a bheith ar d'fhaichill
to be cautious, wary
Bhí ort
a bheith ar d'fhaichill nó bheadh daor ort.
ar bís a líon a chur in iúl
dying to show how many of them there are
Tá an chuma ar an scéal go bhfuil naisiúnaithe
ar bís a líon a chur in iúl.
in ainm is a bheith
supposed to be
Tá sin fíor, nach bhfuil? Bhuel, tá sé
in ainm is a bheith.
cloigeann mhór a bheith ort
to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
Char mhaith duit
cloigeann mhór a bheith ort.
a nítear trácht ar an abhainn sna hannála
the river is referred to in the annals
Mar 'aba Liphi', 'iartair Liphe', 'Maighe Liphe', 'tri luind Liphe'
a nítear trácht ar an abhainn sna hannála.
cloigeann mhór a bheith ort
to be bigheaded, full of yourself (also: hangover)
Char mhaith duit
cloigeann mhór a bheith ort.
le fáil thíos ná thuas
not to be found anywhere
Ní raibh Úna
le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
Nach sin a guth a fuair an freagra
there was no need to ask twice
"
Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
Cén siúl a bhí ort cibé?
What were you up to anyway?
"
Cén siúl a bhí ort cibé?"
"Bhí mé ag caint le Úna.
scartaí teaghlaigh
families used to be separated
Go dtí seo,
scartaí teaghlaigh i gcónaí nuair a thugtaí dídean dóibh - chuirtí an t-athair go háit amháin, an mháthair go háit eile agus na páistí go háit eile arís.
le fáil thíos ná thuas
not to be found anywhere
Ní raibh Úna
le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.
Nach sin a guth a fuair an freagra
there was no need to ask twice
"
Nach sin a guth a fuair an freagra," arsa Síle le Deirdre.
Cén siúl a bhí ort cibé?
What were you up to anyway?
"
Cén siúl a bhí ort cibé?"
"Bhí mé ag caint le Úna.
gan luí fúthu
not to be too servile
Bheadh sí ar uibheacha i rith an lae, í ag luascadh idir dhá cheann na meá - a bheith ciúin caoin ach
gan luí fúthu san am céanna.
seo a bhfuil ar a shon agat
this is all you have to show for it
Bhí trí lá agat lena dhéanamh agus
seo a bhfuil ar a shon agat.
a bheith le brath
to be felt
Dúirt sé gur paradacsa a bhí ann dó a bheith ina sheasamh i suíomh lán áilleachta agus ciúnais ach ag an am céanna brón
a bheith le brath ann chomh maith.
le ceangal
fit to be tied, angry
Dá ndéanfaidís é sin bheadh an domhan Arabach
le ceangal agus bheadh a Jihad ag bin Laden.
le ceansú
to be appeased
Tá cogadh aige le treorú, comhaontos le cothú agus pobal
le ceansú.
ní raibh maith a bheith léi
it was no use talking to her
Rinne Nuala tréaniarrachta cur in iúl do Shinéad gur iomaí bean a bhí mar seo i ndiaidh an linbh ach
ní raibh maith a bheith léi.
le taobh mar a bheidh sé
compared to what he'll be like
"Níl a dhath anseo
le taobh mar a bheidh sé agus é ag gearradh fiacla.
le braithsean
to be seen/perceived, referring to facial expression here
Chonacthas do Nuala go raibh go raibh miongháire
le braithsean ar ghnúis Shinéid.
ag imirt a gcleas d'aontaobh
to be working together
Tá breis is mí caite aige anois sa phost nua agus tá na heagraíochtaí in ainm is a bheith
ag imirt a gcleas d'aontaobh ach táim in amhras faoi.
Ná bí ag scamhailéir orthu
Don't be scolding/giving out to them
"
"
Ná bí ag scamhailéir orthu Lá Nollag, anois," arsa Tadhg le Máire sular fhág sí an seomra.
fágadh roinnt na dí ag Féilim
sharing out the drink was left to Féilim
Chuir Máire thart na glasraí agus an t-anlann agus
fágadh roinnt na dí ag Féilim.
a bheith i do charracháinín críochnaithe
to be totally puny
Léiríonn sé arís, mar a rinne John McEnroe, nach míbhuntáiste ar bith é
a bheith i do charracháinín críochnaithe má tá tú ag iarraidh daoine eile a chloí.
go raibh éacht ar tí tarlú
that a feat was about to be achieved
I mí Feabhra bhuaigh Áth Cliath ar Scoil na mBráithre Críostaí, Inis Córthaidh sa chluiche ceathrú ceannais ach ní mó ná sásta a bhí an lucht bainistíochta le caighdeán na himeartha agus ní raibh aon chosúlacht
go raibh éacht ar tí tarlú.
