easpa traidisiúin
lack of tradition
Thrácht Cullen ar an "
easpa traidisiúin atá forleathan in Éirinn" agus mhaígh sé gurb é seo ceann de na cúiseanna go raibh dearcadh "éiginnte, leithscéalach" ag muintir na tíre.
a rinne seachadadh ar an traidisiún
who passed on the tradition
Ach, thar aon rud eile, mhothaigh mé go raibh cuimhne na ndaoine
a rinne seachadadh ar an traidisiún ligthe i ndearmad ar fad.
meáchan an traidisiúin
the weight of tradition
Tríd an alt tá stair an chluiche luaite, tionchar Acht an Aontais in 1800, bunú an Chumainn Lúthchleas Gael,
meáchan an traidisiúin agus cluichí éagsúla.
ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún
ignoring the tradition
Tá nós ag daoine scaití a bheith ag rá go bhfuil na damhsóirí anois
ag tabhairt neamhairde ar an traidisiún agus ar stíleanna agus céimeanna na ndamhsóirí a bhí mar fhoinse.
traidisiún béil
oral tradition
Tá an
traidisiún béil an-tábhachtach agus tá na fabhalsceálta agus na finscéalta a choimeád a sinsear beo mar chuid lárnach fós den chultúr láidir Faróch.
traidisiún béil
oral tradition
AÓF: Cén chaoi a múineann tú féin tiún do dhaoine óga atá ag foghlaim uait? An bhfuil sé deacair ceol a mhúineadh?
SJW: Ós rud é gur
traidisiún béil atá againn, sin an chaoi a múinim an ceol.
na traidisiúin a chaomhnú
to preserve the traditions
Léiríonn sé é seo le scéalta faoi chlubanna beaga ar fud na tíre agus an obair dhian atá ar siúl ag daoine go deonach chun na seirbhísí don phobal chomh maith leis na cluichí iad féin a fhorbairt agus
na traidisiúin a chaomhnú.
thraidisiúin físe
visual tradition
"
Agus an smaoiníonn sí uirthi féin mar chuid de
thraidisiúin físe na hÉireann? "Ní smaoiníonn! Faoi láthair tá claonadh i dtreo na péintéireachta tapaidh, taosaí ann, le neart léaslínte.
dílis dá thraidisiún féin
loyal to his own tradition
Fear óg oscailte é Ciarán Ó Maonaigh, ach fear é atá
dílis dá thraidisiún féin agus a thuigeann an dualgas atá air maidir leis an traidisiún sin.
i dtraidisiún na mbailéad
in the ballad tradition
Is iadsan an bheirt is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ó thaobh an tsean-nóis de, cé go bhfuil an draíocht chéanna ag Rosie Stewart agus ag Dolores Keane
i dtraidisiún na mbailéad.
dubh in éadan traidisiúin a chéile
totally opposed to each others' traditions
Má bhíonn daoine atá
dubh in éadan traidisiúin a chéile, níl le déanamh ach iad a thabhairt le chéile le go dtig leo dul i ndeabhaidh cainte lena chéile.
ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil
in which the tradition is practised daily
Ar nós na Gaeilge, is féidir iomáint a fhoghlaim, ach is beag duine a thugann leis/léi na scileanna (an teanga) go cruinn agus go beacht taobh amuigh den cheantar
ina gcleachtaítear an traidisiún go laethúil.
ag déanamh aon dochar don traidisiún
harming the tradition in any way
Ní dóigh liom go bhfuilimse
ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!”
Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí?
“Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
traidisiún seanbhunaithe
long-established tradition
Is beag nach bhféadfaí a rá gur
traidisiún seanbhunaithe é i bhFidsí má bhíonn an t-arm míshásta leis an rialtas gur *coup* an toradh a bhíonn air.
ón traidisiún Oráisteach
from the Orange tradition
Traidisiúin éagsúla
Tá amhráin agus ceol
ón traidisiún Oráisteach sa Taisce fosta agus cad chuige nach mbeadh? Is cuid de thraidisiúin na hÉireann iad na buíonta máirseála, buíonta bosca ceoil, bannaí píb agus amhráin a bhaineann leis an traidisiún Oráisteach, na Apprentice Boys agus araile.
den traidisiún béil
of the oral tradition
Mar sin, is cuid
den traidisiún béil é anois.
mar thraidisiún de chuid na mbocht
as a tradition of the poor people
Bhí sé imithe agus is ceist í an raibh sé
mar thraidisiún de chuid na mbocht riamh.
tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún,
one can see a growth in other aspects of the tradition,
Ach
tá bláthú le sonrú i ngnéithe eile den traidisiún, an ceol uirlise ach go háirithe.
traidisiún leanúnach
continuous tradition
“Níl deireadh leis, tá sé ag dul ar aghaidh, is
traidisiún leanúnach é atá ag athrú.
traidisiúin chultúrtha
cultural traditions
D’fhreastail Tadhg ar an Oireachtas go mion minic roimhe seo, mar ghnáthdhuine ar spéis leis ócáidí agus
traidisiúin chultúrtha na tíre, agus mar thuairisceoir le RTÉ freisin.
Cnuasach de dhánta ón traidisiún,
a collection of poems from the tradition,
Cnuasach de dhánta ón traidisiún, nó a bhfuil dlúthbhaint acu leis an traidisiún, atá ann, aistrithe ag Tadhg féin agus nótaí i dteannta gach ceann díobh.
d'iompróirí na dtraidisiún áitiúil.
to the carriers of the local traditions.
Agus tugann sé aitheantas
d'iompróirí na dtraidisiún áitiúil.
traidisiún rince na Maorach.
the dance traditions of the Maori.
