Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bealach an gharraí thrown out
" Nuair a cuireadh a raibh aois cait aige bealach an gharraí thosaigh an glanadh.
Díbríodh as an eagraíocht iad there were thrown out of the organisation
" Díbríodh as an eagraíocht iad agus bhain siad ballraíocht amach san ord oráisteach neamhspleách.
i mbaol díbeartha in danger of getting thrown out
" Go deimhin, bheadh Corr na Móna – an ceantar ina bhfuil cónaí ar an Aire Ó Cuív – i mbaol díbeartha fosta.
dá ndíbreofaí na ceantair laga if the weak areas were thrown out
" Ná cuirimis dallamullóg orainn féin go mbeadh níos mó acmhainní ar fáil do na ceantair láidre dá ndíbreofaí na ceantair laga.
chaith an breitheamh an chúis sin amach the judge threw out the charge
" Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin! Scairt ó na póilíní Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i *Labour and Ireland*, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh.
go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord that they would be thrown out of the Order
" D’admhaigh Ard-Mháistir an Oird i Sasana, Ron Bather, atá ina chónaí i Learpholl, ar ndóigh, go raibh aithne phearsanta aige ar Roy Barwise agus John Irwin agus nach raibh sé cinnte go ndéanfaí iad a dhíbirt as an Ord.
sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil. that a doctor's son or a dentist's son or a lawyer's son would be thrown out of the school.
" Ní minic a tharlódh sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil.
teilgeann an printéir the printer throws out
" Gach deich nóiméad nó mar sin, teilgeann an printéir calóga móra bána amach.
caite as mo cheann thrown out of my head
" D'inis mé dó go raibh sin fíor, ach scéal brónach a bhí ann agus, mar gheall air sin, bhí sé caite as mo cheann agam le blianta.
ar neamhní thrown out, dropped
" Cuireadh an cás i leith Rosen agus Weissman ar neamhní i mBealtaine na bliana seo, tar éis brú ón Teach Bán, is cosúil.
chaitheamh i dtraipisí thrown out
" D’aon scríob amháin, tá molta ag an abairt seo na blianta de chleachtais fhadbhunaithe Gaeltachta mar aon le struchtúr riaradh na Gaeilge a chaitheamh i dtraipisí.
caitheadh i dtraipéisí was thrown out
" Ba shin an chéad mholadh i leith na teanga mar sin a caitheadh i dtraipéisí.
chartadh dramhaíola throwing out rubbish
" Más tuar dóchais é an t-athrú seo, is léir go bhfuil slí fhada le taisteal ag an gcine daonna fós ó thaobh chartadh dramhaíola de.
i ndiaidh dom a bheith caite amach after I had been thrown out
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
chartadh as to throw out
" Más cuimhin leat m'alt faoin ábhar seo an t-earrach seo caite, is cuimhin leat mé ag rá go raibh buíon amháin ag baint tairbhe as an tobthitim seo - lucht an *Tea Party*, gluaiseacht den eite dheis a raibh sé mar aidhm acu na Daonlathaigh a chartadh as oifig, an bille shláinte a aisghairm, agus rialtas Mheiriceá a thabhairt ar ais don lucht gnó.
caitheadh amach were thrown out
" Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
caitheadh amach were thrown out
" Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
cartadh as thrown out
" De réir Arm na nIosraelach a mharaíonn daoine le ladrainn i nGaza, is iad muintir Ghaza an lucht sceimhle nuair nach bhfuil iontu ach seanbhunadh na tíre a cartadh as a dtithe agus as a dtailte féin agus a sáinníodh isteach ar mhullach a chéile, 1,657,155 duine i gceantar atá níos lú ná leath de Chontae Lú.
An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach being thrown out as against being pleaded to come in
" An Cartadh Amach le hAis an Impí Isteach ================= Níl mé ag rá nach raibh deacrachtaí riamh ag an Oireachtas.
i ndiaidh a bheith caite amach as has been thrown out
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
go gcaithfí ise amach that she’d be throw out
" Dúirt sí gur thaitin an saol san Áras go mór léi, ach mura mbeadh an leipreachán ann go gcaithfí ise amach.
Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta another myth regularly thrown out
" Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta ná an tairbhe a bhíonn ag an fheirm gaoithe do mhuintir na háite.
caitheadh ar shiúl cuid mhór acu many of them were thrown out
" I ndiaidh an Reifirméisin sa 16ú haois d’éirigh daoine éiginnte faoi fhíordheimhneacht na dtaisí agus caitheadh ar shiúl cuid mhór acu.
caitheadh amach as were thrown out of
" Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach that cuckoo threw the English out
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.
cartadh as tithe is as a dtailte thrown out of their houses and lands
" Is dream iad na Palaistínigh nach raibh lámh acu i ndrochobair an Dara Cogadh Domhanda, ach cartadh as tithe is as a dtailte, tá siad sáinnithe anois in iamhchríocha agus bantustána ina dtír féin agus níl á gcosaint anois ar an scrios/blitzkrieg ina dtimpeall, ach tolláin.
cartadh amach throw out
" Tá iarsmaí an choilíneachais le cartadh amach as Bunreacht na hAstráile go fóill agus tá Bearnaí Ó Doibhlin ag faire ar an réiteach go léir atá ar bun chuige sin.
a chartadh de leataobh ar fad throwing it out entirely
" Tá Colm Mac Séalaigh in amhras faoin riail a chartadh de leataobh ar fad.