Bhíodh réimse uirlisí á chasadh aige agus nuair a bhíodh air athrú ó cheann go ceann, ba mhinic a thógadh sé ruball a chóta agus go ndéanadh sé damhsa beag i lár an stáitse.
Fir óga ab ea móramh an Rialtais sin, formhór acu a bhí fós míchompordach sna bónaí crua sciathánacha, gan trácht ar na cótaí eireaballacha foirmeálta a thóg áit anois na seantuiní uaine a chaitheadar le mórtas – éide Óglaigh na hÉireann, éide gharchogaithe na saoirse, éide Arm na Poblachta.