* Baineann an *poi *le
traidisiún rince na Maorach.
foinn ón traidisiún,
tunes from the tradition,
Is díol suntais an úsáid chruthaitheach a bhain an Riadach as
foinn ón traidisiún, leithéidí “A Dhroimín Donn Dílis”, “Boolavogue” agus “An Buachaill Caol Dubh”.
traidisiún na peile
the football tradition
“Bhí
traidisiún na peile iontach láidir i gContae an Chabháin, agus mar sin, bhíodh an pheil i gcónaí mar ábhar cainte i measc mhuintir na háite.
ar thraidisiúin a sinsear
on the traditions of their ancestors
Bíonn "Little Britain"* *le feiceáil ar TVNZ, agus bíonn na buachaillí scoile (fiú agus iad aois na hardteiste) gléasta i mbríste gearr agus stocaí fada ar nós Shasanaigh na ndaichidí!
Ach i ndáiríre, tá an bhratach seo ríthábhachtach do go leor daoine sa Nua-Shéalainn, mar go gcuimhníonn siad
ar thraidisiúin a sinsear agus ar shaighdiúirí sna cogaí domhanda (seanaithreacha, aithreacha agus uncailí na glúine atá sa tír faoi láthair).
traidisiún Ind-Eorpach,
an Indo-European tradition,
Tá a fhios againn go mbaineann muide, Éireannaigh, agus na hIndiaigh le
traidisiún Ind-Eorpach, go bhfuil muid araon i bpáirt den rud seo.
traidisiún na himirce séasúraí
the tradition of the seasonal emigration
Bhí an méid sin fíor faoi Dhún na nGall go háirithe, áit a raibh
traidisiún na himirce séasúraí i dtreo fheirmeacha an Lagáin agus na hAlban buanaithe le fada.
traidisiún Críostaí
Christian tradition
Fir agus mná den
traidisiún Críostaí atá faoi chaibidil aige agus aithneoidh léitheoirí cuid de na hainmneacha: Dietrich Bonhoeffer, ministir Protastúnach a mharaigh na Naitsithe de bharr nach ngéillfeadh sé dóibh; Dorothy Day, bean thar a bheith spéisiúil a chomhbhunaigh an nuachtán an *Catholic Worker* agus Máirtín Liútar Cing, soiscéalaí an chine ghoirm sna Stáit Aontaithe a feallmharaíodh.
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
that it pertains to the crossover between traditions
Is é an fáth a ndeachaigh an ortha seo i bhfeidhm orm
ná go mbaineann sí le haistriú ó thraidisiún amháin go traidisiún eile.
tumtha sa traidisiún seo
submerged in this tradition
Caithfidh duine a bheith
tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
bunbhrí nó eisint an traidisiúin
essence of this tradition
Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh
bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
ag cruthú traidisiún nua
creating a new tradition
Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur
ag cruthú traidisiún nua atá siad féin, traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí
a tradition which turns it back on the old understandings
Traidisiúnta? Ní dócha é, ach seans mór gur ag cruthú traidisiún nua atá siad féin,
traidisiún a thugann droim láimhe leis na seantuigsí agus leis na seaneiseamláir ar shochaí.
de thairbhe na staire agus an traidisiúin
because of the history and tradition
An raibh sé iontach deacair cur ina luí ar an gCoiste an cinneadh seo a ghlacadh
de thairbhe na staire agus an traidisiúin a bhaineann leis an bhfoirgneamh áirithe sin?
“Níor chuir mise ina luí ar aon duine aon rud a dhéanamh – tá mise fostaithe leis na fíricí a chur os comhair an Choiste le go mbeidh siad in ann teacht ar chinneadh.
thraidisiúin an réigiúin sin
traditions of that region
Ceiliúradh cultúrthaIs éard atá sna Géamannan ná féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr agus ar
thraidisiúin an réigiúin sin ar a dtugtar an Ghàidhealtachd sa Ghàidhlig agus na Garbhchríocha sa Ghaeilge.
traidisiúin uilig
all the traditions
”
Labhraíonn sé ar laethanta a óige agus ar na
traidisiúin uilig a bhí coitianta ag an am ar oíche Fhéile Bríde.
traidisiún láidir saorálaíochais
strong tradition of volunteering
Toisc go raibh
traidisiún láidir saorálaíochais ina teaghlach, níor smaoinigh Roche riamh ar dhul le hobair shóisialta mar ghairm i ndiaidh di an scoil a fhágáil.
traidisiún ársa scéalaíochta
ancient storytelling tradition
Scéalta a bhaineann le
traidisiún ársa scéalaíochta na hIndia a bhíonn á n-insint acu, ina bhfaigheann na maithe an lámh in uachtar ar na hoilc i gcónaí.
is foinse ár dtraidisiúin féin
(he) is the source of our tradition
Insítear scéal cáiliúil amháin faoi, agus cinnte,
is foinse ár dtraidisiúin féin faoin Nollaig é.
traidisiún éirimiúil ‘diúltach
(the) tradition of gifted negativity
Is sláintiúla ar fad
traidisiún éirimiúil ‘diúltach’ Stevens ná cur chuige Walsh agus Hogan a bhí, agus atá fós, bunaithe ar thírghrá agus ar mhothúchán a dhearbhaíonn gur córas dleathach speisialta é an córas Éireannach.
traidisiún seanbhunaithe
long-established tradition
Is
traidisiún seanbhunaithe é san Astráil leabhair neamhfhicsin a fhoilsiú nach bhfuil fírinneach amach is amach, mar a mhíníonn Dáithí Ó Colchúin.