Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sos cogaidh truce
" ’ Is i gcarráiste traenach taobh amuigh de Compiègne, atá 100 ciliméadar siar ó thuaidh de Pháras, a síníodh an sos cogaidh agus géilleadh na Gearmáine a chuir deireadh leis an gCogadh Mór i mí na Samhna 1918.
tsosa chogaidh truce
" ’ Lean Iosrael ag gabháil agus ag marú na bPalaistíneach i rith an tsosa chogaidh sin agus níor mhaolaigh siad blas an t-imshuí danartha ar an limistéar atá cosúil le campa géibhinn ina bhfuil 1.
sosanna cogaidh truces
" Tharla na chéad sosanna cogaidh 15 bliana ó shin agus ní bheadh cuimhne ag daoine óga, atá in aois vótála don chéad uair anois, ar na Trioblóidí, ach tá na heasaontóirí ag iarraidh iad a tharraing isteach sa "choimhlint".
sos cogaidh truce
" An mbeadh sos cogaidh ann dá mbeadh sí ina Príomh-Aire ag an am? Ní fios, ach ba iad cinní agus pearsantacht Thatcher a d’ullmhaigh an tuaisceart ar an turas a bhain cineál bunscríbe amach le síniú Comhaontú Aoine an Chéasta - dá hainneoin féin.
sos cogaidh truce
" D’fhógair roinnt eagraíochtaí reibiliúnacha sos cogaidh, ach d’iompaigh grúpa saighdiúirí Búdaíocha ón KNLA i 1994 agus thacaigh le harm an Stáit mar gheall ar fhorlámhas na gCríostaithe sa KNU agus leithcheal frith-Bhúdaíoch.
sos cogaidh truce
" Marú Kieran Doherty; buama a d'fheadfadh daoine a mharú ar an Iúr; racáin i Craigavon le seachtain anuas, ag dul siar go dtí marú bheirt shaighdiúir Briotánacha, Mark Quinsey agus Patrick Azimkar, ag Beairic Masserene i mbaile Aontroma agus níos faide siar go dtí briseadh a sos cogaidh i 2000, sos a tháinig sna sála ar bhuamáil fhuilteach na hOmaí as a raibh siad freagrach.
ar sos comhraic in a truce
" Cheadaigh ceannaireacht an UVF an dúnmharú, ainneoin iad in ainm is a bheith ar sos comhraic.
sos cogaidh truce
" Tháinig socrú (doiligh) bunreachtúil ar cheist an Tuaiscirt tar éis sos cogaidh na nóchaidí.
ag plé an tsosa chogaidh discussing the truce
" Ag an am seo, bhí na Brits ag caint go ciúin linn, bhí Gerry Adams i mbun cainteanna le John Hume, agus ó thaobh agamsa de, bhí baint agam leis na cainteanna a bhí ag plé an tsosa chogaidh.
i ndiaidh na sosanna cogaidh after the truces
" Cuireadh an Comhlathas le chéile taobh istigh de 7 sheachtaine le go mbeadh siad i dteideal seasamh do thoghchán an Fhóraim, an foras a bunaíodh mar ghléas chun theacht ar réiteach pholaitiúil i ndiaidh na sosanna cogaidh.