Cuireann sé argóintí na teanga Gaeilge os ár gcomhair agus cé go dtuigimid go léir na constaicí agus na buanna ar fad a bhaineann le labhairt na Gaeilge sa tír seo, pé sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht atáimid, agus cé go bhfuil cainteoirí Gaeilge ag snámh in aghaidh an easa don mhórchuid, cé go bhfuil sé sin ar fad ar eolas againn, tá rud éigin úrnua agus scléipeach, liriciúil, spreagúil,
teann agus drámatúil cruthaithe ag Magan.