Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
a chéasadh torture
" Rinne póilín as Brooklyn, Justin Volpe, inimirceach as Háití darb ainm Abner Volpe a chéasadh i seomra folctha stáisiún na bpóilíní trí shuncaire leithris a shá suas ina dhriseachán arís is arís eile.
pionóis tortures
" Cruálacht na Seapánach an rud is mó a d'aidhn spéis na ndaltaí scoile agus mise ag éirí aníos, a dúrtsa leis, go háirithe na pionóis a chuirtí ar phríosúnaigh cogaidh.
phurgóid ghlan pure torture
" " Bhí a fhios ag Áine go mbeadh an oíche seo ina phurgóid ghlan agus is í a bhí.
chéasadh torture
" "Is scéal é atá uafásach amach is amach, faoi chéasadh, olldúnmharú agus gabháil talún," a dúirt an t-údar agus gníomhaíoch comhshaoil George Monbiot i mBaile Átha Cliath le gairid.
chéasta tortured
" Chlúdaigh Colm a shúile agus lig sé cnead ard chéasta uaidh.
a chéasadh his torture
" Díríonn an scannán isteach ar an dá uair déag deireanach i saol Íosa Críost, agus léiríonn a chéasadh, a uirísliú agus a chrochadh ar an chrois gan aon mhaoithneachas.
céasadh torture
" Dúirt sé fosta: "An céasadh? Buille níos tromchúisí do na Stáit Aontaithe ná 11 Meán Fómhair.
chéasadh torture
" I litir oscailte chuig Flick, a foilsíodh i nuachtán laethúil sa Ghearmáin níos luaithe sa bhliain, dúirt Michael Fürst, ball de Chomhairle Lárnach na nGiúdach, gur "ábhar feirge an-mhór" a bhí sa bhailiúchán "dóibh siúd, idir dhaoine a raibh orthu oibriú i gcoinne a dtola agus lucht na sluachampaí géibhinn, arbh éigean dóibh cur suas leis an ocras, leis an uirísliú agus leis an chéasadh i monarchana do sheanathar.
a chéasadh to torture
" Tá sé curtha i leith Zardad, 42, gur taoiseach cogaidh ab ea é, go ndearna sé daoine a chéasadh agus gur fhuadaigh sé daoine le linn dó a bheith i gceannas ar bhaile darb ainm Sarobi idir 1992 agus 1996.
céasadh torture
" Más amhlaidh an cás, tá an Stát seo ciontach as a bheith comhpháirteach i gcéasadh na mílte duine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh.
ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh in which human rights are violated and prisoners tortured
" Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.
a chéasadh to torture
" Aon duine atá eolach ar an mbealach a dhéanann poblachtánaigh brathadóirí a mharú, tá a fhios aige go ndéantar an brathadóir atá le marú a fhuadach de ghnáth, go gcuirtear mála ar a cheann agus go dtógtar é go háit éigin iargúlta, áit a gceistítear é (agus ar uairibh go ndéantar é a chéasadh), sula gcuirtear é ar a ghlúine, go scaoiltear é taobh thiar dá chluas agus go gcuirtear an corp áit éigin nach n-aimseofar é.
ag ceastóireacht orthu torturing them with questions
" Bheifí ag cur ina leith gur ag ceastóireacht orthu a bhí sé lena chuid ceisteanna amaideacha.
domhan céasta racánach tortured tumultous world
" Mar an gcéanna, d’úsáid Vincent Van Gogh agus Edvard Munch péint ar bhealach a scaoil amach mothúcháin a bhí chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha agus a thug doras isteach dúinn sa domhan céasta racánach inar mhair siad.
céasadh torture
" Cad é an tsaoirse ba cheart duit a thabhairt d’fhórsaí cosanta do thíre agus iad ag troid “in éadan na sceimhlitheoireachta”? Tá cur agus cúiteamh ann faoi láthair fá phríosúin rúnda na Meiriceánach ar fud na cruinne agus an céasadh a mhaítear a bheith ag tarlú iontu sa “troid in éadan sceimhle.
