i dtrátha
around
Bhí comhlaí den chineál a fheiceann tú ar shiopaí taobh istigh d'fhuinneoga a thí agus bhíodh air iad seo a chur faoi ghlas gach tráthnóna
i dtrátha a sé a chlog.
tráth
once
Dúirt Ray Manzarek
tráth, agus é ag caint le duine a bhí seacht mbliana déag d'aois: "It's great to know that people your age are hip to the Doors.
tráth
once
"I wouldn't have one about the place," arsa Phríomhaire an Tuaiscirt Lord Brookeborough
tráth fána chomh-Ultaigh Chaitliceacha, ag tabhairt le fios gur drong fhodhaonna iad.
tráth
once
Saolaíodh Ciarán i gCléire, ach is lú ná sásta a bhí draoithe an oileáin nuair a tháinig sé abhaile
tráth ag scaipeadh creidimh nua.
tráth
once
Dlúthchairde a bhí ionainn
tráth.
faoin tráth sin
by that time
Comhscór! Bhí an teannas agus an choimhlint ag méadú go tapa
faoin tráth sin agus le 60 nóiméad caite bhí na foirne fós ar comhscór, 1-10 i gcoinne 2-7.
tráth
once
Ó Florida go Bostún, bhí an chuma ar an scéal go raibh líomhaintí nua ag teacht chun cinn gach lá le linn mhí an Mhárta, scéalta nua uafáis agus, thar aon ní eile, náire bhreise ar cheannairí de chuid na hEaglaise a raibh meas orthu
tráth.
i dtrátha
about
Tá Gleann Fhinne suite i gcroílár an chontae,
i dtrátha ocht míle ó Bhealach Féich agus deich míle ó na Gleanntaí.
an tráth sin
at that time
Bhí siad ina mbaill de rocghrúpa
an tráth sin, ach níor bhraith siad ar an cheol amháin le hairgead a shaothrú.
thráth cainte
time to be talking
Theastaigh uaim 'Go raibh míle maith agat' agus 'Bliain Nua Mhaith daoibh agus go mb'fhearr a bheas sibh i gceann bliana' agus go leor eile a rá, ach mhothaigh mé nach mba
thráth cainte é.
tráth
once
Measann sé go raibh Dave Fanning thar barr mar láithreoir
tráth ach go bhfuil an splanc caillte aige, gur agallaimh is mó a bhíonn aige ar an chlár anois, agus go bhfuil an chuma ar an scéal nach gceannaíonn sé mórán ceoil nua.
tráth
once
B'ait an rud é dá mbeadh fear na Gearmáine ag taispeáint do bhean na hÉireann conas portach a shioscadh! B'ait freisin breathnú thar an bhfál i lár an phortaigh ar na haeróga arda a leanann lorg chuile U-Boot ag cabhlach na Gearmáine - an rabhadar ag coinneáil súil freisin ar bháid mhóra agus ar ghleoiteoga Chonamara? Sa Moormusuem chonaic muid go raibh muintir na bportach sin lán chomh bocht le muintir na bportach in Éirinn
tráth.
tráth
once
Nach raibh sé le rá ag lucht staire
tráth nach raibh géim bó le closint, tar éis léirscrios na Banraíona Eilíse, "ó Dhún Chaoin go Caiseal Mumhan".
tráth
once
Gheobhaidh an tAire tacaíocht sa mhéid seo óna Rúnaí Roinne, Tim Dalton, agus ó chuid de bhainistíocht an Gharda Síochána, go háirithe iadsan nach raibh
tráth ina mbaill den bhrainse speisialta.
faoin tráth seo
by now
Tá suas le scór amhrán scríofa agam
faoin tráth seo, comórtas Réalta Raidió na Gaeltachta buaite acu faoi dhó agus amhráin dá gcuid taifeadta ag Sinéad Lohan agus Karan Casey.
an tráth
the time
Cibé cén fáth atá leis -
an tráth den bhliain, róghar anois go Fleadh Bhaile Átha Cliath, róghar do scrúduithe scoile, róghar do laethanta saoire an tsamhraidh, níl a fhios agam.
tráth
once
Í a thógáil amach as
tráth gach
tráthnóna agus a chur i bhfolach ansin aríst.
