Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
rathúil thriving
" Ansin pléadh inimircigh a tháinig níos moille, mar na Giúdaigh - bhí pobal rathúil acu ag tús an 20ú haois, ach níl ach 200 duine ann anois.
bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise Welsh rock music was thriving
" Nuair a bhí sé ina dhéagóir sna 1970í, bhí borradh mór faoin rac-cheol Breatnaise, agus bhí leithéidí Barry Llewellyn agus Huw Jones i mbéal an phobail.
Murab é an seicteachas atá faoi bhláth if it isn't sectarianism that is thriving
" " Fir óga ======= Murab é an seicteachas atá faoi bhláth in Albain, céard atá ag tarlú, mar sin? Rud éigin eile ar fad, dar leis an Ollamh Steve Bruce, ó Ollscoil Obar Dheadhain: "Níl fadhb an tseicteachais ag Albain.
Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge Irish was really thriving
" Bhí an-bhorradh faoi chúrsaí Gaeilge sa Bhruiséil nuair a bhí Gearóid Ó Cléirigh, file, mar Ambasadóir na hÉireann sa Bheilg i lár na nóchaidí.
faoi bhláth thriving
" Tar éis uair a chaitheamh i gcomhrá le Bríd tuigim cén fáth go bhfuil Abú Media faoi bhláth.
ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach Gaelic football won't thrive
" Dáiríre, go dtí go mbíonn sé soiléir go n-íocfaidh imreoirí praghas daor as calaois "ghairmiúil" nó "chiniciúil", ní bheidh rath ar an bpeil Ghaelach.
tháinig rath ar an oileán the island thrived
" Ansin sna meánaoiseanna, tháinig rath ar an oileán faoi choimirce Thiarnaí na nÓileán, a rinne suíomh ollmhór oilithreachta de.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath. the Dublin team is thriving.
" Tá Ger Ó Lachtnáin i mbun na Gaillimhe agus tá borradh faoi fhoireann Átha Cliath.
tháinig rath ar an sráidbhaile the village thrived
" Ansin tháinig rath ar an sráidbhaile agus d’éirigh sé rachmasach, go háirithe i ndiaidh don iarnród dul ansin in 1885.
áit rathúil a thriving place
" Ní ceantar garbh, bocht é Croxteth Park - áit rathúil is ea é, lán de thithe scoite agus leathscoite.
faoi bhláth thriving
" Is léir don saol mór is don domhan donn go bhfuil an cultúr gaelach go mór faoi bhláth in Éirinn faoi láthair, go bhfuil spreacadh úr éigin ann.
salann aige what he thrives on
" Scéalta beaga pearsanta, sin iad an salann aige.
faoi bhláth thriving
" Leis sin, bhí deireadh leis an tionscal clódóireachta a bhí faoi bhláth ann leis na céadta bliain roimhe sin.
Seansaol Bisiúil an old thriving lifestyle
" Seansaol Bisiúil ======= Shroich mé ceann scríbe gan mórán stró, mé féin, beirt sagart a raibh an éide dhubh orthu agus féasóg go himleacán, mo sheanduine meidhreach nár bhain de a hata ar feadh an aistir, agus bean a dúirt liom go bhfuil deartháir aici ina dochtúir sa nGearmáin.
beo beathach living and thriving
" ’* Tá an dinnseanchas beo beathach sa lá atá inniu ann agus tá an cinneadh ar atógail Bheairice Girdwood i dtuaisceart Bhéal Feirste ar maos leis na téamaí atá luaite ag Ní Dhomhnaill.
beo beathach vibrant and thriving
" Maíonn sé go raibh an cultúr Gaelach beo beathach i measc na luathchoilíneach seo, ach níor tháinig sé ar aon alt, iris nó ar leabhar Gaeilge a foilsíodh i luathbhlianta an stáit ina thaighde.
tionscal an ghloine faoi bhláth the glass industry was thriving
" Ba léir gur bhaile rachmasach a bhí i Liège os cionn céad bliain ó shin nuair a bhí tionscal an ghloine faoi bhláth, agus abhainn mhór an Meuse breac le báid faoi ualach ar na huiscí idir Rotterdam agus Páras.
agus faoi bhláth and thriving
" Tá síol na tuisceana áirithe seo préamhaithe go doimhin agus faoi bhláth i measc an phobail anois sa tslí is gur féidir linn a rá go bhfuil lus na seirce tugtha chun cineáil go héiritheach ag rachmasóirí na cruinne.
beo beathach alive and thriving
" Bhí an Ghaeilge beo beathach ar achan taobh de, cé gur thóg sé tamall air an Ghaeilge a aithint mar theanga a shinsear.
faoi bhláth atá an CLG the GAA is thriving
" Gné an Spóirt go Láidir ========== Más faoi léigear atá an cultúr Éireannach i gcoitinne, tá chuile chosúlacht ar an scéal gur faoi bhláth atá an CLG, agus cúrsaí ag dul ó neart go neart ann.
beo beathach living and thriving
" Meastar gur de chúlra Iodálach a shíolraigh 24 milliún Airgintíneach, 60% den daonra agus tá Gearmanaigh, Spáinnigh, muintir na Siria, Seapánaigh, beo beathach sa tir, chomh maith le bundúchasaigh na hAirgintine agus imircigh ón Bholáiv agus as Paragua.
beo beathaíoch alive and thriving
" In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill.
i mbláth agus i mbeatha blooming and thriving
" Riamh ó foilsíodh Beo! den chéad uair i mí na Bealtaine 2001, is i mbláth agus i mbeatha a bhí sé ag dul de bharr éifeacht ár ndearthóra, Michal Boleslav Měchura, agus cumas ár n-eagarthóirí, Éamonn Ó Dónaill, Caoimhe Ní Laighin agus Seosamh Mac Muirí.