D'ainneoin sin, deir siad nach bhfuil aon taifead acu i leith líon na dtithe a bhfuil coinníoll teanga leagtha orthu nó ainmneacha na n-eastát a bhfuil socrú dlí déanta acu leis an Chomhairle Chontae faoin choinníoll, nó go deimhin iad siúd nach bhfuil! An bhféadfadh sé seo a bheith fíor? Cén dóigh ar féidir póilíneacht cheart a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an choinníll nuair nach bhfuil aon chomhad speisialta ann fána choinne?
Ón bhliain 2003, cuireadh
aon iarrthóir is tríocha faoi agallamh i nGaillimh agus bhain ceithre dhuine is fiche an caighdeán amach mar atá leagtha síos sna haontaithe dlíthiúla.