Bhínn an-tugtha don tobac draíochta
I used to be very addicted to magic cigarettes
Bhínn an-tugtha don tobac draíochta le linn laethanta na hollscoile.
ar tí a bhunaithe
about to be founded
Cuireadh coiste ar bun chun rialacha a dhréachtú don Dublin Hurling Club a bhí
ar tí a bhunaithe.
in ainm is a bheith
supposed to be
Bhí ar an Phápa Eoin Pól II, fiú, labhairt faoin cheist, i rith tréimhse atá
in ainm is a bheith ar an cheann is naofa agus is sollúnta don Eaglais.
le blaiseadh
to be experienced
Tá láithreacha seandálaíochta anseo againn, iarsmaí ón luath-Chríostaíocht ann go flúirseach agus cultúr na nGael
le blaiseadh ann.
le sonrú
to be noticed
Tá sé sin
le sonrú ar a laghad imreoirí ar fhoirne na Gaillimhe agus Thiobrad Árann as na bailte móra a bhí páirteach ina mbua siúd anuraidh.
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead
Lillian and all belonging to her (her people) are not short of money
Chosain sin pingin ach ina dhiaidh sin is eile
níl Lillian ná a hiaradh gann san airgead.
chúis mhaíte
something to be proud of
Bhí muileann iontach ag Lillian nuair a thosaigh sí ag caint ar Nigel agus ba
chúis mhaíte go leor an teach gan í toiseacht ar phost Nigel sa chathair.
nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí
when things were brought to an end
Bhí an slua thar a bheith foighneach go dtí an deireadh ach
nuair a cuireadh clabhsúr ar chúrsaí cheapfá go raibh Murchadh na nDóiteán feicthe acu agus an fonn abhaile a bhí ar chách.
faoi mar a dheintí
as used to be the case
Ní gá go mbeadh sí dúnta sa todhchaí, áfach, mar d'fhéadfadh an Cumann féin níos mó úsáide a bhaint aisti tré níos mó cluichí club, cluichí scoile, coláistí dara agus tríú leibhéal a imirt ansin
faoi mar a dheintí roimh an athnuachan.
má ghéilltear do na fórsaí sin
if those forces are yielded to
Tá imní ar dhaoine go bhféadfadh na cluichí Gaelacha a bheith scuabtha de dhromchla an domhain
má ghéilltear do na fórsaí sin.
le mothú
to be felt
Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O'Leary as Sliabh Luachra
le mothú go láidir ar an albam seo.
thráth cainte
time to be talking
Theastaigh uaim 'Go raibh míle maith agat' agus 'Bliain Nua Mhaith daoibh agus go mb'fhearr a bheas sibh i gceann bliana' agus go leor eile a rá, ach mhothaigh mé nach mba
thráth cainte é.
gur deacair é a sharú
that it is difficult to do better
Is éard a rinne gach duine den cheathrar bainisteoirí atá luaite san alt seo ná an leibhéal traenála a ardú agus a chur ar phlána chomh hard
gur deacair é a sharú.
Bois cois
'The palm is like the sole'. Used to indicate similarity in looks or behaviour, usually within a family
"
Bois cois," arsa sise léi féin agus í ag tarraingt ar dhoras an tseomra.
B'amaideach a mhaíomh
it would be foolish to claim
B'amaideach a mhaíomh, áfach, go n-íosfadh Sinn Féin Fianna Fáil don bhricfeasta - tá 81 suíochán Dála ag páirtí Bertie i gcomparáid leis na cúig cinn atá ag Sinn Féin.
Bhraith mé gur chúis náire é
I felt it was a reason to be ashamed
Bhraith mé gur chúis náire é a bheith dhá bhomaite mall ag casadh le Pádraigín Ní Uallacháin.
is ciontaí
that is to blame
"Is é easpa muiníne agus díobháil féiniúlachta
is ciontaí leis an ailtireacht chranda," a dúirt sé.
ag briseadh na gcos ina dhiaidh a bhí siad
they were falling over each other to get him
Leoga nach
ag briseadh na gcos ina dhiaidh a bhí siad.
