Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ildánaigh multi-talented
" Is é seo an chéad uair atá bailiúchán substaintiúil de shaothar an ealaíontóra ildánaigh Rebecca Horn le feiceáil sa tír seo.
tréitheach talented, gifted
" Tá siad múnlaithe ar inneoin chrua na staire agus tá siad tréitheach, cumasach ar páirc nó ar pár: Tomás Ó Criomhtainn, Piaras Feirtéar, Pádraig Ó Fiannachta, Eibhlín Ní Mhurchú, Maidhc Dainín Ó Sé, Páidí Ó Sé, Tom Crean, Jerome O'Connor, Seosamh Ó Dálaigh, Paddy Bán Ó Brosnacháin, Peig Sayers, Diarmuid Ó Duibhne.
éirimiúla talented, intelligent
" Caithfear daoine fuinniúla, éirimiúla a aimsiú agus oiliúint a chur orthu sa dóigh is go mbeidh siad ábalta tabhairt faoin obair seo.
ildánach versatile, multi-talented
" Fear ildánach ======= Tá aithne fhorleathan ar Dinny mar fhidléir go príomha ach is fear ildánach é ar go leor bealaí.
ildánach versatile, multi-talented
" Ealaíontóir ildánach atá in Iglesia, a bhaineann úsáid as an dealbhóireacht, an ailtireacht, an drámaíocht, físeáin, an ghrianghrafadóireacht agus suiteálacha.
agus is tallanaí and most talented
" Maítear go bhfuil pragmatachas ag baint leis an chuid is óige (agus is tallanaí) taobh istigh den DUP.
ildánach versatile, multi-talented
" Is minic a bhaintear mí-úsáid as an aidiacht "ildánach" nuair a bhítear ag cur síos ar dhaoine a bhfuil níos mó ná bua amháin acu, ach tá sé cinnte ormsa focal níos oiriúnaí a fháil le cur síos a dhéanamh ar Thadhg Mac Dhonnagáin.
ildánach multi-talented
" Cuireadh foireann mhór ildánach le chéile mar chuid den tionscnamh ollmhór seo ina raibh breis is dhá chéad file, ealaíontóir súl agus peannaire as an dá thír.
ildánach multi-talented
" B’fhear ildánach é Ferguson – meicneoir, innealtóir, eitleoir agus fear gnó.
ildánach multi-talented
" Is cinnte go mbaintear barraíocht úsáide as an fhocal “ildánach” ach is focal é atá deacair a sheachaint i gcás Nikki Ragsdale: amhránaí sean-nóis, ceoltóir, dearthóir grafach agus léitheoir lámh.
i gcás an fhir thréithigh seo in the case of this talented man
" Ní mar sin a bhí sé i gcónaí i gcás an fhir thréithigh seo as Brí Chualainn – i ndiaidh dó an scoil a fhágáil i lár na nóchaidí agus cúrsa iar-Ardteistiméireachta déanta aige, bhí sé ag súil go mbeadh sé ábalta leanúint lena chuid staidéir i gceann de na coláistí ealaíne sa phríomhchathair.
go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann. that he will be a talented sean-nós dancer
" Caithfidh duine a bheith tumtha sa traidisiún seo sa dóigh is go mbeidh bunbhrí nó eisint an traidisiúin ina fhéitheacha, nó sa dóigh is go mbeidh féith an damhsa ar an sean-nós ann.
a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith. who is also musically talented
" Ba ar bheagán airgid a rinneadh an ceoldhráma seo, arb iad na príomhcharachtair ann ná ceoltóir sráide (Hansard) agus inimirceach Seiceach (Irglova) a bhfuil féith an cheoil inti chomh maith.
bhleachtaire ildánach versatile, mult-talented, detective
" Ní haon ionadh é go raibh an leabhar seo le feiceáil ar an ngearrliosta do Ghradam Réics Carló 2007, duais an Oireachtais a ainmníodh in ómós don bhleachtaire ildánach agus uileláithreach a chruthaigh Cathal Ó Sándair.
Má tá féith an rince ionat if you are a talented dancer
"Má tá féith an rince ionat cheana féin – agus suim agat tabhairt faoi obair dheonach atá fiúntach agus spraíúil – eagraítear cúrsaí traenála agus scrúduithe do dhaoine ar spéis leo cáilíocht a bhaint amach i dteagasc an rince céilí.
éirimiúla talented
" “Daoine éirimiúla le taithí fairsing,” a d’fhreagair an rialtas.
an-éirimiúil talented
" Duine a bhí ann a d’fhoghlaim óna chuid earráidí agus bhí sé an-éirimiúil.
éirimiúil talented
" Anois, in uair na cinniúna, nuair atá ceannairí d’ardchaighdeán de dhíth, daoine atá cumasach, ionraic, éirimiúil, agus misniúil, níl againn ach an mheasarthacht.
a scríbhneoirí scripte ardchumais his highly talented scriptwriters
" ” B’fhéidir gur féidir le hUachtarán SAM muinín a bheith aige as na briathra míne a chumann a scríbhneoirí scripte ardchumais dó.
daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach talented people caught in boring jobs
" Tá tagairtí go leor ann agus fiú, Máirtín Ó Direáin, faoin saol leadráin a bhí ag daoine, daoine éirimiúla gafa le hobair leadránach.
ildánach versatile, multi-talented
" Is minic a bhaintear mí-úsáid as an fhocal "ildánach" ach bheadh sé oiriúnach go maith mar fhocal le cur síos a dhéanamh ar Cholm Ó Snodaigh, an ceoltóir ón ghrúpa Kíla.
le heolaí ildánach to a multi-talented scientist
" Labhair Eithne Ní Ghallchobhair le heolaí ildánach ó Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa, an Dr.