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol
with the pot of gold which was once ours
In Éirinn na linne seo, áfach, is iad na *sans culottes *atá fágtha gan snáth ina mbrístí agus na huaisle móra - Tony O'Reilly, George Soros agus a chairde - atá ag imeacht leo ina gcóistí geala
leis an bpota óir ar linne é tráth den saol.
Tráth den tsaol
once
Tráth den tsaol bhíodh sé an-deacair uirlisí a fháil agus mar sin bhíodh daoine ag fanacht ort ag an bhFleadh, agus beart mór de nótaí airgid ina lámh acu chun uirlis a cheannach uait, ach tá an lá sin imithe.
Tráth dá raibh
once
Tráth dá raibh, d'fhoghlaim páistí nár Bhaváraigh iad a dtuismitheoirí canúint an réigiúin.
tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír
when the English were in power in the country
Mhínigh Barra dhom go raibh cosc ar Ghaeil,
tráth a bhí na Gaill i gceannas sa tír, aon bhall éadaigh buí a chaitheamh agus, dá bhrí sin, gur chúis mhórála dó féin an dath buí a bheith air go minic.
tráth
once
Bhíodh The Hole in the Wall Gang an-mhaith
tráth, ach tá cibé faobhar a bhí ag baint leo sin ídithe leis na blianta.
tráth
once
Bhí sé chomh mór faoi thoirmeasc agus a bhí "feidearálach"
tráth.
tráth
once
An bhfuil tionchar na nGael láidir go fóill ar Merseyside? "Níl," arsa cara liom a bhí ina dhugaire
tráth.
tráth na stailce
at the time of the strike
Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor
tráth na stailce.
tráth na stailce
at the time of the strike
Bhí bearna sa mhargadh, mar a déarfá, ó tharla a leithéid sin de lón léitheoireachta gan a bheith ar fáil ón *Times *ar feadh fada go leor
tráth na stailce.
tráth
once
Rinne Breandán Ó Doibhlin deighilt
tráth idir "léamh" agus "léitheoireacht", idir "scil a chuireann ar ár gcumas ciall a bhaint as an chóras comharthaí sin ar a dtugaimid scríbhinn" agus scil a chuireann ar ár gcumas córas comharthaí de chineál eile a léamh.
tráth
once
Níl an leabhar ar fáil go fóill, ach deir an Free Press: "Tar éis dó a shaol a chaitheamh ag freastal ar an Aifreann gach Domhnach, tá deireadh curtha ag Breslin leis an cheangal atá aige leis an Eaglais a raibh oiread grá aige di
tráth, agus, sa leabhar tábhachtach seo, atá lán feirge an duine a bhraitheann gur tréigeadh é, míníonn sé cén fáth.
an tráth sin
at that time
Gearradh trinsí doimhne cosanta
an tráth sin thart ar sheasaimh dhaingne sa ghaineamh, cuireadh buíonta de threallchogaithe a sceimhliú na ndámh léinn is na meán cumarsáide, de réir cuid de na tuairiscí, agus rinneadh imshaol na litríochta a nimhiú le gás marfach na n-idé-eolaíochtaí, dar le daoine áirithe.
i dtrátha
around about
Bhí go maith agus ní raibh go holc, agus bhí
i dtrátha dhá uair an chloig seoltóireachta déanta ag an bheirt.
i dtrátha an ama
around the time
Thosaigh an trioblóid in 2002
i dtrátha an ama a ndearna RTÉ mír faoi chúrsa siúl sléibhe Oideas Gael don chlár turasóireachta "No Frontiers".
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht
functioning once as a monopoly
Is é an fhadhb leis sin ná go bhfuil úinéireacht na lúibe logánta i lámha Eircom, ar comhlacht iar-Stáit é a bhíodh
ag feidhmiú tráth mar mhonaplacht.
tráth
once
Níor chreid muintir Thuama é, áfach, agus ar lá an olltoghcháin vótáil siad ina sluaite ar son Paddy McHugh, a bhíodh
tráth le Fianna Fáil ach a sheas mar iarrthóir neamhspleách ar "thicéad" an ospidéil.
i dtrátha an ama chéanna
around the same time
Tugann Cudahy an chéad chóras faoi thalamh ar domhan ar cheann Nua-Eabhrac, cé go n-admhaíonn sé go raibh córais a bhí mórán mar an gcéanna ag cathracha i dtíortha eile
i dtrátha an ama chéanna.
tráth
once
Ní thuigim cén chaoi a n-éireodh le héinne obair ar bith a dhéanamh san áit!
