ghléas taistil
means of transport
Tá na busanna an-sean agus is minic a úsáidtear seanleoraithe, fiú amháin, mar
ghléas taistil.
chúrsaí iompair
transport matters
Glacadh le moltaí a rinne an Seanad deireanach ar reachtaíocht ar
chúrsaí iompair, agus ar an mbille oideachais do dhaoine míchumasacha.
modhanna taistil
means of transport
Phléigh muid cúrsaí taistil - na
modhanna taistil ab fhearr linn, an saghas lóistín a thaitin linn, agus na háiteanna ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orainn.
bealaí iompair
means of transport
D'imrítí na cluichí i bpáirceanna fheirmeoirí an cheantair mar ní raibh
bealaí iompair ar fáil chuig na páirceanna cearta.
an Roinn Iompair
the Department of Transport
"
Cuireann
an Roinn Iompair in Éirinn fóirdheontas ar fáil i gcás seirbhísí go sé cinn de cheantair imeallacha, leithéidí Chnoc Mhuire agus Thír Chonaill, agus tá trí chonradh díobh seo ag Aer Árann.
córas iompair
mode of transport
Deirtear gurb é ceann an Dúna Mhóir an píosa talún is sia siar in Éirinn agus is minic a tugar "an paróiste is giorra do Mheiriceá" ar Dhún Chaoin, cé go bhfuil pobail eile ar chósta thiar na hÉireann a mbeadh an port céanna acu! Is é An Daingean an baile mór is giorra do Dhún Chaoin - isteach is amach le sé chiliméadar déag soir ó Dhún Chaoin ach, tá an fad cruinn ag brath ar cén treo a gheibheann tú nó cén
córas iompair atá faoi do thóin.
gcóras iompair
transport system
Fadhbanna eile
=======
Ar ndóigh tá fadhbanna eile le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an
gcóras iompair.
fearas iompair
transport equipment
Bia agus beostoc, ceimiceáin, innealra agus
fearas iompair thar aon rud eile is mó a dhíolaimid leo.
córas nua iompair
new transport system
Is beag lá nach mbíonn tagairt éigin le feiceáil sna nuachtáin do Luas, an
córas nua iompair atá á thógáil i mBaile Átha Cliath, agus gearáin a bhíonn i gceist go minic.
iar-Aire Iompair
former Transport Minister
Agus in ainneoin an méid a bhí le rá ag an
iar-Aire Iompair Mary O'Rourke faoin tseirbhís a bheith ar fáil don phobal faoi dheireadh na bliana 2003, ní bheidh na tramanna le feiceáil ar shráideanna na hardchathrach go dtí mí an Mheithimh 2004 ar a luaithe.
iompair poiblí
public transport
Tá cultúr an chairr chomh láidir sin i mbruachbhailte Mheiriceá go bhfuil go leor ceantar ann nach bhfuil córas ar bith
iompair poiblí acu, agus tá roinnt nach bhfuil cosáin le fáil iontu fiú.
agus an plean iompair á sheoladh aige
when he was launching the transport plan
Ceist thábhachtach í seo a bhaineann go dlúth le fás agus forbairt an aontais sna blianta atá romhainn, mar a dúirt Romano Prodi, uachtarán Choimisiún na hEorpa,
agus an plean iompair á sheoladh aige.
faoin iarchoimisinéir iompair
under the former transport commissioner
Grúpa saineolaithe
faoin iarchoimisinéir iompair, Karel van Miert, a chuir an liosta tosaíochtaí le chéile.
chostais iompair
transport costs
Tá muinín ag lucht gnó agus ag polaiteoirí go bhfeabhsóidh an tseirbhís nua seo trádáil idir oirdheisceart na tíre, áit a bhfuil formhór na ndaoine, agus an Áis, trí Darwin, agus go mbeidh laghdú ar
chostais iompair dá bharr seachas a bheith ag cur earraí ar longa ó Sydney agus Melbourne nó ar na bóithre idir Alice Springs agus Darwin.
chóras iompair
transport system
Chomh maith leis sin, tá bóthar iarainn ar fáil a dúnadh i 1963 agus b'fhearr i bhfad é sin a úsáid mar
chóras iompair seachas na carranna sin ar fad a mhealladh isteach go Baile Átha Cliath.
iompar
transport
Níos gaire do bhaile tá imní ar go leor daoine san Eoraip maidir leis na pleananna atá ag an gCoimisiún agus ag an gcoiste rúnda seo do sheirbhísí poiblí mar shláinte, oideachas, soláthar uisce, agus
iompar.