Céasadh go neamhthrócaireach é he was mercilessly tortured
" Céasadh go neamhthrócaireach é ar feadh bliana.
gan dlíthe in aghaidh céasta without laws against torture
" Má ghabhtar thar lear iad, ní mór iad a choimeád thar lear, i dtíortha gan dlíthe in aghaidh céasta, más féidir, nó i bpríosúin ar thalamh neamhchinnte, mar Chuan Guantánamo i gCúba, mar shampla.
ceadófar céasadh as seo amach torture will be allowed from now on
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
Céasadh mall na míle cneá the slow torture of a thousand wounds
" Céasadh mall na míle cneá is ea an cogadh do phobal Mheiriceá anois, gach marú san Iaráic ag baint deoirín fola nua ó chorp na tíre.
céasadh torture
" I 1960, le linn díospóireachta Dála faoin Ghaeilge, dúirt an Teachta Jack McQuillan gur chrá croí agus céasadh é a bheith ag éisteacht le cláracha Gaeilge ar Raidió Éireann: “I have listened to Raidió Éireann, particularly in the last twelve months, in order that I would be in a position to discuss it from experience.
céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, one hundred percent in favour of torturing prisoners,
" Labhraíos le hiníon léinn le déanaí a thug le fios os comhair ranga go raibh sí céad fán gcéad ar son chéasadh príosúnach, fiú iadsan nach mbeadh cúiseanna curtha ina leith.
dá mba ise íospartach an chéasta? if she were the victim of torture?
" Cad chuige, mar sin, arsa mise, nach raibh sí amuigh ag troid leis na saighdiúirí i Mosul? Agus cad a cheapfadh sí dá mba ise íospartach an chéasta? Freagra ní bhfuair mé.
le cloisteáil sna nótaí cráite. to be heard in the tortured notes.
" Gach tuisle is taisme dá shaol is dá thinneas le cloisteáil sna nótaí cráite.
in aghaidh chéasadh príosúnach against the torture of prisoners
" Ba é McCain an t-aon duine a labhair amach in aghaidh chéasadh príosúnach agus ba eisean an t-aon duine nach bhfuair bualadh bos ón lucht éisteachta.
gléasanna céasta implements of torture
" Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith.
céasta tortured
" Agus na gléasanna céasta seo á gcur ort den chéad uair, bíonn gach duine ag rá leat go mbeidh tú i bpian, ach ní bhíonn tú cinnte cad é chomh pianmhar agus ba cóir dó a bheith.
chéasadh, torture
" Ní raibh i marú lucht léirsithe sna caismirtí a bhí ar siúl le déanaí sa Tibéid ach sampla eile den mhaistíneacht agus den ansmacht atá ar bun ag an tSín ansin le fada, idir phríosúnú, chéasadh, chinsireacht, shárú saoirsí bunúsacha agus aimridiú ar mhná i gcoinne a dtola.
Ba chéasadh It was torture
" Ba chéasadh amach is amach é sin.
céasadh torture
" Bhí céasadh i ndán don duine a tháinig salach ar na manaigh – nuair a ghoid seirfeach bocht dhá chaora ó mhainistir, baineadh a shúile as a cheann, cuir i gcás.
céasadh torture
" Is cosúil go bhféadfadh sí deich mbliana a chaitheamh sa phríosún mar gheall ar an “gcoir” seo agus tá imní ar Liang go mbeidh céasadh i ndán di.
Céasadh torture
" Céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide.
céasadh were tortured
" céasadh Ar ndóigh, i gcomparáid le rudaí eile a bhí ag déanamh scime do mhuintir Mheiriceá, ba rud sách beag é dúnadh na carcrach, ach ba léir go raibh Obama ag tabhairt leide.
chéasaithe of torture
" Taisteal thar Lear Tá an-drochíomhá ag Meiriceá thar lear go fóill: tír an chéasaithe, tír na maistíneachta, tír an oilc agus an fhuatha.
anam chéasta tortured soul
" Spreagann portráidí ciúine aislingeacha Leonardo Da Vinci an croí mar shampla agus tugann portráidí de leithéid, Francis Bacon spléachadh dúinn ar an anam chéasta.
céasta cráite tortured tormented
" Bhí Brian bocht céasta cráite go leor cheana féin ag na francaigh, agus anois ag lucht na léine goirme chomh maith.