Chaith an grúpa an chéad oíche sa Talla Mhòr sa choláiste, áit a bhíodh mar scioból
tráth (is as seo a thagann ainm an choláiste, a chiallaíonn "scioból mór sa bhá thoir".
tráth
once
Fear breá aclaí ab ea an t-athair nuair a bhí sé óg - bhí sé ar fhoireann lúthcleasa Chontae Thír Eoghain
tráth.
ó thráth go chéile
now and again
Go deimhin, ní ligfinn do mo pháistí féin siúl ar scoil leo féin mar gheall ar a chontúirtí is atá an bóthar sin, cé go ndéanaim iarracht siúl ar scoil leo
ó thráth go chéile nuair a bhíonn an deis sin agam.
tráthanna faoi leith
certain periods
Nuair a bhíonn tuismitheoir scartha ó phaistí, nuair nach bhfeiceann sé iad ach ag
tráthanna faoi leith, bíonn sé deacair i gcónaí.
tráth
once
Tá éagsúlacht nua ag baint le Katonah Avenue i gceantar Woodlawn sna Bronx, Nua-Eabhrac, ar cheantar Éireannach amháin é
tráth; na laethanta seo, tá inimircigh as tíortha eile i mbun *delis, *siopaí crua-earraí agus gnólachtaí eile sa cheantar.
tráth
once
Tá athruithe á ndéanamh ó bunaíodh CLG (mar shampla, bhíodh duine is fiche ar fhoireann
tráth) agus is cuid d'éabhlóid na gcluichí é.
tráth
once
Seasamh láidir glactha aige ar son ionad oideachais i mBaile Bhuirne san áit ina mbíodh Coláiste Íosagáin
tráth.
tráth
once
Ba é thar éinne a bhain áit faoi leith amach don Léann Éireannach in ollscoileanna Mheiriceá, a bhí doicheallach go maith roimhe
tráth.
tráth
period
”
Íospartach eile dá chuid é an míosachán *Saol*, nó “Pravda Fhoras na Gaeilge” mar a thug Ó Muirí air
tráth.
tráth
once
“Tógadh mise i mBéal Feirste ag
tráth nuair a gearradh na caidrimh idir na pobail ar fad,” a deir sé.
tráth
once
Maidir le lucht leanúna an tsacair in Éirinn, ba cheart dóibh bheith níos buartha faoi staid Ruagairí na Seamróige, an club ab fhearr agus ba cháiliúla sa tír seo
tráth agus atá anois ar an trá fholamh agus todhchaí an-éiginnte rompu.
ó thráth go chéile
now and again
Beidh na léachtaí agus an t-ábhar teagaisc eile don Ard-Dioplóma i Scileanna Raidió á seachadadh ar an idirlíon, rud a fhágfaidh go mbeidh duine in ann an cúrsa a dhéanamh áit ar bith ar domhan, fad is go mbeidh deis aige teacht chuig ceardlanna a bheas ar siúl
ó thráth go chéile in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i gConamara.
tráth
once
Bhí sé gníomhach
tráth i gcúrsaí polaitíochta – chaith sé seal sa phríosún agus seal eile ar a sheachnadh i nDún Dealgan.
ag cur faoi tráth
living once
As sin, chuaigh siad go Managua agus go Cúba, áit a raibh Niall Connolly
ag cur faoi tráth.
Tráth dá raibh
once upon a time
Tráth dá raibh bhí an scéal i bhfad níos simplí.
tráth
once
AÓF: Bhí tú ag seinm leis an ngrúpa Providence
tráth freisin, nach raibh?