sceitimíní áthais
transports of joy
Ina theannta sin, chloisfeá neart
sceitimíní áthais ag gasúir na háite agus iad ag freastal ar an gCampa Samhraidh Spóirt atá á eagrú ag Colmán Ó Flatharta agus ag a chomhlacht "Seirbhís Spóirt Chonamara".
iompair
transport
Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí
iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
i gcúrsaí iompair
in transport matters
Ceist agam ort: céard é an t-athrú ba shuntasaí agus ba thábhachtaí
i gcúrsaí iompair na tíre le trí bliana anuas? Luas an dá bhealaigh? An síneadh nua ar an M1, an mótarbhealach idir Bhaile Átha Cliath agus Dún Dealgan? Éide nua na n-aeróstach in Aer Lingus?
Déarfainn féin nach bhfuil ceann ar bith díobh sin inchurtha le hathrú radacach ach folaithe a thosaigh go ciúin agus a scaip thar chúig chontae is fiche i bhfaiteadh na súl.
An Tionscnamh Iompair Tuaithe
The Rural Transport Initiative
Ach tá a teach thart ar thrí mhíle ón N54, a shíneann idir baile Shligigh agus Béal an Átha, agus nuair a bhris sí a cos tamall de sheachtainí ó shin bhí sí sa bhfaopach ceart murach
An Tionscnamh Iompair Tuaithe áitiúil.
a ngléas taistil féin
their own means of transport
Ba chuma i gcás na ndaoine a raibh carranna acu, ach bhí na sluaite seandaoine, máithreacha le gasúir óga agus daoine eile ann nach raibh
a ngléas taistil féin acu, nach raibh in ann siúl go dtí an príomhbhóthar (má bhí seirbhís ann dóibh ansin) agus a bhí fágtha ar an trá thirim, scoite amach ón saol.
mhodh taistil
means of transport
Murach go raibh an spásárthach agus an chulaith spáis in easnamh (agus gur mionbhus bán a bhí mar
mhodh taistil!), cheapfá gur ar an ngealach a bhí tú, leis na clocha móra "gealaí" ar fad! Ansin, trá mhór fhada bhán os do chomhair, nach bhfeicfeá a leithéid sa *Med*!
D'éalaigh mé ón gcaint agus ón gcomhrá san Isle of Harris Hotel, tar éis dúinn oíche bhréa a chaitheamh i dTaigh mo Sheanair, chun breathnú ar na seanghrianghraif agus ar na léarscáileanna san óstán, go háirithe na cinn a bhain le Hiort, an t-oileán a tréigeadh sna 1930í.
iompar
transport
Cinntíonn an t-eagras seo nach bhfuil cleachtais fhríthiomaíocha ar súil in earnálacha éagsúla, mar shampla earnálacha a bhíodh faoi smacht an Stáit mar
iompar nó árachas sláinte.
Aire Iompair
Minister for Transport
Soitheach gan stiúir
=======
Ó ceapadh Martin Cullen ina
Aire Iompair i mí Mheán Fómhair seo caite, níl tada suntasach déanta aige.
ón mbuiséad iompair
from the transport budget
Caitear an chuid is mó den airgead poiblí
ón mbuiséad iompair ar bhóithre nua agus is amhlaidh atá le tamall fada anuas; b’fhéidir, áfach, go bhfuil lag trá na n-iarnród thart tar éis tréimhse fada meathlaithe agus easpa airgid.
an tAire Iompair
Minister for Transport
Sna seachtainí atá romhainn, beidh Martin Cullen,
an tAire Iompair, ag foilsiú phlean infheistíochta iompair deich mbliana an Rialtais, agus beidh go leor daoine agus grúpaí ag scrúdú na caibidle dar teideal “Iarnróid” go géar.
modh éifeachtach iompair phoiblí
efficient mode of public transport
Tá neart buntáistí ag baint le traenacha: is
modh éifeachtach iompair phoiblí iad, tá siad i bhfad níos fearr don chomhshaol ná gluaisteáin, is féidir leo níos mó comaitéirí a iompar ná busanna nó fiú tramanna Luas agus, nuair a bhíonn siad ag iompar lasta, tig le traein amháin áit breis is cúig leoraí dhéag a ghlacadh.
an Roinn Iompair
the Department of Transport
Beidh na conarthaí reatha thart i mí Iúil, áfach, agus d’iarr
an Roinn Iompair tairiscintí nua cúpla mí ó shin.