Ciapann torture
" Ciapann siad na tuismitheoirí agus na póilíní atá cruinnithe sa teach thíos fúthu le bréag-ghlaonna gutháin óna n-áit folaithe.
ciaptha tortured
" Bhí Tesla ciaptha le síorshruth smaointe, tromluíonna agus brionglóídí.
céasta tortured
" Nach deas a bheith ar ais san am agus san aimsir a fhóireann dúinn mar phobal céasta, donasach.
chéasadh torture
" Cuireadh pobail dúchais óna dtailte sinsir agus rinneadh na mílte a chéasadh is a chur i gcarcair.
gcéasadh torture
" Ón gcéasadh a rinneadh ar dhaoine aonair a raibh an deachtóir in amhras orthu, go dtí an t-ionsaí gáis nimhe a rinneadh ar phobal Coirdíneach Halabja i 1988 inar dúnmharaíodh suas le 5000 duine ar an toirt, gan trácht ar an máchail a fágadh ar na mílte sna blianta i ndiaidh an ionsaithe.
ciaptha tortured
" Tá an cnuasach iontach seo le feiceáil sa Courtauld Gallery i Londain faoi láthair agus léiríonn sé taobh leochailleach bog Michelangelo agus é ciaptha ag an ghrá, nach raibh feicthe ag mórán roimhe sin.
Ní céasta go it's torture, desperate
céasú torture
" Bhí áit ann ag aon am amháin do 50,000 de lucht féachana, a thagadh le hamharc ar chomórtais ghliaireachta, céasú daoine agus ar mhórthaispeántais phoiblí.
á chrá torturing him
" Mar a mbeifí ag súil leis, tháinig an lá gur thosaigh fiosracht faoi chúrsaí móra an tsaoil á chrá agus á chiapadh.
chéas tortured
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
chéas tortured
" Ar an lá céanna, bhí cathair Brisbane, san Astráil, faoi uisce, an ceann ba mhó impleachtaí i sraith de thuilte a chéas an stát Astrálach Queensland ar feadh Mhí Eanáir.
chiapadh torture
" Rinne muid stocaireacht faoi chiapadh ag na Náisiúin Aontaithe, srl.
chiapaigh tortured
" Ar an teilifís, bhí cláracha ar loscadh Shráid Bombay ag drong dílseoirí i 1969 agus ar Bhúistéirí na Seanchille, dream dílseoirí síceapatacha a d’fhuadaigh, a chiapaigh agus a mharaigh ar a laghad 30 duine - Protastúnaigh ina measc - ag gearradh sceadamán na n-íobartach go minic.
corp céasta briste broken tortured body
" Chuir iarsmaí agus corp céasta caomhnaithe an naoimh dea-scéal na Críostaíochta go neamhbhalbh in iúl don phobal go raibh bua buan tarchéimnitheach le baint as bás mairtírigh ar son Chríost agus go mairfeadh an corp céasta briste faoi ghlóir i gcuideachta chorp aiséirithe Chríost.
chráite tortured
" Cúpla lá ina dhiaidh sin thug sé dúshlán cheannairí an Aontais Eorpaigh agus shealbhóirí na mbannaí, agus d’éirigh leis aon ochtú cuid d’aon faoin gcéad a bhaint d’ualach na bhfiach atá ar mhuintir bhocht chráite na tíre seo.
Ciaptha le Ciontacht tortured by guilt
" Ciaptha le Ciontacht ========== Is ábhar buartha leanúnach dó freisin nár éirigh leis mar cheoltóir (Saol an Ghrásta).
daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire anonymous persons being tortured mercilessly
" Níorbh fhada go raibh trúpaí Mheiriceá san Íaráic agus san Afganastáin, agus go raibh carcracha rúnda á riaradh ag na Stáit Aontaithe timpeall an domhain ina raibh daoine anaithnide á gcéasadh gan trócaire.
dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine the amount of harassment and torture the ordinary people got
" N’fheadar aoinne dén ciapadh agus céasadh a fuair na gnáthdhaoine, ach níor bhris sé an misneach iontu.
