Shuigh sé féin agus an Graoisín síos le chéile agus d’oibrigh siad amach plean oibre a chuirfí i bhfeidhm dá bhfaigheadh Huck an jab mór – péindlithe le rith ina n-éadan siúd nach WASPS iad, céasadh ar an chros
a thabhairt isteach mar phionós ar chraiceann a bhualadh, toitíní a chaitheamh, alcól a ól nó a dhíol nó a cheannach, agus vótaí a chaitheamh ar son Daonlathach.