthaitheach é Kieran.
Eachtraí fíoréifeachtacha truly effective events
" Eachtraí fíoréifeachtacha a bhí sa dá shliocht, ach d’éiligh an chuid eile den scéal foighid nach raibh agamsa.
sin í glan na fírinne really and truly
" Ní raibh sé deas, ní raibh sé ceart, bhí sé náireach agus sin í glan na fírinne.
fíor-Bhriotánach truly Breton
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
iontas na n-iontas truly amazing
" Agus, iontas na n-iontas, chrom sí a ceann in ómós dóibh siúd a thug a n-anamacha in éide an Phiarsaigh ar son saoirse na hÉireann.
faoi réir ag fíoreitic uilíoch controlled by a truly universal ethic
" Idirspleáchas na samhlaíochta agus an réasúin faoi réir ag fíoreitic uilíoch a theastaíonn uainn go práinneach.
bhfuil mo chroí istigh ionat I truly love you
" a bhí ag damhsa, chan na sciatháin!) Agus iad ag válsáil go bog agus ag cogarnach go ciúin le chéile i gcoirnéal an tseomra mhóir ghalánta, shleamhnaigh Aingeal a bruasa taise teo in aice le cluas chlé Bhaloir agus labhair go ciúin leis: ‘A Bhaloir, a thaisce, tá a fhios ag an saol mór go bhfuil mo chroí istigh ionat, agus níor mhaith liom thú a bheith ar lár chomh hóg seo i do shaol.
fíor-réasúnach truly rational
" Go dtí fiche bliain ó shin síleadh go raibh an duine fíor-réasúnach.
amhráin agus filíocht den chéad scoth truly excellent songs and poetry
"amhráin agus filíocht den chéad scoth ar albam nua John Spillane agus Louis de Paor agus is saothar tábhachtach é ó thaobh na Gaeilge chomh maith.