an dá mhodh iompair
the two modes of transport
Ní raibh mé ábalta eolas a fháil mar gheall ar an líon paisinéirí a rinne an turas seo ar an traein ach, de réir dealraimh, tá
an dá mhodh iompair ábalta maireachtáil gan mórán trioblóide.
córais taistil
transport systems
Tá tithe níos fearr ag daoine, uisce sna tithe,
córais taistil acu agus tá fonn ar dhaoine fanacht sa mbaile.
ceannasaí iompair
transport chief
Mar atá a fhios ag duine ar bith a léigh an cuntas beatha mar gheall air san iris an *New Yorker *an bhliain seo caite, is pearsa thábhachtach i gcúrsaí polaitíochta i Londain é
ceannasaí iompair na cathrach Bob Kiley.
chóras iompair
transport system
Is de réir a chéile a thuig daoine go raibh rud éigin mór as an ngnách ag tarlú ar
chóras iompair Londan le déanaí.
bonneagar iompair
transport infrastructure
Ar feadh tamaill fhada sa tír seo, b’ionann “
bonneagar iompair” agus “níos mó bóithre agus bóithre níos mó.
Roinn Iompair na Stát Aontaithe
the US Transport Department
Measann
Roinn Iompair na Stát Aontaithe go raibh timpeall 15 milliún Meiriceánach i mbun teileachomaitéireachta sa bhliain 2002, agus go bhfuil an líon seo ag fás suas le 20% sa bhliain.
modhanna iompair
methods of transport
Éireoidh na
modhanna iompair atá againn faoi láthair, mar shampla, i bhfad níos daoire.
oibrithe an chórais iompair
the workers of the transport system
Tar éis na stailce dhá lá a d'eagraigh
oibrithe an chórais iompair, tá an stáisiún agus an chathair ag teacht chucu féin arís.
chóras iompair
transport system
An cuimhin libh cá raibh sibh deich mbliana ó shin, i mí na Samhna 2005? An mhí ar cailleadh George Best; an mhí a d’fhág Roy Keane Manchester United (agus, féach, níor bhuaigh siad comórtas ar bith ó shin!); an mhí ar ceiliúradh an céadú ócáid de chuid an chlub Sult (rud atá deacair a chreidiúint, anois agus muid chun freastal ar an 250ú ceann i mBaile Átha Cliath, agus Sult ina bhranda idirnáisiúnta na laethanta seo); agus an mhí ar foilsíodh Transport21, plean straitéiseach an Rialtais do
chóras iompair na hÉireann.
córas iompair
system of transport
Tá
córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
córas iompair
system of transport
Tá
córas iompair iontach ann, praghsanna réasúnta agus rogha leathan bia, dí agus gníomhaíochtaí.
tháillí iompair
transport fees
Bhí formhór an airgid á íoc mar “
tháillí iompair” leis an gcomhlacht Alia san Iordáin.
cúrsaí iompair
transport matters
De ghnáth, nuair a phléitear
cúrsaí iompair, iompar paisinéirí a bhíonn i gceist.
iompar poiblí
public transport
Idir
iompar poiblí sna cathracha (briseach ráillí Luas mar shampla) agus an nuacht is deireanaí ó Ryanair, Aer Lingus nó Aer Arann, is é seo an chuid is feiceálaí den ghnó, an t-iompair *daoine *ó A go B.
slite malartacha iompair
alernative means of transport
Ach roimh an bhliain 2015, feicfimid níos mó lasta ag úsáid
slite malartacha iompair atá níos saoire.
i gcúrsaí iompair
in transport
Sa lá atá inniu ann, is
i gcúrsaí iompair a chaitear formhór na hola sa tSualainn.
iompar
transport
(Dála an scéil, tá aire i Rialtas na Sualainne nach bhfuil aon fhreagracht uirthi ach amháin an Fhorbairt Inbhuanaithe An-smaoineamh, nach ea?)
