Bhí an dá thaobh den Fheabhal, an abhainn fhairsing álainn, a shníonn a bealach go réidh trí chroílár chathair Dhoire, dubh le daoine idir Chéad-Airí
Tionóil, an Taoiseach, duaiseoir Nobel, maithe móra Choimisiún na hEorpa agus slua ollmhór de mhuintir ghealgháireach na cathrach, iad uilig i láthair ag oscailt oifigiúil an droichid coisithe nua, a bhfuil an t-ainm Droichead na Síochana tugtha ag an phobal air.