déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.academics take it for granted.
Leis an bhfírinne a rá, níor chuir dearcadh an fhir ró-iontas orm nó bhí a leithéid de bharúil cloiste agam go mion minic roimhe sin; go deimhin déantar talamh slán de i measc an aosa léinn.
is féidir talamh slán a dhéanamh deyou can bet on it
Ach ós rud é go bhfuil mionlaigh eitneacha dá gcuid féin ag na tíortha ábhalmhóra seo atá ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach gcuirfidh siad aon bhrú ar Bhurma oiread is orlach a ghéilleadh do na Carainn.
D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte 429 básanna go dtí tús mí Iúil, ach mhol siad ansin gur féidir talamh slán a dhéanamh de gur ulpóg na muc is siocair le haon chás ina bhfuil comharthaí ulpóige i gceist ó shin i leith.
Is iad an Iordáin agus an tSiria an dá thír atá bainte amach ag formhór na dteifeach agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach ard an caighdeán maireachtála atá ag na Mandaean seo anois ós rud é go bhfuil breis is milliún go leith Iarácach san iomlán dulta isteach sa dá thír sin ó 2003.
Más é seo an tslí inar caitheadh leo nuair ba mhó a ngátar, is féidir talamh slán a dhéanamh de nach maith an bhail a thugtar orthu agus riachtanais bheatha nach bhfuil chomh bunúsach le huisce á n-éileamh acu.
Ós rud é gurbh fhiú breis is 443 billiún dollar na seoltáin a cuireadh abhaile i 2008, is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil an cúlú geilleagair domhanda dulta i gcion ar imircigh timpeall na cruinne agus ar an méid airgid a thugann siad dá dteaghlaigh.
Áirítear go bhfuil tuairim is 200 milliún duine ag cur fúthu i dtíortha nach a dtíortha dúchais iad sa lá atá inniu ann agus is féidir talamh slán a dhéanamh de gur beag tír ar dhroim an domhain nach bhfuil an imirce seo dulta i gcion air.
Ach fiú má ghlacfar leis, is féidir talamh slán a dhéanamh de go gcloisfear trácht ar leithéidí Rita agus an dúshaothrú a imrítear orthu go ceann tamaill mhaith eile.
Tuirlingíonn Eorpaigh isteach in aerfoirt Mheiriceá gach lá ag déanamh talamh slán de go mbeidh traenacha agus busanna poiblí ag fanacht leo chun iad a thabhairt timpeall na tíre chomh tapaidh agus chomh saor le córais iompair na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá.
In eagarfhocal sa Washington Post i 2002, dúirt Kenneth Adelman, nuachoimeádach eile, gur féidir le Meiriceánaigh talamh slán a dhéanamh de gur ‘cakewalk’ a bheadh san ionradh ar Iaráic.
Is féidir talamh slán a dhéanamh deyou can rest assured
Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir.
Glac leis na rialacha seo a leanas ar mhaithe leis na rónta agus ar mhaithe leat féin!
- Ná bí ag snámh id’ aonar agus ná himigh le scaoll má thagann rón i do threo;
- Ná spreag iad chun teacht chugat i slí chairdiúil nó ar bhealach bagrach;
- Ná déan talamh slán d’iompar ‘cairdiúil’ an róin.
Ach chomh cinnte is atá mé go bhfuil deireadh leis an phlean mar a bhí, thig talamh slán a dhéanamh de fosta, nach n-éireodh éinne as a phost de bharr an phrácáis seo.
cé nach féidir talamh slán a dhéanamh dealthough one can’t take for granted
Is í rogha na coitiantachta don bhonn óir agus cé nach féidir talamh slán a dhéanamh de go mbuafaidh sí (ach oiread le hiomaitheoir ar bith eile), is féidir a rá go bhfuil na tréithe sin atá riachtanach chun an bua a fháil aici – an scil, an croí, an diongbháilteacht, an cur chuige, an teacht aniar, an taithí agus an fhéinmhuinín.
níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh deone couldn’t be certain
Mar sin, in ainneoin gurbh í Katie Nic an Táilliúra an dornálaí ban ab fhearr ar domhan dar le cách, níorbh fhéidir talamh slán a dhéanamh de gur aici a bheadh an bua sna cluichí Oilimpeacha.
an talamh a bhaint amach beo slánto reach the ground alive in one piece
Ní hé gur duine é nach bhfuil an eagla ann mar mhothúchán, mar chuir sé síos ar na smaointe a bhí ina cheann agus é ar tí léim na tairsí chaitheamh – “ní ar churiarrachtaí nó ar an teicneolaíocht a bhí mé ag smaoineamh”, a dúirt sé, “ach ar an talamh a bhaint amach beo slán”.
Freastal ceart ar an sprioc lucht léitheoireachta:**
Níor cheart don nuachtán úr talamh slán a dhéanamh de go mbeidh lucht léitheoireachta na teanga á léamh ar an bhonn go bhfuil sé saor in aisce agus gur i nGaeilge atá sé.