Eatánól sa pheitreal
=======
Tá Rialtas na Sualainne ag spreagadh taighde faoin
iompar (go háirithe na gluaisteáin) a dhéanfadh níos lú damáiste don chomhshaol.
córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth
an excellent modern public transport system
Agus an rud atá ag gabháil a tharlú go sciobtha sa tír seo ná go dtiocfaidh daoine ar an tuiscint go bhfuil deireadh le ré na gcarranna agus go gcaithfidh muid
córas nua-aimseartha iompair phoiblí den scoth a chur ar fáil do chuile shaoránach in Éirinn, bíodh sé i mBaile Átha Cliath, i gClár Chlainne Mhuiris, i nGaillimh nó pé áit.
córas iompair phoiblí níos éifeachtaí
a more efficient public transport system
D’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí insliú tí níos fearr,
córas iompair phoiblí níos éifeachtaí nó pleanáil baile agus tuaithe níos fadtéarmaí.
de chóras iompair phoiblí
of a public transport system
Mar sin, níl sí oiriúnach amach is amach mar thír don taistealaí neamhspleách, toisc nach bhfuil mórán
de chóras iompair phoiblí inti agus toisc go dtógann sé an chuid is mo de lá dul ó phointe A go pointe B.
ar chúrsaí iompair
on transport
Úsáidtear 68% den ola a chaitheann na Stáit Aontaithe
ar chúrsaí iompair, an mhórchuid di ar iompar bóthair.
i leaba costas iompair a íoc.
instead of paying transport costs.
Is gearr go mbeidh sé níos saoire na caoirigh a mharú
i leaba costas iompair a íoc.
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais
the cost of rates, energy, transport, environment and insurance
Tá
costais rátaí, fuinnimh, iompair, comhshaoil agus árachais ag méadú chomh maith leis an choiriúlacht gheilleagrach.
córas iompair
transport system
Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is
córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
to pay for such a public transport service.
) Ar ndóigh, d'fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile
lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú.
faoin iompar poiblí
about public transport
Beidh mórán cainte
faoin iompar poiblí sna míonna atá romhainn agus an t-olltoghchán ag druidim linn.
pleanáil iompair
transport planning
Brabús príobháideach
I ndáiríre, ní ar riachtanas poiblí a bhunaítear
pleanáil iompair ach ar an pholaitíocht agus ar bhrabús príobháideach.
iompar poiblí ceart
proper public transport
De ghnáth, ní phleanáiltear meáin iompair agus úsáid na talún le chéile; tógtar eastát tithíochta nó páirc ghnó nua ar dtús agus tagann
iompar poiblí ceart níos moille – nó ní thagann sé ar chor ar bith.
an t-aeriompar idirnáisiúnta.
international air transport.
Ach cad is brí leis an “Open Skies” seo atá go mór sa nuacht le déanaí?
Ós rud é gur fhás sé sa ré roimh an “saormhargadh”, is tionscal an-srianta é
an t-aeriompar idirnáisiúnta.
ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh
from the EU air transport market
Tá na srianta imithe
ó mhargadh aeriompair an Aontais Eorpaigh le deich mbliana anuas: tá cead ag comhlacht as tír Eorpach amháin paisinéirí a eitilt idir dhá tír Eorpacha eile, cúis amháin go bhfuil fás chomh mór sin tagtha ar Ryanair sa tréimhse chéanna.
cúrsaí iompair
transport matters
“Easpa airgid agus
cúrsaí iompair ba chúis leis an easnamh seo,” a dúirt Derek liom.
an t-iompar bóthair
road transport
Beifear ag plé cúrsaí eitleáin níos déanaí, ach is é
an t-iompar bóthair an tomhaltóir peitril is mó anseo.
mar mhodh taistil cathrach,
as an urban mode of transport,
Mar gheall ar chomh tapa is atá an rothar
mar mhodh taistil cathrach, thug an chathair suntas dó le tamall anois, agus ó 2004 amach, is féidir rothaíocht timpeall imlíne oileán Manhattan (32 mhíle ar fhad) ar raon rothar darb ainm an Manhattan Greenway, gan ach cúig mhíle nó mar sin a chaitheamh ar shráideanna.
córas iompair phoiblí
public transport system
Tá
córas iompair phoiblí i measc na nithe sin, agus tá ról lárnach ag na tramanna sa chóras rathúil iompair in Melbourne.
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
that their ancestors stuck to this efficient mode of transport.