Bíodh nach bhfuil an bhagairt de bheith á chiapadh although the threat of being tortured isn’t
" An Dubh ina Gheal ======== Bíodh nach bhfuil an bhagairt de bheith á chiapadh ag daoine gránna ar líne chomh coitianta céanna le cibearbhulaíocht, is ann don chontúirt fós.
a bhí á gcéasadh which was torturing them
" D’aithin muintir Átha Cliath nár ghnáthpheileadóirí iad Páidí, Jack, Mikey, Pat agus araile, agus thuigeadar freisin más é an treascairt a bhí i ndán dóibh go rómhinic gurb í an fhoireann peile ab fhearr a bhí ann riamh a bhí á gcéasadh.
lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin the protestors in the east of that troubled tortured city
" Ach i ndiaidh dó a bheith ag éisteacht leis na scéalta uafáis ag teacht amach as Oirthear Bhéal Feirste oíche i ndiaidh oíche le cúpla mí anuas, níl sé cinnte anois go bhfuil dóchas ar bith ann go dtiocfadh ciall riamh chuig lucht léirsithe Oirthear na cathrach ciaptha cráite sin.
sé sin céasadh Íosa ar an gcrois the torturing of Christ on the cross
" Agus chuireadar tús lena gcuid saothar i 1999 le príomhdhráma an Nua Thiomna, ’sé sin céasadh Íosa ar an gcrois.
a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach to release him from the Roman torture
" Agus é ag déanamh achainí ar an athair mór sa spéir é a fhuascailt ón gciapadh Rómhánach, lig sé screadanna uafásacha as le linn bhuaicphoinnte an dráma seo.
ar an chiapadh a chleacht about torture practiced by
" Chonaic mé seachtain mheasartha chorrach – dhá dhráma a bhain leis na Trioblóidí, Ian Cobain ón Guardian ag caint ar an chiapadh a chleacht Arm na Breataine ón Dara Cogadh Domhanda ar aghaidh, goltrón darb ainm Philomena faoi na neachtlanna Maighdilíneacha ach ba é The Conquest of Happiness, dráma bunaithe ar fhealsúnacht an tsíochánaí Bertrand Russell, agus leabhar úr ar an chlaonpháirteachas is mó a chuaigh i bhfeidhm orm.
i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn after he was tortured upside down
" ar bharr seanreilig phágánach áit a gcreidtear gur cuireadh iarsmaí an Naoimh i ndiaidh dó a bheith céasta bunoscionn.
céasta ag tortured by
" Le blianta beaga anuas, tá cúrsaí imithe chun donais do theaghlaigh nach bhfuil ioncaim a ndóthain acu chun íoc as a bhfiacha pearsanta agus mar thoradh, tá 54% dá gcliaint céasta ag tearc-rochtain fuinnimh.
ag eitilt daoine a céasadh flying people who had been tortured
" Bhí rialtas Poblachtach Mheiriceá ag eitilt daoine a céasadh tríd an tSionainn.
gléasanna céasta implements of torture
" Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an (i)après-ski(/i), na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
céasta tortured
" Chuaigh Breandán de Gallaí chun na hOstaire le gairid le triail a bhaint as an sciáil agus as na traidisiúin uilig a bhaineann léi – an (i)après-ski(/i), na sabhnaí agus na buataisí sciála ar geall le gléasanna céasta iad!
chéasadh to torture
" An féidir na mairbh a chéasadh? Ar mhaith leat go ndéanfadh dream daoine eile i gcomhlacht a dtairbhe saibhris as do chorp a léiriú i dtaispeántas ar neamhchead do thola féin? Ar éigean é.
á gcéasadh being tortured
" Daoine á bhfuadach, á gcéasadh is á gcartadh marbh i dtalamh gan taise.
tír chéasta tortured country
" Níl Brian Ó Broin ag tacú le ‘cogadh’ eile san Iaráic, ná le fad a bhaint as an bhforéigean a thosaigh airm ‘an Iarthair’ sa tír chéasta sin ag deireadh na mílaoise.