Shlog Jemma an focal a bhí ar bharr a teanga
Jemma bit her tongue (didn't say what she was about to say)
Shlog Jemma an focal a bhí ar bharr a teanga agus rinne sí iarracht cur in iúl di féin gurbh fhearr an troid ná an t-uaigneas.
réidh le heisiúint
ready to be issued
Oll-liosta de théarmaí ilghnéitheacha atá beagnach
réidh le heisiúint ar an suíomh gréasáin, (www.
agus a bheith réidh leis
and to be done with it
Bheadh sé chomh maith againn ár gcuid tithe agus tailte a bhronnadh orthu
agus a bheith réidh leis.
a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas
who used to be involved in paramilitary activity
"Ní thugann muidinne aitheantas do dhream ar bith paramíliteach," a deir sé, "ach caitheann muid a aithint, má tá muid le bheith ag obair le grúpaí ónár bpobal féin agus le grúpaí ón phobal poblachtánach, go gcaithfidh muid a bheith sásta obair a dhéanamh le daoine
a mbíodh baint acu leis an pharamíliteachas.
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo
that victory was coming to these people
) Bhuel, ag fáil léargais dó ar an dóigh a raibh an freasúra neamhdhlíthiúil sa Pholainn ag obair, ag foilsiú leabhartha, ag cruthú sochaí dhaonlathach beag beann ar an chóras oifigiúil, ba é an tátal a bhain sé as an scéal ná "
go raibh an bhuaidh daite do na daoine seo".
Ba dhoiligh é a shamhlú
it would be difficult to imagine
Ba dhoiligh é a shamhlú cúpla bliain ó shin ach an mhí seo caite, 13 Lúnasa, bhuail Ardmhéara Sinn Féineach Bhéal Feirste, Alex Maskey, leis an Ulster Political Research Group, grúpa atá ceangailte leis an UDA.
ábhar dóchais
reason to be optimistic
An
ábhar dóchais é seo, nó an bhfuil na páirtithe a bhfuil baint acu le paramílitigh ag iarraidh cumhacht a roinnt ina gceantracha féin? An féidir leis an dá dhream "fuascailt mhíleata" a oibriú amach eatarthu féin, socrú a chuirfeadh in iúl don dá dhream paramíliteach go bhfuil an bhua acu, mar a rinne Comhaontú Aoine an Chéasta iarracht a dheanamh i saol na polaitíochta?
Is comharba é an Ulster Political Research Group ar bhuail Alex Maskey leo ar an ghrúpa a d'fhoilsigh cáipéis dar teideal "Common Sense" i 1978.
caithfear a admháil
it has to be admitted
Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach
caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
a chraoltaí
which used to be broadcast
Bhí Tadhg ag obair ar chlár teilifíse darbh ainm "Cúrsaí Ealaíne",
a chraoltaí ar RTÉ, agus chuir sé agallamh ar Pheadar faoina dhlúthdhiosca nua.
ba léir dom
it was clear to me
ba léir dom freisin gurbh éigean dom an teanga sin a bheith agam chun cultúir na tíre a thuiscint go hiomlán.
léiríodh dom
it was shown to me
Ba é an rud ba thábhachtaí ná gur
léiríodh dom nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná leathmharbh ach beo bríomhar agus í á labhairt i measc na bpáistí óga.
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh
He who is reported to be dead will live to a great age
Go bhfaighe siad seacht míle deis!
Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin:
Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.
á lua leis féin
being mentioned to himself
Deir de Róiste gur cuimhin leis an t-ainm
á lua leis féin go minic freisin.
B'fhusa Trimble a thuigbheáil
it would be easier to understand Trimble
Loighciúil?
B'fhusa Trimble a thuigbheáil da mbeadh sé cothrom ina bharúlacha.
ba bheaichte a rá
it would be exact to say
Tá na céadta buama píopa caite ar thithe na haicme oibre, nó an aicme *dole *
ba bheaichte a rá, b'fhéidir, lá i ndiaidh lae.
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú
that all the photos taken on that day couldn't be depended upon to prove the truth
Chruthaigh an taithí sin, dar leis,
nach bhféadfaí brath ar na grianghrafanna uilig a tógadh ar an lá chun an fhírinne a chruthú.
Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior
he was a natural musician to the core
Ceoltóir nádúrtha a bhí ann go smior.
ghlaoití
we used to be called
"Muide a tháinig as ceantar an Spidéil isteach go Gaillimh ag an am sin,
ghlaoití *rednecks *orainn, agus ainmneacha mar sin.
bhídís á gcanadh
they used to be sung
Agus na hamhráin a tháinig ón áit sin
bhídís á gcanadh i gCúil Aodha agus bhí daoine i gCúil Aodha leis a chumadh amhráin, mar sin de bhí an traidisiún dátheangach ann.
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo
to ensure that these conditions are fulfilled
Ach bhí air a admháil nach ndéantar aon saghas scrúdú
lena chinntiú go gcomhlíontar na téarmaí seo.
is deacair a shamhlú
it is difficult to imagine
Má fheiceann siad eitleáin de chuid aerfhórsa Mheiriceá ag tuirlingt in Éirinn ar a mbealach chun na hIaráice leis an tír sin a bhuamáil nó má chloiseann siad Aire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann ag rá gurb í An Iaráic féin seachas na smachtbhannaí is cúis leis na scórtha míle páiste bheith ag fáil bháis,
is deacair a shamhlú go mbeidh an fonn céanna orthu earraí Éireannacha a cheannach.
le leasú
to be amended
Tá rialachán Eorpach dar teideal "Teilifís Gan Teorainn"
le leasú uaidh seo go 2004 agus is ar an réiteach don leasú seo is mó a bhfuil aird na bhfógróirí dírithe.
le hais mar a bhídís
compared to how they used to be
Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin
le hais mar a bhídís.
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile
she was barely able to put one foot in front of the other (i.e. she was walking with difficulty)
"
Ní raibh Gerry ina shuí i gceart nuair is seo anuas an staighre Aoife,
ann ach go raibh sí ag cur cos amháin roimhe an cheann eile.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh
who is not afraid to strike up a song
Is fear deas éirimiúil é féin
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
a raibh mé ag dréim leis
that I was looking forward to
"Agus ag deireadh na bliana 2002 tharla an rud
a raibh mé ag dréim leis ón am a chuala mé an chéad chogar faoi: Crochadh An Adhairc i mBaile Átha Cliath.
in aimn is a bheith
supposed to be
Níor fhan sé ach cúpla uair an chloig i gcathair Coruña, áit ar éist sé le tuairimí ó dhaoine atá
in aimn is a bheith ina saineolaithe ar thubaistí den chinéal seo.
níltear sásta tabhairt faoi na fadhbanna móra
there is an unwillingness to face the big problems
Pé cad is brí leis na focail sin, ní dócha go gcuirfidh siad an Ghearmáin ar an mbealach ceart mar
níltear sásta tabhairt faoi na fadhbanna móra.
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh
who is not afraid to strike up a song
Is fear deas éirimiúil é féin
nach bhfuil faitíos air amhrán a chrochadh ar son na cúise.
a raibh mé ag dréim leis
that I was looking forward to
"Agus ag deireadh na bliana 2002 tharla an rud
a raibh mé ag dréim leis ón am a chuala mé an chéad chogar faoi: Crochadh An Adhairc i mBaile Átha Cliath.
agus ba ghnách
as he used to be
Le dul in aois Ian Paisley, níl sé le feiceáil nó le cluinstin oiread
agus ba ghnách.
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt
which is supposed to offer respite
Chíonn siad sin atá bainteach leis an chlár seo an íoróin atá ag baint leis an dóigh a bhfuil
áit atá in ainm is faoiseamh a thabhairt ón sceimhlitheoireacht faoi bhagairt anois í féin ag foréigean den chineál céanna.
Caithfear a adhmáil
it has to be admitted
Caithfear a adhmáil nach raibh mórán measa ag muintir Ghalicia ar a dteanga féin, go háirithe roimh na hochtóidí.
Níorbh fholáir dom ligint orm gur pháiste mé
I had to pretend that I was a child
Níorbh fholáir dom ligint orm gur pháiste mé a raibh cead aici botúin a dhéanamh chun brú ar aghaidh.
le meon na ndaoine a thuiscint
to understand the way the people are thinking
Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin
le meon na ndaoine a thuiscint.
le sárú
to be overcome
Fadhbanna eile
=======
Ar ndóigh tá fadhbanna eile
le sárú freisin - caithfear a chinntiú go bhfuil margadh ann do na hearraí atá á soláthar agus gur féidir leis na hearraí sin na tomhaltóirí a shroicheadh tríd an gcóras iompair.
le ceangal
fit to be tied, mad
An dtiocfadh leat a dhéanamh anois?"