MNíE: Chas mé ar an chéad dlúthdhiosca s'acu agus rinne mé cúpla turas leo.
tráth
time
Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac i d
trátha an ama seo anuraidh.
i dtrátha an ama seo
around this time
Tharla go raibh mé i Nua-Eabhrac
i dtrátha an ama seo anuraidh.
tráth sna hochtóidí
at one stage in the Eighties
Ba Ghaeilgeoirí iad, a raibh dhá naíscoil á reáchtáil acu
tráth sna hochtóidí, i gceantar na Margaí agus thall sa Trá Ghearr.
faoin tráth seo
by this time
Thug sé Craobh na hÉireann leis sa ngrád faoi 21 freisin (faoi dhó) agus
faoin tráth seo bhí sé ar an bhfoireann shinsear freisin.
an tráth seo
this time
* Líon mo shúile le deora –
an tráth seo bhí mise brónach.
nuair a d’fhiafraigh sé tráth
when he once asked
Chuaigh an comhfhreagraí sin de chuid RTÉ, Jim Fahy, i bhfeidhm go láidir ar mhothúcháin na ndaoine a bhí fágtha ina ndiaidh
nuair a d’fhiafraigh sé tráth cén uair a stopfadh an eisimirce as iarthar na hÉireann.
tráth
once
Ba scoil tionsclaíoch
tráth an coláiste ina raibh sé ach ní raibh na scéalta faoi bhrúidiúlacht na n-institiúidí sin ar eolas ag mórán de phobal na hÉireann ag an am.
an tráth seo
this time
* Líon mo shúile le deora –
an tráth seo bhí mise brónach.
tráth
at the time of
Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin
tráth agus cumann sé amhráin fós.
faoin tráth seo den bhliain
about this time of year
*
**Balor:** Mura bhfuair sibh ach roinnt de na gnáthfhocail chaidrimh Éireannacha i nDáil Éireann, cá háit a bhfuair sibh an chuid eile?
**CD:** Bhuel, a Bhaloir, ar dtús thosaigh muid ag póirseáil fríd do chuid altanna ar *Beo Ar Éigean*, féachaint an dtiocfadh linn rud éigin a fháil le rá
faoin tráth seo den bhliain, an t-earrach, agus d’fhoghlaim muid a leithéid is “Cuireann lus an chromchinn preab i mo chroí; cuireann an sabhaircín dinglis ar mo chraiceann; cuireann an tsailchearnach an suán ag sciurdadh fríd mo chuid féitheog ó na ladhracha aníos.
tráth den saol
once
Cuimhnímis go mbíodh an Roinn sin ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge
tráth den saol! Ach anois tá an Roinn sin (atá i bhfeighil scoileanna na tíre) tar éis a admháil nach bhfuil aon líofacht teanga ag 97% dá foireann, cé go ndeachaigh siad tríd an chóras scolaíochta.
tráth
once
”
Chaoin sí aréir nuair a chan sé “The Fields of Athenry” – bhí sí pósta ar Éireannach
tráth.
faoin dtráth seo
by now
Ach is seisear fear iontach iad agus,
faoin dtráth seo, tá siad mar a bheadh mo dheartháireacha ann.
tráth
once
Tá an meon céanna le fáil ar fud an domhain i measc pobal a bhí
tráth faoi chois ag comharsana níos cumhachtaí.
cúpla tráth sa tseachtain
a few times a week
Thagadh an Ríordánach
cúpla tráth sa tseachtain le bualadh leis na mic léinn i Roinn na Gaeilge.
faoin dtráth seo is cuma
by now it doesn't matter
Fós tuirseach ach
faoin dtráth seo is cuma.
tráth
once
“The Irishness of other people is always a subject of great interest to the Irish,” a dúirt an tráchtaire Anthony Cronin
tráth.
tráth den tsaol
once
Anois, teastaíonn uaim féachaint ar cheol na n-imirceach ón gceantar céanna, daoine mar Michael Rafferty, Muintir Coen, Joe Cooley agus Joe Burke, ceoltóirí ó oirthear na Gaillimhe a chaith tréimhsí i Nua-Eabhrac
tráth den tsaol.
tráth dá raibh
once upon a time
Glac uaimse é go rabhamar breá sásta baile Malealea agus Malealea Lodge a fheiscint!