Tá an t­-ádh dearg ar mhuintir Melbourne
gur chloígh a sinsear leis an modh éifeachtach taistil seo.
modhanna éagsúla iompair
various modes of transport
Reáchtáladh Lá Saor ó Charanna in Éirinn ar an 22 Meán Fómhair, lá a bhfuil sé mar aidhm aige daoine a spreagadh chun
modhanna éagsúla iompair a úsáid agus a ngluaisteáin a fhágáil sa bhaile.
béim ar choisithe agus ar iompar poiblí,
an emphasis on pedestrians and public transport,
Lá breá fómhair a bhí ann, agus ar feadh tamaill bhig, d’fhéad daoine a shamhlú go raibh siad ag spaisteoireacht trí chathair thipiciúil fhorásach de chuid na hEorpa, cathair ina gcuirtear
béim ar choisithe agus ar iompar poiblí, seachas garaíocht a bheith á déanamh do ghluaisteáin i ngach áit.
córas maith iompair phoiblí.
a good system of public transport.
Bhí díospóireacht ann faoi cé acu an féidir le daoine nach bhfuil gluaisteán acu a bheith páirteach i saol na cathrach in éagmais
córas maith iompair phoiblí.
aire iompair
minister for transport
Thug Martin Cullen, a bhí ina
aire iompair ag an am, gealltanas go ndéanfaí “leasanna straitéiseacha an Stáit” a chosaint agus, chuige sin, go gcoimeádfadh an Stát bun mór sa chomhlacht príobháideach.
Modh an-choitianta iompair atá
a very common mode of transport
Modh an-choitianta iompair atá sa rothaíocht sna cathracha seo, ar féidir leis truailliú a laghdú agus atá neodrach ó thaobh mhéid an charbóin a scaoiltear.
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh,
that other modes of transport suit them better
Nochtadh sa suirbhé go bhfuil trí phríomchúis le nós na rothaíochta a bheith dulta i léig: braitheann comaitéirí
go bhfeileann modhanna eile iompair níos fearr dóibh, síleann siad go bhfuil an trácht róchontúirteach agus tá siad den tuairim go bhfuil an aimsir ródhona le dul amach ar rothar.
meán iompair
means of transport
Is
meán iompair í an eitlíocht atá an-sábháilte, agus tá caighdeán na sábháilteachta ag éirí níos fearr gach bliain.
cóir iompair
means of transport
Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d'fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne:
“D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu:
aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla
cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.
san earnáil iompair.
in the transport sector.
***Míbhuntáistí:*** Níl scileanna maithe idirphearsanta aige agus é ag plé lena chomhghleacaithe nó le grúpaí
san earnáil iompair.
modhanna iompair
modes of transport
Má tá conspóid faoi phraghas an pheitril in Éirinn – áit a bhfuil rogha fhairsing i gceist ó thaobh
modhanna iompair de – samhlaigh, mar sin, cad é mar atá sé anseo, áit nach mbíonn rogha ar bith go minic ach amháin an carr.
roinn iompair
department of transport
De réir
roinn iompair na Stát Aontaithe, tá 12 faoin gcéad de na droichid ar bhóithre na tíre rangaithe mar "dhainséarach" cheana féin.
iompair
transport
Nó an bhfuil?
Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó
iompair nó oideachais a réiteach.
thaisteal poiblí
public transport
Ach seachas a rá leis an bpobal go mb’fhearr dóibh carranna níos lú a thiomáint agus níos mó airgid a chaitheamh ar
thaisteal poiblí, deir an tionscal ola gur cheart deireadh a chur le srianta ar dhruileáil ola sa tír, is cuma más in áiteanna fíorleochaileacha mar The Arctic National Wildlife Refuge a ndéanfaí an druileáil.
mhodh taistil
a means of transport
Is é sin, an cineál a bhaineann le daoine a bhíonn i gcarranna, agus an drochmheas atá acu ar an chuid eile a roghnóidh an rothar mar
mhodh taistil le fáil ó áit go háit.
Iompair
transport
Grád: C -
Noel Dempsey (An tAire
Iompair):
Dul chun cinn áirithe déanta aige maidir leis an dara aerstad in Aerfort Átha Cliath, ach tá todhchaí Aer Lingus ina chnámh spairne i gcónaí.
córas iompair
transport system
Tá an tuairim aige gur gá
córas iompair phoiblí feidhmiúil a chur ar bun agus bonneagar úrnua a thógáil má tá an pobal le dul i ngleic leis an nganntanas breosla feasta.
iompair poiblí
public transport
com/watch?v=tm_Aqnc3kO0&feature=related)
Difríocht mhór eile idir San Francisco agus cathracha eile Mheiriceá ná an caighdeán
iompair poiblí.
iompair
transport
Idir easpa pháirceála agus thranglaim thráchta, go háirithe i rith na seachtaine, is é an tseirbhís
iompair phoiblí an rogha is éifeachtaí.
