Chaitheamar oíche ag campáil i bPáirc Náisiúnta Suswe agus ní raibh fál ar bith idir muid féin agus pé rud a bhí ag siúl timpeall! Bhraith
mo phuball an-bheag agus an-lag an oíche sin nuair a chuala mé eilifint ag siúl cois abhann!**An iomarca ama ag tiomáint**
Nuair a smaoiním siar ar an Namaib anois, braithim go ndearnamar go leor leor rudaí, ach nár éirigh linn léargas ceart a fháil ar an tír nó ar a muintir, toisc gur chaitheamar an méid sin ama ag tiomáint idir áiteanna éagsúla.