Glacaim leis gur crochadh fógraí “Slí na Rosann” le cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh le háilleacht na háite a bhlaiseadh ach b’fhearr iad a bhaint anuas arís go dtí go nglanfar an dramhaíl agus an bruscar as an mbealach.
Seanchaí a bhí inti agus chaith Máirtín Ó Cadhain seachtain ins an teach linn sna caogadaí agus ghlac sé síos cuid dena cuid scéalta ar téipeanna agus tháinig leabhar amach anuraidh, ‘Ó Cadhain i dTír Chonaill’.
Tá an Fear Dearg diabhalta sin ar shiúl ar ais go dtí an áit a dtáinig sé as; tá cac na réinfhianna glanta suas agus maisiúcháin na Nollag bainte anuas.
I ndráma eile, Glass House le Paul McMahon, feiceann muid Síneach eile agus í ag iarraidh ar fhear chrua na sráide in oirthear na cathrach an *Union Jack* a bhaint anuas cionn is go ndéanann sé trup sa ghaoth istoíche agus ní thig lena hiníon codladh mar gheall air.
Nach raibh a fhios aici, ‘dá mbainfí bratacha anuas, go mbeadh círéibeacha ann’, ar sé, ag admháil gurb é an foréigean an rud is túisce a tharlaíonn mura n-aontaíonn aontachtaithe le cinneadh éigin.