iompar
transporting
Áireofar mar choir, leis,
iompar agus fostú ‘inimirceach mídhleathach.
ar iompar
towards transport
Tá siad ag díriú go mór ar an teicneolaíocht ghlas, ar leictreonaic, agus
ar iompar, ach le fírinne, tá siad ag forbairt na teicneolaíochta in chuile réimse: ón ghéineolaíocht go dti leathsheoltóirí.
iompar poiblí
public transport
Domsa, Eorpach a d'fhás aníos in Éirinn agus a raibh trí bliana caite aige sa Ghearmáin agus i Sasana, ní raibh amhras ar bith orm go mbeadh
iompar poiblí Mheiriceá ar comhchéim le córais na hEorpa.
Iompair agus Fuinnimh
energy and transport
An tAire
Iompair agus Fuinnimh: Arthur Spring
=========================
Beidh an Teachta nuathofa seo as Ciarraí Thuaidh ar an aon duine úr a gheobhaidh ardú céime.
n-oibrithe iompair
transport workers
Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na
n-oibrithe iompair.
Iompar na Cónaidhme
of federal transport
Dúirt sé go láidir agus go poiblí nach ligfeadh sé do líne traenach ‘ard-luas’ dul tríd an stát, agus d'fhógair Roinn
Iompar na Cónaidhme dá réir go n-aistarraingeodh siad $800 milliún as an scéim, rud a chuir deireadh tobann leis.
córas iompair
a transport system
Is
córas iompair ar leith atá ar fáil ar oileán Rarotonga – bus amháin a théann deiseal ar an oileán agus bus eile a rachfas tuathal.
t-iompar poiblí
public transport
Agus ní réiteach ar an scéal é an
t-iompar poiblí ach oiread.
ag iompar teaghlach
transporting families
Bhí tacsaithe uisce
ag iompar teaghlach ó áit go háit ar chladaigh an chuain ar a bhfuil Baltimore.
córas iompair
transport system
Is é an TTC an
córas iompair Toronto (Toronto Transit Commission).
n-oibrithe iompair
transport workers
”*
Corraíl Oibre agus Ealaíne
=============
Bhí atmasféar fíor-réabhlóideach sa chathair mí nó dhó ina dhiaidh sin le stailc mhór fhada i measc na
n-oibrithe iompair.
chóir thaistil
a means of transport
Tá súil agam nach raibh aon timpist nó géarchéim leighis an mhaidin sin i Samarkhand agus an t-otharcarr gafa againne mar
chóir thaistil.
cathaoir rotha an modh taistil atá aige
his mode of transport is the wheelchair
Tá sé gar don chéad anois agus
cathaoir rotha an modh taistil atá aige anois.
tAire Iompair
minister for transport
Airí na Marfachta
======
Cháin an
tAire Iompair agus Poist agus Teilegraif, Jim Mitchell go láidir an moladh go mbunófaí stáisiún teilifíse lán-Ghaeilge roimh 1987.
an cuan amach
(was) transported
N’fheadar ar Bhrianach é, mí-aistrithe go ‘Gaolainn’ ag fear inscríofa na lice? Brian O Brien, abair, Éireannach Aontaithe, daortha i Loch Garman agus curtha
an cuan amach ar an ‘Atlas II’ i 1800?
Nead Éireannach Aontaithe
===========
Nó b’fhéidir gurb é Bryan O Brien a luíonn anseo, an té a bhog isteach le Mary Ryan i Parramatta nuair a scar sí lena compánach William Mahoney in 1812.
tAire Iompair
transport minister
Is é an
tAire Iompair a leagann síos na rialacháin faoi chomharthaíocht de réir na gcumhachtaí atá aige faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre.
an ghnáthchóras taistil
the ordinary means of transport
D’fhoglaim muid méid áirithe den teanga agus chuaigh muid thart linn féin, ar
an ghnáthchóras taistil a bhí ag na daoine.
agus iad á n-iompar thar lear
as they are being transported abroad
Tá feirmeoirí na hAstráile ag gnóthú go leor airgid as onnmhairiú caorach ach is minic a fhulaingíonn na hainmhithe cuid mhór
agus iad á n-iompar thar lear.
thionscnamh iompair
transport initiative
Féachann Uinsionn Mac Dubhghaill ar
thionscnamh iompair a bhfuil ag éirí thar barr leis i gceantair iargúlta tuaithe ach nach féidir a bheith cinnte go leanfar leis sa todhchaí.