Cé go raibh Aisling
le ceangal ní dhearn sí ach a ceann a chroitheadh.
le clos
to be heard
Bhí sé
le clos le déanaí ar *Morning Ireland *agus ar chlár raidió Marian Finnucane ar RTÉ ag cosaint a dhuine muinteartha Páidí Ó Sé, traenálaí fhoireann chaide Chiarraí.
siocar nach bhfuil sí le cluinstin thart orthu
because it is not to be heard around them
Easpa deiseanna
=======
Tá triúr páistí agam féin agus an rud a chuireann as go mór dom ná nach bhfuil deis ar bith acu an Ghaeilge a úsáid go rialta agus go bhfuil leisce orthu í a labhairt
siocar nach bhfuil sí le cluinstin thart orthu.
a chuirtí ar an ardán
that used to be staged
"Bhal, bhí duine amháin acu cineál aerach agus bhí dúil mhór ag an duine eile sna drámaí
a chuirtí ar an ardán do na cuairteoirí Meiriceánacha.
féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainne
to see if the fish are taking the bait in the pool of milk
*
Gluais • Glossary
sprioctarget
ní túisce anseo thúno sooner are you here
iontach slachtmharvery tidy
beathalife
mórphearsa ficsingreat fictional character
dílleachtaorphan
sa tsraithin the series
uaighgrave
an oiread is siolla amháin dá shaotharnot even a syllable of his work
oilithreachtpilgrimage
clúiteachrenowned
a mhaíomhto boast
iarsmalannmuseum
tairgtear camchuairteannatours are offered
bantreoraífemale guide
díomhaoinidle
ag blaiseadh den saolgetting a taste of the life
troscánfurniture
sprúillí mionsonraíochaminor fragments
col ceathrachacousins
ní chónaíodh Montgomery féin ann riamhMontgomery himself never used to live in it
adhlacthaburied
i do chomhchuairteoiríin your fellow-visitors
iad a rangúto categorise them
SeapánaighJapanese
díograiseachenthusiastic
searmanasceremony
a fhiafraí deto ask
dúilliking
luachannavalues
chomh patuar intias apathetic towards her
smidword, syllable
carrchlóscarpark
mionsamhailminiature
éalúescape
proinntitherestaurants
camchuairt oidhreachtaheritage tour
baiste asnamed after
a cuid pearsanher characters
bunchlochfoundation-stone
straitéis mhargaíochtamarketing strategy
uimhirphlátaínumber plates
gléastadressed
príomhsheómain show
Oileánaighisland-people
mórtasach asproud of
dúchasachnative
mangairísellers
ollúna mórluachachaself-important professors
tionscalindustry
débhríochambiguous
bréan den ealaín ar fadsick of the whole carry-on
tuairiscítearit is reported
frith-Anneanti-Anne
Is stáitsíodh an t-ilsiamsa AnnekensteinAnd the variety show Annekenstein was staged
fonóidmockery
d'íomhá fholláin Anneof Anne's clean image
casadhtwist
is barrúlafunniest
cúiseamhaccusation
leispiachaslesbianism
(chuir sí(she
nuair a d'áitighwhen she argued
comhdháilconference
leispiachas folaithehidden lesbianism
cairdeasfriendship
cumann leispiach nár cuireadh i gcríchunfulfilled lesbian love
oirirceminent
flúirse tagairtílots of references
homa-anghráchhomo-erotic
traidisiúnaithetraditionalists
ábhar a stoitheadhto take material
comhthéacscontext
náireachshameful
scannalachscandalous
nach bhfuil bun nó barr leiswhich has no basis
i dtólamhalways
treoraí ar leitha separate guide
na sluaite leispiachathe crowds of lesbians
díoltas DéGod's revenge
mallaithedamned
go mear ocrachquickly and hungrily
páirc mhór siamsaíochtaa big amusement park
tithe itheacháineating houses
tuirlingtto alight
ar an drochuairunfortunately
níl tásc nó tuairisc arthere is no sign of
ag foghlúplundering
ag creachlooting
fáilteachwelcoming
go gealgháireachcheerfully
le teann diabhlaíochtaout of devilment
sé glúinesix generations
dubh le turasóirípacked with tourists
cárgrimace
níos féile ó thaobh síntiúis láimhe demore generous when it comes to tips
oineachhonour
freastalaíwaitress
babhla seabhdairbowl of chowder
ciseán bonnóg is craicéira basket of scones and crackers
féachaint an bhfuil aiste ar an iasc sa linn bhainneto see if the fish are taking the bait in the pool of milk
diúilicínímussels
breallachclam
portáncrab
gliomachlobster
trosccod
róshrónachtoo nosey
meascthamixed
glasraívegetables
diúgann tú an t-anraithyou drain the soup
an braonán blasta deiridhthe last tasty droplet
go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne
they used to be lashing the ball against it
Scéal amháin greannmhar a bhí ag Billí Riocaird ina dhírbheathaisnéis, *No Hurling at the Dairy Door*, ná go mbíodh a mháthair de shíor ag fógairt orthu gan a bheith ag iomáint i gcoinne dhoras chró na mbó mar
go mbídís ag lascadh an tsliotair ina choinne gach seans a d'fhaighdís.
