Ach thar thréimhsí fada, lagaíonn na matáin agus ní bhíonn an chosaint chéanna ar fáil - sin an fáth go mbíonn ceoltóirí rac nó daoine a bhíonn ag obair le fothram ard, ar feadh sealanna fada ama, bodhar! Cad a dúirt tú?
Foghlaim na Fuaime
=========
Tá an chochla (= an Laidin ar ‘seilmide’ mar gheall ar a cruth) lonnaithe go domhain sa bhlaosc, sa chnámh is dlúithe sa cholainn ar fad - cnámh na
huisinne - cnámh a dhéanann córas casta na cochla a chosaint.