B’ionad trádála é Malealea Lodge
tráth dá raibh, ach sa lá atá inniu ann is iad marcaíocht capall, cnocadóireacht agus lóistín an príomhghnó ata ar bun ann.
i dtrátha an ama chéanna sin
around that same time
”
Bhog roinnt mhaith daoine siar
i dtrátha an ama chéanna sin, an stiúrthóir teilifíse Bob Quinn, cuir i gcás, mar gur theastaigh uathu éalú ó shaol na cathrach.
tráth
once
Bhain an Namaib – ar glaodh German South West Africa uirthi
tráth – neamhspleáchas amach ón Afraic Theas i 1990.
tráth
once
Bhíodh sé i Rosie O’Grady's i gCros Arailt
tráth agus roimhe sin sa Willows i nDún Droma.
a bhí acu tráth.
that they had once.
Tá gá le seift nó plean cliste a thabharfadh na cluichí ar ais go dtí an staid ina raibh siad agus a thabharfaidh an stádas dóibh
a bhí acu tráth.
a mhealladh sluaite móra tráth,
that once used to attract big crowds,
Corn an Oireachtais
Ós ag scríobh dom faoi chomórtas an Bhóthair Iarainn, níor mhiste comórtas eile a lua, comórtas
a mhealladh sluaite móra tráth, agus atá ligthe i léig ar fad.
tráth,
once,
*
- *Ach ba é seoidín an lae inniu uaidh ná gur cheannaigh mac le Woody Guthrie, Arló, píobaí
tráth, agus gur mhaígh sé go hard sollúnta leo siúd ina thimpeall go mbeadh sé ábalta iad a mháistriú i dtrí lá.
ó thráth go chéile.
from time to time.
‘Féinleigheas’ a thug sé air - *ten-spot* laethúil, dhá channa Arthur, ocht gcupán Nescafé (nó tae Barry’s), idir fiche is tríocha rólaí Drum agus pé ar bith diabhlaíocht eile a tháinig faoina raon
ó thráth go chéile.
a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth
a former convict colony
Faraor, briseadh isteach sa charr a bhí ar cíos againn in Port Arthur,
a bhí ina choilíneacht do phríosúnaigh tráth – b’fhéidir gurbh é ceann de na taibhsí a bhí ciontach! Bhí draíocht éigin ag baint leis an Tasmáin domsa a bhí in easnamh ar an gcósta thoir.
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain
a national league game this time of year
De ghnáth, ní tharraingíonn
cluiche den tsraith náisiúnta an tráth seo den bhliain ach slua measartha i gcodarsnacht le cluiche sa chraobhchomórtas i lár an tsamhraidh, ach ar an ócáid áirithe seo tháinig lucht leanúna na *Dubs* agus Thír Eoghain ina mílte, móide dream mór neodrach (mar a thugtar orthu) don ócáid speisialta, is é sin lasadh oifigiúil thuilsoilse nua Pháirc an Chrócaigh agus an chéad chluiche faoi shoilse sa staid stairiúil sin.
tráth
once
Bhí sí
tráth i lámha duine de bhanna ceoil an Gharda Síochána, ar feadh blianta, agus ina theannta thaistil sí ó cheann ceann na tíre agus bhí sí leis nuair a sheinn sé i ngach halla paróiste agus ag gach féile is fleadh in Éirinn.
tráth
once
"Measadh
tráth go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Íoslainnis agus an Fharóis bás ach, i ndáiríre, ní raibh an baol ann riamh go n-imeoidís.
faoin tráth seo
by now
Ach
faoin tráth seo is dóigh go ndéarfainn go bhfuil sé dúshlánach seachas deacair.
tráth,
once,
Dála go leor áiteanna san Afraic, bhí an phóitseáil ina fadhb mhór anseo
tráth, agus is fadhb í atá fós le réiteach i gceart.
ag an tráth seo bliana
at this time of year
Cinnte, tá rian láidir Sasanach ar an Nua-Shéalainn, ach
ag an tráth seo bliana bíonn an Mhaoiris, ar a dtugtar Te Reo, níos feiceálaí ná mar a bhíonn de ghnáth.
tráth.
once.