bhínn ag cleachtadh
I used to be practising
Ag an am
bhínn ag cleachtadh mo chuid Gaeilge le cara meánscoile de mo chuid as an Róimh ach thit sé i ngrá leis an mhúinteoir agus phós siad tar éis sé mhí, rud a chuir deireadh leis na ranganna! Níorbh fhéidir liom múinteoir eile a fháil ar chor ar bith, mar sin bhí mé sé bliana gan Gaeilge ar bith.
a bhí in ainm is a chinntiú
that was supposed to ensure
Cuireadh milleán ar an APRA chomh maith, an eagraíocht
a bhí in ainm is a chinntiú go raibh comhlachtaí árachais ag dul i mbun gnó mar ba chóir.
Ní call dó sin ach drantú leis na ceardchumainn
all he has to do is snarl at the unions
Ní call dó sin ach drantú leis na ceardchumainn agus "Léimigí, a bhastairdí" a bhéiceadh leo.
atá ag iarraidh a láthair a cheilt
which is trying to hide its location
Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin
atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
sin mar is gá dó a bheith
that's how it needs to be
Sin mar is fearr é agus
sin mar is gá dó a bheith.
le clos
to be heard
Tá guth na cathrach
le clos ar TG4 agus táimid, dar liom, tar éis pobal Gaeilge níos dlúithe a chruthú i mBaile Átha Cliath.
le cluinstin
to be heard
Agus tú ag tarraingt ar an ionad, bíonn ceol na n-éan
le cluinstin agus fuaim inneall ag baint an fhéir.
go gcaithfí an chos a ghearradh
that the leg would have to be cut
B'ansin a chuimhnigh sé nár fhreagair na dochtúirí an cheist ar chor ar bith agus bhí ar tí a bhéal a oscailt nuair a chuala duine acu ag rá
go gcaithfí an chos a ghearradh láithreach.
ba dheise don fhuinneog
(that was) nearest to the window
Bheir sí ar ghrafóg agus thug sí iarraidh ar an chuid den gharraí
ba dheise don fhuinneog.
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti
she didn't seem to be at all bothered/shocked by the company of a person
Bhí an spideog i gcónaí cineál dána agus
ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti.
le cluinstin de shíor
always to be heard
Anuas ar an ghleo agus ar an ghlór seo tá gliogarnach mhangairí an bhaile
le cluinstin de shíor.
le mothú
to be felt
Tá tionchar na hEaglaise Caitlicí
le mothú agus le feiceáil go mór sa bhaile.
le sárú
to be overcome
Nuair a bhuail mé le hAllen i lár na míosa seo caite in oifigí breátha an RPA ar Bhóthar Conyngham in iarthar na cathrach, bhí sé go mór ar a shuaimhneas agus an-dearfach faoin tionscadal, in ainneoin na ndeacrachtaí a bhí agus atá
le sárú aige féin agus ag an eagraíocht atá faoina stiúir.
bhíodh
there used to be
Is amhránaí an-mhaith í mo mháthair Caitlín Ní Bheaglaoich agus seinneann mo dhaid an bosca ceoil, mar sin
bhíodh ceol Gaelach sa tigh i gcónaí.