Dá gcuirfí ceist ortsa cén dúshlán is mó atá ag Éirinn sa bhliain atá amach romhainn, cén freagra a thabharfá ar an cheist sin? Laghdú a dhéanamh ar an slad ar na bóithre? An rialtas a athrú? Leapacha a fháil sna hospidéil dóibh siúd atá tinn agus sean? Praghsanna earraí agus seirbhísí a laghdú? Scoileanna nua a thógáil agus bail a chur orthu sin atá i ndroch-chaoi? Tuilleadh gardaí bheith ag siúl na sráide? Iarracht a dhéanamh ar fhadhb an ólacháin a réiteach?
Tá a
thosaíocht féin ag gach duine, ag brath ar chúinsí a shaoil agus ar a riachtanais phearsanta.