Bhí fhios agam go raibh rud éigin difriúil faoin áit chomh maith, ach ní raibh mé ábalta mo mhéar a leagan air! Ach ansin, dúirt mo chara liom é – nach bhfuil mórán tráchta sa chathair in aon chor! Tá sise ina cónaí ann le mí anuas agus ní fhaca sí oiread is
tranglam tráchta amháin! Bíonn lár na cathrach an-chiúin san oíche freisin, ach seans go mbaineann sé sin leis an bpraghas ard a bhíonn ar an bpionta! Cé go mbíonn praghas níos airde ar an bpionta i mBaile Átha Cliath, bíonn na sluaite ar an tsráid agus bíonn an
tranglam tráchta againne!
Cé nach bhfuil Glaschú chomh mórthaibhseach céanna mar chathair, tá a carachtar féin aici gan amhras.