An mbeadh sé i bhfách le hAct Gaeilge don Tuaisceart, cuirim i gcás? An dtabharfadh sé tacaíocht do Geraldine Finucane agus í ag iarraidh fiosruchán poiblí faoi dhúnmharú a fir chéile, Pat? Cad é an dúnghaois náisiúnach-chairdiúil a dtiocfadh leis a thabhairt isteach
nach dtiocfadh salach ar aontachtaithe Fhear Manach, an dream is mó tionchar sa pháirtí?
Cinnte, beidh rath ar an fhear úr ag an tús, mí na meala, ach go fóill, ní heol dúinn cén cineál dúnghaoise a leanfaidh Nesbitt.