Iaró de chuid Néill Naoighiallaigh ab ea é, tríd an mhac ba shine a bhí aigesean, Fiachach, agus bhí sé ina easpag
tráth.
tráth,
once,
Agus mar a dúirt iar-phríomh-aire na Breataine, Harold Wilson,
tráth, “*A week is long time in politics*”.
tráth
once
Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu
tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.
an tráth sin
at that time
Ní raibh sa tír
an tráth sin ach sé choilíneacht éagsúla, a bhí ina mbaill d’Impireacht na Breataine.
faoin tráth seo.
at this time
Rud mór d’fhoireann ar bith is ea é dhá chraobh i ndiaidh a chéile a bhuachan, mar atá déanta acu
faoin tráth seo.
tráth.
once
*“I want to throw things right out the window as they're handed to me, but instead I say thank you and drop them into the box-of-the-month,” *a dúirt Warhol
tráth.
tráth na gceist
table quizz
Is measc na n-acmhainní a chuireann siad ar fáil, tá ábhar margaíochta, lámhleabhar atá dírithe ar dhaltaí scoile agus ábhair éagsúla ar féidir úsáid a bhaint asle
tráth na gceist agus imeachtaí eile a eagrú.
tráth den saol.
once upon a time
CaimiléireachtIs iarmhéara de chuid Marbella é Jesus Gil, an fear míchlúiteach céanna ar leis an club sacair Atlético Madrid
tráth den saol.
i dtrátha an ama sin
around that time
Bhí Carrie le feiceáil go leanúnach ar scáileáin na hÉireann
i dtrátha an ama sin agus a hainm go mór i mbéal an phobail ach go tobann, ag tús na mílaoise nua, rinne sí cinneadh a cúl a thabhairt le hobair theilifíse.
i dtrátha an ama chéanna:
around the same time
Mar theoiric, is beag duine a d’easaontódh leis an ráiteas sin, ach níor mhiste aird a thabhairt chomh maith ar ráiteas eile a rinne Brundage
i dtrátha an ama chéanna: “*certain Jews must now understand that they cannot use these games as a weapon in their boycott against the Nazis.
tráth den saol,
once upon a time,
Rinne sé cur síos thar a bheith siamsúil,
tráth den saol, ar chuid de na daoine a fhreastalaíonn ar na comhdhálacha móra a reáchtálann eagraíochtaí teanga – “*Anoraks* na Gaeilge”, a thug sé orthu, “ a mbíonn *orgasm* acu nuair a bheireann siad greim ar an micreafón lena gcuid a rá!”
D’fhéadfaí a rá go mbíonn gothaí móra agus buillí beaga i gceist go minic i saol na Gaeilge.
tráth nach raibh trácht ar
a time when there wasn't a mention of
Bhíodh tóir ag go leor Éireannach ar Mhanainn, áfach: ba mhinic na báid ghaile ag imeacht ó Bhaile Átha Cliath go Doolish
tráth nach raibh trácht ar Ryanair ná Michael O’Leary.
Tráth speisialta
special time
Tráth speisialta is ea 2008 do mhuintir Raidió na Life mar i mbliana, ceiliúrann an stáisiún a chomóradh cúig bliana déag.
a mhaígh tráth
who once mentioned
Nárbh fhearr i bhfad dóibh feidhmiú go réamhghníomhach agus a n-imní a léiriú dá bpáirtithe sa chomhrialtas nuair a céadmholadh an tástáil mhaoine ar phinsinéirí, in áit a bheith ag olagón nuair a bhí an beart curtha i gcrích? An amhlaidh nár thug na dreamanna seo uilig aon suntas do scéal a bhí ar chéad leathanach an nuachtáin is mó meas sa tír coicís roimhe sin?
Ach is cinnte nár cheart go dtiocfadh an alltacht agus an fhearg a bhí ar an phobal maidir leis an mholadh aniar aduaidh ar Thaoiseach
a mhaígh tráth go raibh sé ina “good judge of what makes people tick.
tráth
while
An Meánoirthear
Agus é sa Mheánoirthear, bhuail Conor le fear i dteach tábhairne dtuaisceart Iosrael,
tráth a raibh Arm na hÉireann mar chuid de UNIFIL i 1979.
tráth a raibh
when
”
Dialann turais
Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy
tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe.
tráth
at one time
Bhíodh Nua-Ghuine Phapua ina coilíneacht de chuid na hAstráile
tráth agus tá baint stairiúil láidir ag an Astráil leis an Bhreatain, a bhíodh ina cumhacht choilíneach ar thíortha éagsúla an réigiúin.